English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tuilleamh agus Foghlaim - “An tusa an chéad Phrintíseach eile againn?”

An chéad ghlún eile teicneolaithe innealtóireachta á lorg ag an Rialtas

Deis spreagúil í seo chun bheith páirteach san fheachtas €1.3bn ag an Rialtas chun pobail atá faoi phriacal tuile abhann agus cósta a chosaint. Tá scéimeanna cosanta tuile beartaithe do thart faoi 300 pobal ar fud na tíre, chun cosaint a sholáthar ar thart faoi 23,000 maoin.

“Táimid ag lorg daoine éirimiúla díograiseacha . Is gá dúinn leathnú chun ár gcuid saothair um bainistiú priacail agus oiriúnú aeráide a chur chun cinn. Ba mhaith linn go gcuirfeadh daoine an cheist – An bhféadfainnse é sin a dhéanamh?”,

a dúirt Jim Casey, Ceann – Bainistiú Priacal Tuile, Oifig na nOibreacha Poiblí.

“Tá cur chuige printíseachta um fhoghlaim againn, ar tuarastal agus faoi mheantóireacht ó innealtóirí cáilithe. Tá súil againn daoine ó chúlraí éagsúla a mhealladh, a bhfuil spéis agus paisean acu um chuidiú le pobail iad féin a chur in oiriúint do dhúshláin an todhchaí.”

Maireann an phrintíseacht dhá bhliain um cháiliú mar Theicneolaí Innealtóireachta. Tá cúrsa foghlama obairbhunaithe mar aon le clár foirmiúil oiliúna. Beidh printísigh lonnaithe ag oifig OPW i Mala.

Dúirt Denise Delaney, duine de na hinnealtóirí is sinsearaí in OPW:

“Nuair a bhíos i mo mhac léinn bhí socrúchán samhraidh oibre agam le OPW agus bhain mé an-taitneamh as. Is breá bheith ag obair ar thionscadail a imríonn tionchar fíordhearfach ar shaol daoine. Tá foireann iontach againn, le daoine as gach cearn den tír, ag obair le chéile chun tionscadail inbhuanaithe innealtóireachta den chaighdeán is airde a sholáthar. Tá barr feabhais sroichte againn agus is fiú go mór an saothar.”

Tá an cúrsa foirmiúil oiliúna dá sholáthar ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, a chomhordaíonn Printíseachtaí um Theicneolaithe Innealtóireachta Sibhialta in Éirinn. Cuirtear na modúil acadúla ar fáil ar líne lá amháin gach seachtain, agus is gá freastal ar OTA Sligeach lá amháin sa mhí um obair shaotharlainne agus teagasc duine le duine.

Taispeánann Pleananna Tuile OPW go bhfuil indéanta cosaint a sholáthar do 95% de mhaoine atá faoi phriacal, mar a measúnaíodh faoin Chlár Náisiúnta um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí.


Nótaí

Tá urlabhraí OPW ar fáil um agallamh, ar iarratas.

Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie Nasc le sonraí poist anseo

Tá deiseanna oiliúna á dtairiscint ag OPW le haghaidh dhá phost mar Phrintísigh um Theicneolaithe Innealtóireachta Sibhialta ag obair ar an gClár Monatóireachta Hidriméadrach um Bainistiú Priacal Tuile.

Deis spreagúil í seo chun páirt a ghlacadh i soláthar an chláir seo agus ról suntasach a imirt um chosaint Éireann ar phriacal tuile.

Is clár lánaimseartha an phrintíseacht a chuimsíonn foghlaim obairbhunaithe le clár foirmiúil oiliúna. Le linn printíseachta, beidh tú ag obair ar bhonn lánaimseartha leis an bhfostóir – Oifig na nOibreacha Poiblí; scaoilfear saor thú chun freastal ar an gcúrsa oiliúna – cur chuige tuilleamh agus foghlaim le chéile.

Tá an cúrsa foirmiúil oiliúna dá sholáthar ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, a chomhordaíonn Printíseachtaí um Theicneolaithe Innealtóireachta Sibhialta in Éirinn. Cuirtear na modúil acadúla ar fáil ar líne lá amháin gach seachtain, agus is gá freastal ar OTA Sligeach lá amháin sa mhí um obair shaotharlainne agus teagasc duine le duine. Ag tús na bliana acadúla, tá freastal cónaithe chúig lá ag campas Shligigh OTA. Ar chríochnú sásúil an chláir ar fad bronntar Ardteastas Náisiúnta san Innealtóireacht Shibhialta ar Leibhéal 6 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC).

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Lean sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works