Déan Iarratas um Fhaomhadh mar Chonratheoir Foirgníochta
- Foilsithe: 2 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 4 Eanáir 2023
Déanann Oifig na nOibreacha Poiblí measúnú ar inniúlacht chonraitheora foirgníochta a dhéanann oibreacha foirgníochta ar son Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn.
Ní foláir a chinntiú go bhfuil an obair a dhéanann an Maoirseoir Tionscadail le haghaidh Chéim na Foirgníochta de réir na Rialachán um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2006.
Tabhair faoi deara:
• Sa chás go n-éiríonn le hiarratasóir, tabharfar áit dó/di ar an liosta sealaíochta um chonraitheoirí faofa ag an ‘Aonad Gnó um Chothabháil Réadmhaoine’.
• Usáideann ‘Seirbhísí Cothabhála Réadmhaoine’ an ‘ Gearrchonradh um Oibreacha Poiblí le haghaidh Oibreacha Innealtóireachta Sibhialta agus Foirgníochta deartha ag an bhFostóir’.
• Is iad conraitheoirí foirgníochta ginearálta amháin a chuirtear ar an bpainéal faofa. Ní chuirtear conraitheoirí speisialaithe – mar shampla, díonadóirí, gloineadóirí, etc - ar an liosta ginearálta.