English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Maidir le hOifig an Phríomh-Aturnae Stáit (OPAS)

Tá an Príomh-Aturnae Stáit, Maria Browne, ina ceann ar Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit (OPAS). Tá breis is 350 ball foirne in OPAS a oibríonn i róil dlí agus riaracháin sna sé Rannóg de chuid na hOifige: Dlí Riaracháin; Dlí Tráchtála agus Fostaíochta; Dlíthíochta Bunreachtúil agus Stáit; Dlí agus Cirt; Maoine Stáit agus Seirbhísí Corparáideacha. Tá oifigí OPAS suite ar Sráid na gCaorach agus ar Lána na Seansaireachta, Baile Átha Cliath 8.

Is é misean OPAS an caighdeán is airde seirbhísí gairmiúla dlí a sholáthar do Ranna agus d’Oifigí Rialtais, ar an tslí is eacnamaíche agus is éifeachtúla agus is féidir.

Bunaíodh Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit go foirmiúil faoin Acht Airí agus Rúnaithe 1924 agus is comhchuid í d’Oifig an Ard-Aighne.


Ról agus Feidhmeanna OPAS

Is í an OPAS príomhsholáthraí na Seirbhísí Aturnae don Ard-Aighne agus don Rialtas. Cuirtear seirbhís dlí iomlán aturnae comhairleach, dlíthíochta agus idirbheartaíochta ar fáil thar raon leathan réimsí lena n-áirítear:

  • Dlíthíocht bhunreachtúil, shibhialta agus tráchtála a bhaineann le Ranna Rialtais, Oifigí Rialtais agus an Garda Síochána
  • Athbhreithniú breithiúnach (ginearálta agus a bhaineann le hinimirce agus tearmann)
  • Dlíthíocht chomhshaoil agus soláthair
  • Ionadaíocht a dhéanamh ar an Stát os comhair na Cúirte Breithiúnais, na Cúirte Ginearálta agus na * * * * Cúirte Eorpaí um Chomhlachas Saorthrádála
  • Eiseachadadh, Barántas Gabhála Eorpach agus dlíthíocht Cúnaimh Fhrithpháirtigh
  • Dlíthíocht fostaíochta
  • Ionchoisní agus Ionchúisimh ón Aire
  • Airgead calaoiseach nó airgead a fuarthas go coiriúil a aisghabháil
  • Éilimh thortacha
  • Iarratais habeas corpus
  • Ionadaíocht a dhéanamh do chliaint i gcomhréitigh agus in eadrána agus os comhair Binsí Fiosrúcháin agus Coimisiúin Imscrúdaithe
  • Seirbhís tíolactha idirbheartaíochta do Ranna Rialtais agus don OOP
  • Léasú agus ceadúnú tráchtála agus cúrsaí tiarnaí talún agus tionóntaí
  • Urrús ar mhaoin chun infheistíochtaí caipitil an Stáit a chosaint
  • Maoin réadach agus phearsanta a chineachadh chuig an Stát faoin Acht Maoine Stáit1954, agus faoin Acht Comharbais 1965
  • Seirbhísí iomlána soláthar poiblí idirbheartaíochta agus dlí tráchtála don Oifig um Sholáthar Rialtais agus Ranna Rialtais