Tiocfaidh an Beithilín Beo chuig Faiche Stiabhna
- Foilsithe: 29 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Traidisiún láidir Nollag is geal le cách idir óg agus aosta is ea an Beithilín Beo. Beidh sé ar ais ar 8 Nollaig i suíomh nua lárnach i gcroí na hardchathrach. I mbliana, sa Teach Samhraidh i bhFaiche Stiabhna, beidh asal, dhá chaora agus gabhar mar chuid den radharc Nollaig a léiríonn scéal na Nollag mar a tharla sé i mBeithil breis agus dhá mhíle bliain ó shin.

Tar éis phlé le Cumann Feirmeoirí Éireann, tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí a fhógairt go bhfuil láthair nua aimsithe don Bheithilín ag ceann de na láithreacha oidhreachta is mó tarraingt agus is fusa rochtana i mBaile Átha Cliath. I measc gleo agus bús na cathrach is láthair shuaimhneach é Faiche Stiabhna le haghaidh na n-ainmhithe feirme agus le haghaidh teaghlaigh agus a bpáistí chun an Beithilín a fheiceáil aimsir na Nollag.
Baineann tábhacht ar leith le leas na n-ainmhithe agus réiteofar an Teach Samhraidh de réir Treoirlínte ón Chomhairle um Leas Ainmhithe Feirme. Déanfar cúram de na hainmhithe gach lá agus tabharfar abhaile chun na feirme i gCo. Chill Mhantáin iad gach iarnóin. Ní bheidh cead isteach sa teach ag an bpobal ach féadfar an Beithilín Beo a fheiceáil ó na ráillí lasmuigh.

Dúirt an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D. :
“Tá áthas orm go raibh OPW agus IFA ábalta suíomh a aimsiú le haghaidh an Bheithilín Bheo, ionas gur féidir é a léiriú i mBaile Átha Cliath don 27ú bhliain as a chéile mar ábhar áthais ag páistí um Nollaig. Creidim go bhfuil i bhFaiche Stiabhna láthair oiriúnach faoi fhothain do na hainmhithe agus suíomh rochtana don phobal. Mar thuismitheoir, tuigim tábhacht an Bheithilín seo le hainmhithe beo do na mílte teaghlach agus táim ag súil go mór leis an oscailt ar 8 Nollaig.”
Dúirt Uachtarán IFA Tim Cullinan go raibh áthas air go mbeadh an Beithilín Beo i lár Chathair Bhaile Átha Cliath mar a bhí gach bliain ó 1995 anuas. Ghabh sé buíochas leis an Aire Patrick O’Donovan agus lucht OPW as an suíomh i bhFaiche Stiabhna a chur ar fáil.
“Is cuid lárnach é an Beithilín Beo den Nollaig i mBaile Átha Cliath. Tugtar deis do pháistí ainmhithe a fheiceáil mar chuid den radharc traidisiúnta Nollag, agus nascann sé muintir na tuaithe agus muintir na cathrach le chéile.”
Grianghraif ar fáil ó Sasko Lazarov ag Photocall Ireland (info@photocallireland.com).
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie.
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works