English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Foilseacháin an Rialtais

Cuireann Oifig Foilseachán an Rialtais ionad díolachán ar fáil don phobal do gach foilseachán Rialtais. Glactar le horduithe thar an teileafón, tríd an ríomhphost agus tríd an bpost. Foilsíonn an Oifig 'Iris Oifigiúil' freisin, iris oifigiúil an Stáit, dhá uair sa tseachtain Dé Máirt agus Dé hAoine mar leagan clóite crua agus ar an Idirlíon.

Tá an tIonad Glaonna 046 9423100 oscailte ón Luan go dtí an Aoine ó 10.00 go dtí 12.30 agus ó 14.00 go dtí 16.00 chun cuidiú leo siúd a chuireann glaoch agus chun glacadh le híocaíochtaí ar orduithe le cártaí in úsáid.

Tá seoladh ríomhphoist ar leith ann freisin publications@opw.ie. Freagraítear na fiosruithe a thagann uaidh seo ar an gcéad lá oibre eile:

Government Publications Office

Seoladh:
Mountshannon Road, Dublin, D08 XA06
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

publications@opw.ie

Teileafón:
046 9423100

Na foilseacháin atá ar díol

  • An Dlí (Achtanna, Billí agus Ionstraimí Reachtúla)
  • Díospóireachtaí Dála agus Seanaid (Bound Volumes)
  • tuarascálacha nó staidéir arna chur ar fáil nó choimisiúnú ag ranna rialtais
  • siollabais, curaclaim agus treoirlínte ar leith arna chur ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna
  • foirmlí agus táblaí arna fhaomhadh le húsáid ag scruduithe poiblí
  • treoirlínte arna chur ar fáil ag ranna rialtais maidir leis an tógáil, sábháilteacht dóiteáin, athchóiriú foirgneamh stairiúla etc.
  • foilseacháin ailtireachta agus seandálaíochta arna chur ar fáil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
  • Tuarascálacha den Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO)
  • tuarascálacha binse breithimh
  • general interest – Bunreacht na hÉireann, mar shampla
  • Iris Oifigiúil

Ní chuireann Foilseacháin an Rialtais na cinn seo a leanas ar fáil:

  • foilseacháin rialtais atá saor in aisce
  • foilseacháin rialtais nach bhfuil ar fáil ach mar íoslódálacha Idirlín amháin
  • cóip chrua de churaclam na bunscoile (socraithe i mBéarla) – atá ar fáil anois ar CD amháin nó ar www.ncca.ie
  • an chuid is mó den Dlí a bhí ann roimh Bhunú an Stáit – www.tso.co.uk
  • foilseacháin gníomhaireachtaí, mar shampla, National Standards Authority of Ireland (NSAI)

Naisc