Iarrataí Soilsiúcháin – Critéir Inghlactha
- Foilsithe: 20 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 17 Iúil 2024
Cé atá in ann Iarratas Solais a dhéanamh
Nuair is féidir, trí OPW, éascófar iarrataí chun soilsiúchán a dhéanamh ar aon fhoirgneamh/suíomh OPW, Séadchomharthaí Náisiúnta (SN) nó Réadmhaoin Stairiúil Náisiúnta (RSN) chun tacú le cúiseanna carthanúla nó le hócáidí bailithe airgid timpeall na tíre.
Is samplaí iad seo a leanas d’iarrataí inghlactha:
- Imeachtaí Stáit;
- laethanta/imeachtaí AE nó maidir le haitheantas idirnáisiúnta;
- tionscnaimh múscailte feasachta arna bhformheas ag an Rialtas;
- aitheantas cúiseanna carthanúla cláraithe;
- agus tionscnaimh chomhphobail áitiúla nó imeachtaí seachbhrabúsacha áirithe.
Agus na hiarrataí Soilsiúcháin á mbreithniú ag OPW, cuirfear srianta na réadmhaoine agus tionchar na suiteála nua uirthi san áireamh, chomh maith le hinfhaighteacht acmhainní OPW chun na riachtanais oibre a chomhlíonadh.
Cé go leanann OPW de bheith ag nuachóiriú áiseanna soilsithe le himeacht ama, d’fhéadfaí costas a bheith ann chun roinnt de na córais shoilsithe atá ann cheana a oiriúnú d’iarraidh shoilsiúcháin ar leith. I gcás go mbíonn costas ar an bpróiseas sin, ní mór don eagraíocht a iarrann an tseirbhís soilsiúcháin an costas a íoc.
Sa liosta i bhFoscríbhinn 1,
- sonraítear na suíomhanna ina bhfuil soilsiú seachtrach ar fáil faoi láthair,
- an íostréimhse fógartha a bheadh ag teastáil
- na costais ghaolmhara mheasta chun iarraidh shoilsiúcháin a éascú.
Cé go ndéanfar gach iarracht an oiread soilsiúcháin agus is féidir a dhéanamh, i bhfianaise líon ard na n-iarrataí a sheoltar go OPW gach bliain, d’fhéadfadh nach mbeifí in ann gach iarraidh a éascú i gcónaí.
Conas Iarratas Solais a Dhéanamh
Amlíne
Ba cheart iarratais le haghaidh soilsiúcháin a dhéanamh 2 mhí roimh an dáta iarrtha más féidir; ach tráth nach déanaí ná an íostréimhse fógartha atá ag teastáil don suíomh ábhartha mar a shonraítear thíos i bhFoscríbhinn 1. Braitheann na tréimhsí fógartha ar an suíomh agus ar chastacht na suiteála soilsiúcháin.
Iarratas
Ba cheart na iarratais uile le haghaidh soilsiúcháin a sheoladh go info@opw.ie I dtosach, seiceálfar go bhfuil cúis na hiarrata comhsheasmhach le critéir inghlactha OPW agus leis an tréimhse réamhfhógra atá ag teastáil.
Cinntí
Má chloínn an iarraidh le beartas OPW, cuirfear an iarraidh ar aghaidh go dtí an roinn/na ranna ábhartha chun fiúntas agus oiriúnacht na hiarrata a bhreithniú i gcomhthéacs na réadmhaoine ábhartha. Cinnfidh OPW más féidir an iarraidh a éascú de réir na dtreoirlínte sin. Cuirfear an t-iarrthóir ar an eolas maidir le cinneadh OPW agus má tá costais ghaolmhara ann chun an iarraidh a éascú.
Costais
I gcás inarb infheidhme, sonrascfar na táillí go dtí an t-iarrthóir ó OPW agus caithfear iad a íoc go hiomlán coicís sula dtosaíonn an t-imeacht soilsiúcháin.