Ceartais
- Foilsithe: 26 Aibreán 2012
- An t-eolas is déanaí: 8 Aibreán 2025
- Rannóg Sócmhainní Coiriúla
- Rannóg Dlíthíochta Garda
- Rannóg Ceartais agus Coireachta
- An Rannóg Seirbhísí Dlí
Rannóg Sócmhainní Coiriúla
Soláthraíonn an Rannóg Sócmhainní Coiriúla seirbhísí dlíthíochta, comhairleacha agus tíolactha don Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla (BSC). Is é cúram reachtúil an BSC imscrúduithe a dhéanamh ar fháltais atá faoi dhrochamhras ó iompar coiriúil.
Rannóg Dlíthíochta Garda
Déileálann an Rannóg Dlíthíochta Garda le caingne sibhialta i gcoinne an Gharda Síochána. Áirítear ar an obair a dhéanann sí éilimh ar dhamáistí maidir le hionsaí, gabháil éagórach, príosúnú neamhdhleathach, iomrall ceartais, meabhlaireacht agus le clúmhilleadh. Láimhseálann sí freisin iarratais ar fhollasú neamhpháirtí a iarrann nochtadh doiciméadachta.
Rannóg Ceartais agus Coireachta
Déileálann an Rannóg Ceartais agus Coireachta le heiseachadadh agus le hiarratais Barantais Ghabhála Eorpach san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Uachtarach ar son an Ard-Aighne agus an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, agus le hiarratais ar Chúnamh Frithpháirteach sa Chúirt Dúiche, sa Chúirt Chuarda agus san Ard-Chúirt. Soláthraíonn sí seirbhísí aturnae don Gharda Síochána agus do Ranna cliaint freisin maidir le cúrsaí ar nós ionchoisní, iarratais ar cheadúnú, iarratais a bhaineann leis an Police (Property) Act agus le hiarratais ar aistriú daoine ar cuireadh pianbhreith orthu.
An Rannóg Seirbhísí Dlí
Déileálann an Rannóg Seirbhísí Dlí le hIonchúisimh Aireachta sa Chúirt Dúiche, athbhunú cuideachta, agus imeachtaí sibhialta ar son an Aire Coimirce Sóisialaí chun airgead a fuarthas go calaoiseach a fháil ar ais, Tá sí freagrach as aisghabháil costas freisin.