English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Saoráil Faisnéise

Is comhlachtaí poiblí iad Oifig an Ard-Aighne agus Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit chun críocha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014. Ba chóir a thabhairt faoi deara, áfach, nach gclúdaítear faoin Acht taifid a chruthaíonn na hOifigí ná atá i seilbh na nOifigí, seachas taifid a bhaineann le riarachán ginearálta na nOifigí, faoi Alt 42 den Acht.

Tá rochtain ag an bpobal ar thaifid a bhaineann le riarachán ginearálta Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit mar sin, ach níl rochtain acu ar aon taifid eile.

Chun críocha SF, caitear le OAA agus OPAS mar eagraíocht amháin. Tá Scéim Foilsithe na nOifigí, a ullmhaíodh faoi Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Ard-Aighne.