Forbairt na Straitéise Náisiúnta um Sholáthar Poiblí - Comhairliúchán Oscailte
- Foilsithe: 30 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Soláthar do Thodhchaí na hÉireann: I dtreo straitéis um sholáthar poiblí náisiúnta
Tá an Rialtas ag lorg do thuairimí faoi fhorbairt na chéad Straitéise um Sholáthar Poiblí d’Éirinn. Tá comhairliúchán poiblí seolta ag an Oifig um Sholáthar Rialtais, a fheidhmíonn mar chuid den Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe, a bheidh mar bhonn eolais don straitéis. Beidh d’ionchur ina chuidiú mar bhonn eolais don treo atá beartaithe do thodhchaí an tsoláthair phoiblí sna cúig bliana amach romhainn. Iarrtar orthu siúd ar mian leo a bheith páirteach an suirbhé ar líne a chomhlánú, atá ar fáil anseo. Roimh duit d’aighneacht a dhéanamh, léigh an t-eolas thíos le do thoil.
Tabhair do d’aire le do thoil gur comhairliúchán ar leithligh é seo ón gceann siúd atá á dhéanamh mar chuid de mheastóireacht an Choimisiúin Eorpaigh faoi na trí Threoir maidir le Soláthar Poiblí. Is féidir tuilleadh faisnéise faoin gcomhairliúcháin sin a fháil Item was unpublished or removed
Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí suirbhé ná 17.00 Dé Máirt, 20 Bealtaine 2025
Cé orthu a bhfuiltear ag díriú an comhairliúchán seo?
Tá an comhairliúchán seo oscailte do gach duine a bhfuil suim acu sa treo atá beartaithe do thodhchaí an tsoláthair phoiblí in Éirinn lena n-áirítear, ach gan bheith teoranta do chomhlachtaí poiblí, gnólachtaí (lena n-áirítear fiontair shóisialta), ENRanna, grúpaí pobail, ionadaithe poiblí, scoláirí agus baill den phobal.
Conas is féidir aighneacht a dhéanamh?
Tá suirbhé ar líne curtha le chéile chun deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara a bheith páirteach ann. Tá an suirbhé ar fáil anseo. Más féidir linn tacaíocht maidir le haon riachtanais rochtana a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag strategy@ogp.gov.ie
Céard é soláthar poiblí?
Tagraíonn soláthar poiblí don phróiseas trína gceannaíonn comhlachtaí na seirbhíse poiblí amhail scoileanna, ospidéil, údaráis áitiúla agus ranna rialtais earraí, seirbhísí nó oibreacha ó sholáthróirí. Cuimsítear leis gnáth-earraí nó gnáth-sheirbhísí, amhail leigheasanna agus bailiú dramhaíola, go conarthaí ar scála mór i gcomhair tograí bonneagair, amhail droichid agus bóithre. Tá sé á rialú ag dlí an AE agus ag dlí náisiúnta chun tacú le saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, chun tacú le cóir chomhionann agus neamh-idirdhealú, agus chun trédhearcacht nós imeachta a chosaint, d’fhonn comórtas oscailte agus luach ar airgead a chur chun cinn.
Cad chuige a bhfuil soláthar poiblí tábhachtach?
Is sciar mór de chaiteachas an Stáit é an soláthar poiblí. Is féidir leis cabhrú leis an Stát seirbhísí poiblí níos fearr a sholáthar agus is féidir airgead poiblí a chaitheamh ar bhealach éifeachtach, trédhearcach, inbhuanaithe agus straitéiseach dá bharr. In a lán earnálacha amhail fuinneamh, iompar, bainistiú dramhaíola, cosaint shóisialta agus soláthar seirbhísí sláinte nó oideachais, is iad na húdaráis phoiblí na príomhcheannaitheoirí.
I bhfianaise a scála, is deis shuntasach do ghnólachtaí de gach méid, do FBManna go háirithe, é soláthar poiblí.
Is féidir freisin tairbhí sochaíocha, timpeallachta agus eacnamaíocha a bhaint amach le soláthar poiblí. Mar shampla, is féidir le comhlacht poiblí a sholáthar a úsáid chun fostaíocht a spreagadh, lena n-áirítear fostaíocht i measc na ngrúpaí siúd atá faoi mhíbhuntáiste nach bhfuil a dhóthain oibre acu, is féidir leis nuálaíocht a chur chun cinn, tacú le forbairt FBManna, lena n-áirítear fiontair shóisialta, agus cuspóirí rialtais a chur chun cinn i réimse an athraithe aeráide agus an ionchuimsithe shóisialta. Féachann an AE níos mó ar sholáthar poiblí mar áis chun an infheistíocht a stiúradh
Cén fáth a bhfuil straitéis á forbairt againn?
Clár an Rialtais: I dTodhchaí na hÉireann a Dhaingniú tá gealltanas san áireamh ann athbhreithniú a dhéanamh ar phróiseas an tsoláthair phoiblí chun é a dhéanamh níos trédhearcaí agus obair chun níos mó rannpháirteachais ó FBManna in Éirinn a chinntiú. Tá an AE ag tabhairt tosaíocht d’athbhreithniú ar rialacha soláthair phoiblí reatha freisin, chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus chun próisis shimplí atá fónta ó thaobh an dlí de a ráthú. Ar an ábhar sin, tá sé tráthúil an chéad straitéis náisiúnta um sholáthar poiblí d’Éirinn a bheith againn, ionas go mbeidh critéir shóisialta agus thimpeallachta á gcomhtháthú againn i bpróisis soláthair phoiblí agus soláthar poiblí á úsáid mar áis againn chun infheistíocht a stiúradh.
Mar atá luaite thuas, féadfaidh an soláthar poiblí a bheith ina eochairspreagadh chun cuspóirí rialtais agus sochaíocha níos fairsinge a bhaint amach, ach ní hé an príomhspreagadh é. Ar an ábhar sin, tá cur chuige comhoibríoch agus comhaontaithe ag teastáil, chun úsáid an tsoláthair phoiblí a chomhnascadh d’fhonn luach níos mó ar airgead a bhaint amach – ní amháin ó thaobh praghais de ach ó thaobh inbhuanaitheachta, clásail shóisialta, folláine eacnamaíoch agus acmhainneachta de.
Tá dul chun cinn suntasach déanta le blianta beaga anuas chun soláthar poiblí a dhéanamh níos oiriúnaí do FBManna: le ciorclán FBM uasdátaithe (2023), treoirleabhair inrochtana so-úsáidte agus acmhainní amhail na Item was unpublished or removed agus leideanna den scoth chun an phróiseas a shimpliú. Chomh maith leis sin d’fhorbair an Roinn an uirlis dhigiteach Cuardach Chritéir GPP, chun cabhrú le ceannaitheoirí agus soláthróirí a thuiscint céard atá le déanamh acu chun ceannach glas a dhéanamh agus conas é a dhéanamh.
Tá roinnt mhaith polasaithe náisiúnta ann cheana féin a úsáideann cumhacht an airgid phoiblí mar áis chun cuspóirí, nach bhfeictear go mbaineann siad go díreach le soláthar, a chur chun cinn, mar shampla: an Plean Gníomhaíochta don Phrintíseacht 2021-25, an polasaí Item was unpublished or removed An Beartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta 2024-27, Tionchar 2030 agus Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann. Anuraidh, d’fhoilsigh an Rialtas Ag ceannach Glas: Straitéis um Sholáthar Poiblí agus Plean Gníomhaíochta Glas 2024-2027, a bhfuil sé mar aidhm leis cleachtais soláthair ghlasa agus chiorclacha a chur i bhfeidhm ar fud na hearnála poiblí. Cuirfidh an straitéis um sholáthar poiblí náisiúnta leis an bhforbairt seo chomh maith le príomhthéamaí eile a phlé, atá leagtha amach sa mhír seo a leanas.
Céard é cuspóir na straitéise?
Is é cuspóir na straitéise ná saol mhuintir na hÉireann a fheabhsú trí sholáthar poiblí atá straitéiseach, nuálach, inbhuanaithe, agus trédhearcach a sholáthar a thacaíonn le hiomaíocht agus le luach ar airgead.
Tá an obair tosaithe cheana féin. I mí an Mheithimh 2024, d’fhoilsigh an Roinn Item was unpublished or removed I Meán Fómhair 2024, reáchtáil an Roinn i gcomhpháirtíocht leis an gCoimisiún Eorpach ‘plé straitéiseach’ náisiúnta faoi úsáid soláthair phoiblí atá glas, a bhfuil freagracht shóisialta ag baint leis agus atá nuálach. Ba é aschur an phlé seo ná foilsiú treochláir i dtreo straitéis um sholáthar poiblí náisiúnta. Tá an treochlár ar fáil anseo.
Beidh an straitéis ag teacht le Seirbhísí Poiblí Níos Fearr: Straitéis Chlaochlaithe na Seirbhíse Poiblí a leagann amach fís do “sholáthar seirbhíse poiblí atá ionchuimsitheach, ar ardchaighdeán agus comhtháite a riarann ar riachtanais agus a fheabhsaíonn saol mhuintir na hÉireann”. Cuirfidh sí leis an bhfís seo, trí thacaíocht a thabhairt dár FBManna, trí acmhainneacht tráchtála ceannaitheoirí poiblí agus lucht déanta polasaithe in Éirinn a fhorbairt, trí ghníomhú chun a chinntiú go bhfuil an córas sofhreagrúil go leor chun glacadh le dúshláin eacnamaíocha, shochaíocha agus gheopholaitiúla, agus trí chultúr nuálaíochta i soláthar poiblí a chothú chun na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach dóibh siúd a chónaíonn anseo.
Tá trí sheasamh maidir le beartas bunúsach glactha. Ní mór don Straitéis:
1. a bheith ar mhaithe leis an leas is fearr don phobal;
2. cur ar chumas ceannaitheoirí poiblí rochtain níos fearr a fháil ar mhargaí ar a mbíonn siad ag brath; agus
3. rannpháirteachas i soláthar poiblí a éascú do sholáthróirí.
Téamaí molta faoina n-iarrfar ort do thuairim
Tugann an suirbhé deis duit do thuairimí a roinnt linn faoi bhuanna an 11 théama leagtha amach thíos:
Aithníodh ceithre phríomhthéama Item was unpublished or removed ar ar tógadh an straitéis:
1. Is príomhchuspóir den straitéis é Soláthar Poiblí Straitéiseach mar a leanann Éire de bheith ag gluaiseacht i dtreo todhchaí níos nuálaí, ina bhfuil níos mó ionchuimsiú sóisialta, atá níos inbhuanaithe agus a thacaíonn lenár FBManna.
2. Is bunphrionsabal de dhlí an AE agus den dlí náisiúnta um sholáthar é an trédhearcacht. Rialaíonn sé gach céim den phróiseas ó fhoilsiú tairisceana go dámhachtain chonartha. Is iad na fógraí soláthair atá foilsithe ar eTenders an phríomhfhoinse agus an t-aon fhoinse láraithe de shonraí soláthair phoiblí in Éirinn. Tacaíonn sonraí ó na fógraí seo le ceanglais tuairiscithe éigeantacha go náisiúnta agus chuig an gCoimisiún Eorpach. Tacaíonn sonraí freisin le ceapadh beartais agus le cinnteoireacht fhianaisebhunaithe. Ar an ábhar sin, is príomhchuspóir den straitéis é an trédhearcacht agus an oscailteacht do gach céim den phróiseas soláthair phoiblí a fheabhsú.
3.Tagraíonn Seachadadh Feasach do phróiseas a ‘chabhraíonn le daoine cinntí eolacha a dhéanamh faoi bheartais, faoi chláir agus faoi thograí tríd an bhfianaise is fearr atá ar fáil a chur i gcroílár fhorbairt agus chur i bhfeidhm na mbeartas’ (Treoirlínte NA agus AE). Is príomhchuspóir den straitéis é an t-eolas ceart a fháil ionas gur féidir an cinneadh ceart a dhéanamh ag an am ceart, mar go bhfuil forbairt rathúil beartais soláthair nasctha le breithniú a dhéanamh ar an gcomhthéacs eacnamaíoch, sochaíoch agus polaitiúil níos leithne agus ar na himeachtaí geopholaitiúla ina ndéantar soláthar poiblí.
4. Digitiú: I gCónascadh Rialtais 2030 leagtar amach cur chuige chun rialtas digiteach a sholáthar agus chun an chaoi a mbíonn daoine, gnólachtaí agus lucht déanta beartas ag idirghníomhú a athrú. Is é cuspóir eForms agus eTenders, agus an dúil le soláthar digiteach ardchaighdeáin, comhtháite agus ó cheann go ceann a chur ar fáil ar bhonn céimnithe, ná na hualaí riaracháin do cheannaitheoirí agus do sholáthróirí a laghdú agus bealaí nua a chruthú do ghnólachtaí Éireannacha le bheith rannpháirteach i soláthar poiblí. Tacóidh Éire leis an straitéis nua seo um sholáthar poiblí náisiúnta le straitéis dhigiteach thiomnaithe i gcomhair soláthar poiblí.
Chomh maith leis na ceithre phríomhthéama thuas, tá tuairimí faoi na nithe seo a leanas á lorg freisin a eascraíonn ó Chlár an Rialtais: Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú, nó ón togra ‘plé straitéiseach’ leis an gCoimisiún Eorpach:
5. Muinín Phoiblí: is féidir le soláthar poiblí ról criticiúil a imirt chun muinín phoiblí sa Rialtas a chaomhnú agus a chothú. Tá ECFE tar éis cúig phríomhchúis le muinín in institiúidí poiblí a aithint, is iad sin freagrúlacht; iontaofacht; macántacht; oscailteacht agus cothroime. Tá an téama seo comhnasctha le téamaí eile lena n-áirítear Trédhearcacht agus soláthar poiblí Éifeachtúil agus Éifeachtach.
6. Forbairt cumais do cheannaitheoirí poiblí: beidh sé ríthábhachtach do chur chun feidhme rathúil na straitéise seo a chinntiú go bhfuil na scileanna agus an t-eolas riachtanacha ag ceannaitheoirí poiblí agus ag lucht déanta beartais chun na gníomhaíochtaí comhaontaithe a chur i gcrích. Is príomh-shaincheisteanna iad oiliúint, scileanna tráchtála agus tacaíochtaí (amhail treoir agus acmhainní eile) a bheidh le plé faoin téama seo.
7. Tacaíochtaí d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna): gealltar i gClár an Rialtais bonn fiontraíochta na hÉireann a fhorbairt mar thosaíocht – ó thacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí beaga agus nuathionscanta, go gnólachtaí dúchasacha a mhéadú. Tá béim curtha ar an ról is féidir le soláthar poiblí a imirt maidir leis seo le gealltanas an rialtais an próiseas soláthair phoiblí a athbhreithniú d’fhonn oibriú le níos mó rannpháirteachais ó FBManna a chinntiú. Tá sé de dhualgas ar gach comhlacht poiblí céimeanna a ghlacadh chun rannpháirteachas FBManna a éascú ina soláthairtí. In 2023, d’fhoilsigh an Roinn Ciorclán 05/2023: Tionscnaimh chun cuidiú le FMBanna i Soláthar Poiblí. Leagtar amach sa chiorclán seo bearta d’údaráis chonarthacha atá le glacadh chun rannpháirteachas FBManna i soláthar na hearnála poiblí a chur chun cinn.
8. Ceannach lárnach: bunaíodh an Oifig um Sholáthar Rialtais in 2013 mar ceann amháin de chúig chomhlacht lárnacha ceannaigh (CLCanna), i dteannta le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, leis an Roinn Cosanta, leis an tSeirbhís Soláthair Oideachais, agus leis an Ionad um Sholáthar Oibríochtúil Rialtais Áitiúil. Tá na cúig CLC seo freagrach as earraí agus as seirbhísí coiteanna a fháil ar son na seirbhíse poiblí trí “shocruithe lárnacha”. Agus is beartas rialtais é gur cheart do chomhlachtaí poiblí, nuair is féidir, úsáid a bhaint as na socruithe lárnacha seo.
9. Is gné lárnach é Luach ar Airgead: soláthar poiblí éifeachtúil agus éifeachtach do gach ceann den aon téama dhéag atá molta anseo. Tagraíonn sé d’úsáid optamach acmhainní (idir acmhainní daonna agus airgeadais) agus do sheachadadh in am, d’ardchaighdeán agus do luach ar airgead ach freisin do sholáthar poiblí chun tionchar sochaíoch, eacnamaíoch agus comhshaoil níos fairsinge a sholáthar. Áirítear leis freisin soláthar comhpháirteach (áit a dtagann dhá chomhlacht phoiblí nó níos mó leis an riachtanas soláthair céanna le chéile agus foilsíonn siad aon tairiscint amháin), ar féidir leis éifeachtúlacht caiteachais phoiblí a mhéadú trí úsáid níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí acmhainní a éascú, barainneacht scála a bhaint amach agus iomaíocht a mhéadú, b’fhéidir, de bharr cumhacht chaithimh mhéadaithe, mar shampla.
10. Bonneagar: aithnítear i gClár an Rialtais seachadadh seasmhach, fadtéarmach de bhonneagar riachtanach mar thosaíocht don Rialtas. Tá rannán bonneagair tiomnaithe bunaithe ag an Rialtas sa roinn athainmnithe an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe. Ní mór gach tionscadal oibreacha poiblí a sheachadtar faoin ngné atá cistithe ag an Státchiste de phlean caipitil an Rialtais a sholáthar de réir na bhforálacha atá leagtha síos i gCreat Bainistithe na nOibreacha Caipitil (CWMF). Is iad príomhchuspóirí CWMF ná deimhneacht chostais ag céim dámhachtana na tairisceana, luach níos fearr ar airgead agus seachadadh níos éifeachtúla ar thionscadail oibreacha poiblí. Cuireann CWMF le Treoirlínte Bonneagair, ina leagtar amach na treoirlínte maidir le luach ar airgead chun tionscadail infheistíochta poiblí a mheas, a phleanáil agus a bhainistiú, lena n-áirítear sócmhainní nó scairshealbha a cheannach nó a fháil.
11. Athléimneacht: leis na dúshláin a tháinig as géarchéimeanna amhail paindéim Covid-19 agus an costas ard fuinnimh, leagadh béim ar thábhacht na comhpháirte athléimneachta i bpleanáil straitéiseach an tsoláthair phoiblí chun ullmhacht chóras an tsoláthair phoiblí i leith géarchéimeanna a chinntiú. Le linn ghéarchéim na paindéime agus ghéarchéim an fhuinnimh, b’éigean don earnáil phoiblí leibhéil shuntasacha lúfaireachta agus athléimneachta a léiriú chun leanúnachas an tsoláthair agus na seirbhíse a chumasú. Tá ceachtanna suntasacha foghlamtha ag leibhéal an údaráis chonarthaigh aonair agus leibhéal earnála, cuid díobh a d’fhéadfadh a chur le chéile ag leibhéal náisiúnta.
Cé air a bhfuil an straitéis seo dírithe?
Ar an gcéad dul síos, comhlachtaí seirbhíse poiblí (ranna agus gníomhaireachtaí) a chuirfidh an straitéis i bhfeidhm. Ar an dara dul síos, tugann an straitéis teachtaireacht láidir do FBManna go bhfuil an Rialtas tiomanta tacú lena rannpháirteachas méadaithe i soláthar poiblí. Ar deireadh, cuireann an straitéis in iúl don cháiníocóir uaillmhian leanúnach an Rialtais do sholáthar poiblí níos straitéisí, níos nuálaí, níos inbhuanaithe agus níos trédhearcaí.
Cén cineál soláthair a chlúdaítear sa straitéis?
Beidh feidhm ag an straitéis maidir le soláthar earraí, seirbhísí agus oibreacha ag an earnáil phoiblí in Éirinn.
An gcuirfear an scrúdú FBM i bhfeidhm ar an straitéis?
Cuirfear, i gcomhréir le beartas an rialtais cuirfear an scrúdú FBM i bhfeidhm ar an straitéis lena chinntiú go gcuirfear an tionchar iomlán ar FBManna san áireamh. Imríonn FBManna príomhról i soláthar poiblí in Éirinn. Ar cheann de phríomhchuspóirí na straitéise tá leanúint de rannpháirteachas na FBManna i soláthar poiblí a chur chun cinn agus bearta a ghlacadh chun a rannpháirteachas a éascú a thuilleadh.
Céard a dhéanfaimid leis an eolas?
Táimid tiomanta dul i mbun caidrimh le páirtithe leasmhara ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach agus is mór againn agus táimid buíoch as do fhreagra ar ár gcomhairliúcháin.
Táimid tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus a phróiseáil de réir rialacháin RGCS, tá tuilleadh eolais ar fáil Item was unpublished or removed
Beidh gach aighneacht faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise, tá tuilleadh eolais ar fáil Item was unpublished or removed
Ar mhaithe le trédhearcacht, tá sé beartaithe againn na haighneachtaí a fhoilsiú. Chun na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003 agus an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 a chomhlíonadh, níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó atá íogair ó thaobh na tráchtála de a áireamh i d’aighneacht.
Conas is féidir liom coinneáil suas le dáta faoin dul chun cinn i dtreo an straitéis nua a fhorbairt?
Beidh nuashonrúcháin faoi fhorbairt na straitéise nua á bpostáil ar Item was unpublished or removed
Fiosrúcháin
Ba cheart aon fhiosrúchán maidir leis an gcomhairliúcháin poiblí seo a sheoladh i ríomhphost chuig strategy@ogp.gov.ie
De rogha air sin, is féidir leat glaoch a chur ar Fhoireann Tacaíochta OGP ag +353 1 773 8000 agus d’fhiosrúchán a logáil ar an bhfón. Ba cheart aon fhiosrúchán eile maidir le soláthar poiblí a dhíriú chuig deasc thacaíochta thiomnaithe OGP, support@ogp.gov.ie
Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí suirbhé ná 17.00 Dé Máirt, 20 Bealtaine 2025.