English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Cairt Chustaiméirí



Réamhrá

Is comhchuid í Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit d’Oifig an Ard-Aighne agus is í an príomhsholáthraí seirbhísí aturnae don Ard-Aighne agus do Ranna agus Oifigí Rialtais. Soláthraíonn an Oifig seirbhísí aturnae do Ghníomhaireachtaí Stáit áirithe eile agus do Bhinsí Fiosrúcháin freisin, ach ní ghníomhaíonn sí do bhaill an phobail.


Ráiteas Misin

Is é an misean atá againn mar atá leagtha amach i Ráiteas Straitéise Oifig an Ard-Aighne an caighdeán is airde seirbhísí gairmiúla dlí a sholáthar do Ranna agus Oifigí Rialtais.


Tiomantas do Chustaiméirí

Táimid tiomanta do na nithe a leanas:

  • Seirbhís dlí eiticiúil rúnda a sholáthar
  • Seirbhís dlí ardchaighdeáin a sholáthar go héifeachtúil agus leis an íosmhéid moille
  • Caidrimh oibre den scoth a bhunú lenár gcustaiméirí
  • Caidrimh rialta lenár gcustaiméirí
  • Cinntiú go dtugtar tús áite do thosaíochtaí custaiméirí agus seirbhís dlí á soláthar dóibh
  • Riachtanais chustaiméirí maidir le seirbhís dlí speisialtóra a shainaithint agus ár n-acmhainn dlí a fhorbairt i bhfianaise na riachtanas sin
  • Teicneolaíocht faisnéise a úsáid ar an tslí is fearr agus ár seirbhís á seachadadh

Caighdeáin Seirbhíse

Tá na caighdeáin seirbhíse a leanas bunaithe againn:

  • Caithfear le custaiméirí le meas agus le cúirtéis
  • Freagrófar glaonna teileafóin gan mhoill
  • Úsáidfidh baill foirne gléasanna freagartha ar a dteileafóin agus glaofar ar ais ar theachtaireachtaí teileafóin laistigh de 24 huaire nuair is féidir
  • Nuair a bhíonn ball foirne imithe ón Oifig, fágfar teachtaireacht chuige sin ar a g(h)léas freagartha teileafóin mar aon le freagairt “as an oifig” ar ríomhphoist a thagann isteach
  • Nuair a chuirtear ábhar nua faoi bhráid na hOifige, osclófar comhad nua, clárófar é agus sannfar é do bhall foirne laistigh de 3 lá oibre
  • Admhófar go bhfuarthas litreacha agus ríomhphoist isteach laistigh de 7 lá oibre
  • Beidh ainm an oifigigh atá ag déileáil leis an gceist, mar aon lena f(h)olíne teileafóin agus a s(h)eoladh ríomhphoist, ar gach comhfhreagras a thagann ón Oifig
  • Nuair a shanntar ball foirne eile chun déileáil le comhad, eiseofar litir chuige sin chuig an gcustaiméir a luaithe is féidir
  • Beidh an doiciméadacht a tháirgeann an Oifig slán ó thaobh na teicneolaíochta de, léireofar treoracha an chustaiméara inti, úsáidfear teanga chruinn ach simplí inti agus beidh sí gairmiúil ó thaobh leagan amach agus cuma
  • Tabharfar a mhéid rabhadh roimh ré agus is féidir do chustaiméirí maidir le seisiúin chomhairliúcháin agus éisteachtaí cúirte
  • Coinneofar custaiméirí ar an eolas maidir le forbairtí ina gcuid cásanna ar bhonn leanúnach
  • Reáchtálfar cruinnithe le príomhchustaiméirí ar bhonn rialta, ó eatraimh mhíosúla go gach ceithre mhí, ag brath ar riachtanais an chustaiméara
  • Úsáidfidh an Oifig teicneolaíocht atá cothrom le dáta chun rogha agus caighdeán na seirbhíse dár gcustaiméirí a fheabhsú
  • Coinneofar cairt eagraíochta reatha ar shuíomh gréasáin na hOifige ionas go mbeidh custaiméirí in ann an Rannóg agus Rannán atá ag déileáil leis an gceist a fháil amach

Seirbhís as Gaeilge

Déanfaidh an Oifig gach iarracht an bealach a réiteach do chustaiméirí atá ag iarraidh a ngnó a dhéanamh as Gaeilge. Déanfaimid an méid a leanas, go háirithe:

  • Freagróimid comhfhreagras a fhaighimid i nGaeilge as Gaeilge
  • Tacóimid agus spreagfaimid rannpháirtíocht i dtionscnaimh oiliúna Gaeilge na Státseirbhíse
  • Rachaimid i dteagmháil le hOifig an Ard-Aighne maidir le faisnéis a thabhairt d’Abhcóidí a labhraíonn Gaeilge agus oibriú leo i gcásanna cuí
  • Foilseoimid ár Ráiteas Straitéise agus ár dTuarascáil Bhliantúil i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna
  • Comhlíonfaimid ár gceangaltais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Comhionannas/Éagsúlacht

Táimid tiomanta dár seirbhís a sholáthar de réir phrionsabail an chomhionannais mar a chumhdaítear sa reachtaíocht comhionannais. Spreagfaimid feasacht na foirne maidir le saincheisteanna comhionannais agus éagsúlachta.


Rochtain Fhisiceach

Táimid tiomanta dár n-Oifig a choinneáil glan, slán agus inrochtana dár gcustaiméirí faoi mhíchumas.


Aiseolas

Ceapaimid gur gné riachtanach de riachtanais ár gcustaiméirí a thuiscint é an t-aiseolas. Le go mbeimid in ann ár bhfeidhmíocht a mheas, fáilteoimid roimh aon aiseolas nó moltaí atá agat, nó más rud é ar ndóigh gur sháraigh ár seirbhís na hionchais a bhí agat, ba mhaith linn cloisteáil uait faoi sin ionas go mbeimid in ann seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar duit amach anseo.


Cabhraigh linn cabhrú leat

Chun cabhrú linn maidir lenár gcaighdeáin seirbhíse a bhaint amach, bheimis buíoch dá luafá ár n-uimhir thagartha i do chomhfhreagras ar fad linn.


Gearáin

Má tá gearán agat faoi chaighdeán na seirbhíse a chuireamar ar fáil duit agus mura bhfuil tú in ann an cheist a réiteach leis an oifigeach lena mbaineann san Oifig seo ná lena g(h)aroifigeach uachtarach, is féidir leat an gearán a chur ar aghaidh chuig Ceann na Seirbhísí Corparáideacha, Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit ag an seoladh thíos.

Caithfear le gach gearán go tapa, go cothrom agus go neamhchlaonta.

Teagmháil a dhéanamh linn

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag:

Chief State Solicitor's Office

Seoladh:
Osmond House, Little Ship Street, Dublin, D08 V8C5
Ríomhphost:

contact@csso.gov.ie

Teileafón:
01 417 6100
Léarscáil:
Féach ar an suíomh Press office ga ar an léarscáil
Uaireanta Oscailte:
Monday: 9:12am - 5:30pm
Tuesday: 9:12am - 5:30pm
Wednesday: 9:12am - 5:30pm
Thursday: 9:12am - 5:30pm
Friday: 9:12am - 5:15pm
Achoimre:
We encourage you to correspond with us by email unless it is strictly necessary to do so by post - CSSO email addresses are in the format Firstname_Lastname@csso.gov.ie. DX: 186-001.

Is í an uimhir theileafóin ná 01 4176100. Má tá folíne an bhaill foirne ar mian leat teagmháil a dhéanamh leis/léi ar eolas agat, ba chóir duit uimhir na folíne sin a chur in áit na gceithre uimhir dheireanacha den phríomhuimhir theileafóin.

Tá seoltaí na mball foirne aonair san fhormáid Céadainm_Sloinne@csso.gov.ie