Tugann An Taoiseach cuairt ar An mBlascaod Mór agus freastalaíonn sé ar an ócáid bhliantúil - ‘Ceiliúradh an Bhlascaoid’
- Foilsithe: 9 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu (9 Meán Fómhair), bhí An Taoiseach Leo Varadkar agus Patrick O’Donovan, Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, i gCiarraí chun oibreacha leanúnacha athchóirithe OPW ar An mBlascaod Mór a fheiceáil agus chun freastal ar an ócáid bhliantúil - ‘Ceiliúradh an Bhlascaoid’.
Ag labhairt dó tar éis cuairt a thabhairt ar An mBlascaod Mór agus an ceiliúradh a fhreastal, dúirt An Taoiseach:
“Tá na Blascaodaí ar cheann de na háiteanna is áille in Éirinn, seod cultúrtha nach féidir a luach a áireamh. Níl a fhios agam conas a tharla sé nár thug mé cuairt ann roimhe seo. Is cosúil cuairt a thabhairt ar An mBlascaod Mór agus céim siar a thabhairt chuig saol eile agus ré eile. Stair bheo agus oidhreacht bheo atá anseo. Tá sé fíor-riachtanach go ndéanfar an tOileán agus na bailte ann a chaomhnú, mar oidhreacht nach féidir a chomhshamhail a sholáthar, agus láthair leithleach turasóireachta. Tá obair riachtanach ar bun ag OPW chun An Blascaod Mór a chaomhnú agus a chosaint ionas gur féidir le cuairteoirí, as Éirinn agus thar sáile, tuiscint a fháil ar áilleacht agus oidhreacht iontach na nOileán seo agus ar shaibhreas a gcultúr. Táimid ag díriú anois ar áiseanna do bháid ag teacht i dtír ar an Oileán a fheabhsú, chomh maith le háiseanna ar an Oileán féin, ar bhealach a chosnaíonn an nádúr agus an fiadhúlra.”
Thug An Taoiseach agus an tAire O’Donovan cuairt freisin ar an teach ina raibh cónaí ag Tomás Ó Criomhthain, údar cáiliúil an Oileáin, atá athchóirithe ag OPW.
D’fhreastal iad freisin ar an ócáid bhliantúil ‘Ceiliúradh an Bhlascaoid’ ag Ionad an Bhlascaoid, atá athchóirithe ina iomláine ag OPW. Cruinniú bliantúil a mhaireann trí lá é seo, a tosaíodh i 1996, chun stair agus oidhreacht na mBlascaodaí a léiriú. Is é an téama i mbliana ná an óige ar an Oileán – Turas go Tír na nÓg – Óige an Bhlascaoid Mhóir agus Sliocht an Oileáin i gCéin.
Ag Ionad an Bhlascaoid, chonaic An Taoiseach na hathchóirithe is déanaí atá déanta ann, go háirithe an taispeántas nua a ríomhann scéal na mBlascaodaí agus an lorg suntasach cultúrtha atá againn ó phobal an Oileáin.
D’fhág an dream deireanach den phobal An Blascaod Mór i 1953, ach maireann fós an oidhreacht cultúir agus litríochta a fágadh againn sna leabhair cháiliúla a tháinig ó phobal beag an Oileáin.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Léiríonn an t-athchóiriú ar Ionad an Bhlascaoid anuraidh cad is féidir leis an Stát a bhaint amach trí oibriú ar bhealach comhoibritheach. I mbliana d’éirigh linn comhaontú a dhéanamh chun áiseanna leithris a sholáthar le haghaidh cuairteoirí chuig an Oileán. Táimid anois ag obair ar Phlean um Bainistiú Caomhnaithe a bhreathnóidh caomhnú agus cosaint na hoidhreachta tógtha chomh maith le héiceolaíocht mara agus comhshaoil an Oileáin.”
Beidh grianghraif ar fáil ó Dominick Walsh, info@dwalshphoto.ie.
Um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí
Ceiliúradh an Bhlascaoid 2023: 8-10 Meán Fómhair ag Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí.
Tá clár na bliana seo dírithe ar óige an Oileáin agus ar mhuintir na mBlascaodaí thar sáile. Beidh bunscoileanna agus meánscoileanna áitiúla páirteach thar ceann óige an lae inniu ar Leithinis Chorca Dhuibhne agus cuirfear fáilte freisin roimh mhic léinn ó Inis Meáin, oileán Gaeltachta eile.
I measc cainteoirí na bliana seo tá:
- Cole Moreton, iriseoir atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe agus údar Hungry for Home: Leaving the Blaskets (Currach Press 2008)
- Gerald Hayes, údar The Blasket Islandman: The Life and Legacy of Tomás Ó Criomhthain (2018), comhúdar leis an Dr. Mike Carney From The Great Blasket to America: The Last Memoir by an Islander (2013) agus comhúdar le Eliza Kane The Last Blasket King (2015)
- Pádraig Ó hÉalaí, iar-Léachtóir Sinsearach ag Ollscoil na Gaillimhe, saineolaí béaloidis, iar-eagarthóir Béaloideas
- Breandán Feiritéar, déantóir scánnan faisnéise teilifíse agus iarcheannaire Raidió na Gaeltachta
- Dáithí de Mórdha ó Raidió na Gaeltachta, saineolaí béaloidis agus údar Raidió na Gaeltachta: Cultúr agus Pobal