Seirbhísí Corparáideacha
- Foilsithe: 31 Márta 2017
- An t-eolas is déanaí: 3 Aibreán 2025
- An Rannóg Airgeadais agus Cuntas
- Rannóg Acmhainní Daonna / Aonad Oiliúna agus Forbartha
- An tAonad Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide
- An tSeirbhís Eolais agus Faisnéise
- An Rannóg Seirbhísí Oifige
An Rannóg Airgeadais agus Cuntas
Bainistíonn an Rannóg Airgeadais agus Cuntas airgeadas OPAS agus cinntíonn sí go bhfuil rialuithe éifeachtacha airgeadais i bhfeidhm. Bainistítear párolla agus taisteal agus cothabháil ag Aonad Seirbhísí Comhroinnte Párolla na Roinne Airgeadais.
Rannóg Acmhainní Daonna / Aonad Oiliúna agus Forbartha
Tá an Rannóg Acmhainní Daonna freagrach as cleachtas forásach acmhainní daonna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm in OPAS. Tacaíonn an tAonad Oiliúna agus Forbartha le forbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) fhoireann OPAS trí deiseanna oideachais agus oiliúna seachtracha agus imeachtaí FGL dlí intí a sholáthar.
An tAonad Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide
Tá an tAonad TFC freagrach as córais crua-earraí agus bogearraí OPAS, lena n-áirítear na córais bainistíochta cáis, táirgiúlachta oifige agus cumarsáide atá aici, a bhainistiú, a fhorbairt agus a chothabháil.
An tSeirbhís Eolais agus Faisnéise
Soláthraíonn an tSeirbhís Eolais agus Faisnéise seirbhísí leabharlainne, faisnéise agus eolais d’fhoireann OPAS. Soláthraíonn an tSeirbhís rochtain deisce ar réimse leathan acmhainní faisnéise dlí ar líne don fhoireann dlí, soláthraíonn sí oiliúint i scileanna faisnéise agus eolais, agus tá sí freagrach as Straitéis Bainistíochta Eolais OPAS a chur i bhfeidhm.
An Rannóg Seirbhísí Oifige
Tá an Rannóg Seirbhísí Oifige freagrach as an áitreabh agus na háiseanna a bhainistiú, as sláinte agus sábháilteacht, as bainistíocht doiciméad agus taifead, agus cuireann sí réimse seirbhísí tacaíochta ar fáil d’fhoireann OPAS freisin.