English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Róil

Cathaoirleach


Misean

Is é misean Oifig na nOibreacha Poiblí:

"Ár dtaithí agus ár saineolas a úsáid chun seirbhísí éifeachtacha, inbhuanaithe agus nuálacha a sholáthar don phobal agus dár gcliaint ar shlí dhúthrachtach, ghairmiúíl agus ionraic, de réir threoir an Rialtais."


An tAcht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí

Faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997 (Uimh.27 de 1977), tá na cúraimí seo a leanas ar Chathaoirleach Oifig na nOibreacha Poiblí:

• gnó na hOifige trí chéile a bhainistiú

• beartais Rialtais a bhaineann leis an Oifig a chur i bhfeidhm

• monatóireacht a dhéanamh ar bheartais Rialtais a bhaineann leis an Oifig

• Aschuir a chinneadh de réir mar a chinneann Aire rialtais a bhfuil cúram as an Oifig air

• comhairle beartais a chur ar an Aire maidir le gach ábhar a chuimsítear i sainordú na hOifige

• Ráiteas Straitéise maidir leis an Acht a ullmhú agus a chur isteach de réir an Achta

• tuarascálacha dul chun cinn a chur ar fáil don Aire maidir le cur i bhfeidhm an Ráitis Straitéise

• a chinntiú go gcuirtear socruithe cuí i bhfeidhm trína n-éascófar freagairt éifeachtach ar nithe a bhaineann leis an Oifig agus le craobhacha eile den tseirbhís phoiblí araon

• a chinntiú go mbaintear úsáid chuí as acmhainní agus seirbhísí poiblí éifeachtacha ó thaobh costais a sholáthar

• cuntas garbh a sholáthar ar an tslí a ndéanfar freagrachtaí ar leith a shannadh d'oifigigh eile ar fud na hOifige

• nithe a bhaineann le ceapacháin, feidhmíocht, smacht agus foireann a bhriseadh as a bpost laistíos de ghrád an Phríomhoide nó a choibhéis a bhainistiú

Cumhachtaítear le hAlt 4(1) den Acht an Cathaoirleach le freagracht as feidhmíocht a feidhmeanna nó a fheidhmeanna a shannadh d'oifigigh eile. Is éard atá sa chreat, mar atá leagtha amach sa doiciméad seo, ráiteas comhdhlúite amhail Márta 2015 ar gach sannadh faoin Acht ó Chathaoirleach Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí.

Ba cheart, agus an doiciméad seo agus na sannacháin ann á léirmhíniú, féachaint do na tosca a mbíonn tionchar acu ó am go ham ar dháileadh agus ar chomhlíonadh freagrachtaí ar fud na hOifige, amhail riachtanais oibre i réimse ar leith, agus comhordú freagrachtaí comhroinnte nó tadhlacha. Ba cheart go bhféachfaí, leis, do shannadh feidhmeanna maidir le ceapacháin, feidhmíocht agus smacht pearsanra faoi Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse 1956-2005, a dhéanann an Cathaoirleach ó am go ham faoi rialacháin ar leith.

Léirítear i gCuid 3 den chreat-doiciméad seo an fhreagracht as comhlíonadh feidhmeanna a shannadh do gach oifigeach aonair ag leibhéal an Phríomhoide agus os a chionn. Déanfar na freagrachtaí a shanntar amhlaidh a chur in iúl i bPleananna Gnó na hOifige chun tosaíochtaí agus cuspóirí na hOifige a léiriú, mar atá leagtha amach ina Ráiteas Straitéise. Déanfar sannadh freagrachta as comhlíonadh feidhmeanna ag oifigigh aonair, nó ag grád nó ag gráid oifigigh, suas go leibhéal an Phríomhoifigigh a láimhseáil ó thaobh an riaracháin ar bhonn na gcuspóirí oibre pearsanta (nó foirne) a shainaithnítear faoi Phleananna Gnó na hOifige nó a bhaineann leo. Déantar na Pleananna Gnó seo a mheas ar bhonn bliantúil agus bunaítear iad ar an Ráiteas Straitéise agus as sin cuirtear san áireamh iad sa Chóras Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta, a sholáthraíonn modh praiticiúil chun tús áite a thabhairt d’obair laethúil na hOifige ag leibhéal na feidhmíochta, an aonaid ghnó, na foirne agus an duine aonair.

Déanfar sannacháin faoi Alt 4(1) den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, mar atá sonraithe sa doiciméad creata seo, a leasú i gcónaí ó am go ham, i scríbhinn ón gCathaoirleach agus measfar an creat a bheith uasdátaithe dá réir.

Holders