English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Athúsáid Fhaisnéise na hEarnála Poiblí

Comhlíonann Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit na Rialacháin um Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid 2005 agus spreagaimid athúsáid na faisnéise a tháirgimid. Is féidir faisnéis agus doiciméid a fhaightear ón suíomh gréasáin seo a atáirgeadh agus/nó a athúsáid faoi réir an cheadúnais FEP (faisnéis earnála poiblí) is déanaí ag www.psi.gov.ie.

Tá an fhaisnéis atá ar ár suíomh gréasáin faoi chóipcheart ag Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit mura sonraítear a mhalairt. Is féidir an fhaisnéis ar ár suíomh gréasáin a athúsáid saor in aisce.

Áirítear ar an athúsáid cóipeáil, cóipeanna a eisiúint ar an bpobal, foilsiú, craoladh agus aistriú go teangacha eile. Clúdaítear taighde agus staidéar neamhthráchtála leis freisin.

Tá athúsáid faoi réir na gcoinníollacha a leanas. Ní mór duit:

  • an fhoinse agus ár gcóipcheart a aithint i gcásanna ina soláthraíonn tú an fhaisnéis do dhaoine eile
  • an fhaisnéis a atáirgeadh go cruinn
  • gan an fhaisnéis a úsáid ar bhealach míthreorach
  • gan an fhaisnéis a úsáid más fógraíocht nó cur chun cinn táirge nó seirbhíse ar leith an príomhchuspóir atá leis
  • gan an fhaisnéis a úsáid chun tacú le críocha neamhdhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta

Níl Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit faoi dhliteanas as aon chaillteanas ná dliteanas a bhaineann leis an bhfaisnéis a athúsáid agus ní dheimhníonn sí go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta ná saor ó earráidí. Ní údaraíonn Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit go mbeidh cearta eisiacha ag aon úsáideoir ar a cuid faisnéise a athúsáid.