Óráid ag An Taoiseach, Searmanas Cuimhneacháin Síochánaíochta na Náisiúin Aontaithe Nua Eabhrac
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Seiceáil i gCoinne Seachadadh
A Oirirceasa, a Thánaiste, a Aire Kehoe, a Leasaimiréal Mellet, a Aíonna Oirirce, a Dhaoine Uaisle.
Go raibh maith agaibh as a bheith in éineacht liom ar maidin, nuair a cheiliúraimid 60 bliain de rannpháirteachas na hÉireann ar oibríochtaí síochánaithe na Náisiún Aontaithe.
Leanann an ócáid seo le searmanas oifigiúil Stáit i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Inniu táimid anseo i mbaile na Náisiún Aontaithe, in aice leis an gClog Síochána, siombail den dóchas uilíoch don tsíocháin.
Ag labhairt ag Tionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i 1963, d'inis ceann de mo shinsir Seán Lemass, don domhan gurb é dualgas sollúnta na Náisiún Aontaithe ná fórsaí na polaitíochta, na heolaíochta agus na teicneolaíochta a chomhchuibhiú agus a rialú ar mhaithe leis an tsíocháin agus ar fheabhsú na daonnachta ina iomláine.
An t-ábhar dóchais is fearr ar domhain is ea iad na Náisiúin Aontaithe agus tháinig ár gcuid focal lenár ngníomhartha le seasca bliain anuas. Throid fir agus mná na hÉireann agus fuair siad bás ar son cúis na síochána agus i seirbhís daoine eile.
Gné comhsheasmhach dár mballraíocht ba ea Tiomantas iomlán na hÉireann maidir le haidhmeanna agus idéalacha na Náisiún Aontaithe. Glacaimid leis na hoibleagáidí a thagann ó bheith páirteach sa phobal domhanda.
Inniu tá Rialtas na hÉireann bródúil as comóradh suntasach a thabhairt d'Óglaigh na hÉireann, agus do mhuintur na hÉireann ar ndóigh.
Ó tháinig Éire isteach sna Náisiúin Aontaithe sa chéad áit i 1955, chuireamar go leanúnach le hobair an phobail idirnáisiúnta chun na dúshláin idirnáisiúnta a bhaineann le síocháin agus slándáil, cearta an duine agus forbairt a chomhlíonadh.
Cé go bhfuil tacaíocht phoiblí ardphróifíle agus forleathan ag gach ceann de na tosaíochtaí seo in Éirinn, tá áit speisialta i gcroílár na nÉireannaigh ag ár rannchuidiú le hoibríochtaí síochánaíochta na Náisiún Aontaithe.
Ós rud é go raibh na chéad trúpaí Éireannacha in úsáid ar oibríochtaí síochána na Náisiún Aontaithe i 1958, níor rith aon lá gan rannpháirtíocht na hÉireann in oibríochtaí tacaíochta síochána na Náisiún Aontaithe.
Le linn tréimhse seasca bliain anuas, chaith na mílte mná agus fir Éireannacha na clogaid ghorma ar oibríochtaí síochána na Náisiún Aontaithe. Táimid chomh bródúil as an gclogad gorm leis an gcláirseach ná an seamróg.
Chuir gach baile, baile agus comharsanacht inár dtír bheag fir agus mná chun freastal ar mhisin shíochánaíochta na Náisiún Aontaithe. Tá eolas ag gach duine ar dhuine, nó ar roinnt daoine, a sheirbheáil sna Náisiúin Aontaithe Everyone knows someone who has served in the UN, if not several. Peacekeeping has become a part of our national identity.
Le linn tréimhse seasca bliain anuas, d'oibrigh ár pearsanra míleata, póilíní agus sibhialta i dtíortha ar fud an domhain, sa Liobáin, sa Chipir, sna Balcáin, i dTimor Thoir, sa Libéir agus sa Chongó, gan ach roinnt bheag a lua.
Inniu, tá níos mó ná 640 pearsanra d'Óglaigh na hÉireann atá imscaradh ar mhisean síochána na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear níos mó ná 370 mná agus fir ar mhisean UNIFIL sa Liobáin, misean atá muid ag cabhrú leis le 40 bliain anuas.
Feicimid seirbhís le na Náisiúin Aontaithe mar ghlaoch uasal agus tábhachtach. Déanann na fir agus mná s'againne ionadaíocht ar son ár dtír go proifisiúnta, le tiomantas agus go cróga. Táimid bródúil astu agus gabhaimid buíochas as a gcuid seirbhíse.
Aithnímid na híobairtí a rinne gach duine acu, agus a dteaghlaigh, ag déanamh a bhí de dhualgas orthu a dhéanamh.
Níor tháinig cuid acu abhaile riamh. Fuair 88 pearsanra Éireannacha bás ar son dtír i seirbhís na síochána. Tá sé oiriúnach ag an am seo cuimhneamh agus urram a thabhairt do gach duine a fuar bás.
Guímis inniu ar na coimeádaithe síochána agus a dteaghlaigh. Beimid faoina gcomaoin acu go deo. Ar dheis Dé go raibh a n-anam.
Nuair a thug mé cuairt ar mhisean UNIFIL ag an Nollaig, chonaic mé roinnt de na rioscaí, na guaiseacha agus na bagairtí a chaithfidh ár bpearsanra síochána déileáil leo go laethúil.
Chonaic mé chomh maith an dóigh a láimhseálann ár gcoimeádaithe síochána a dtascanna, an cúnamh slándála agus daonnúil a sholáthraíonn siad agus an tionchar cobhsaíochta cumhachtach atá acu ar na pobail ina bhfreastalaíonn siad.
Is é an léargas nádúrtha bheith ag cabhrú le pobail áitiúla a dhéanann cur síos ar an dóigh a láimhseálann na hÉireannaigh coimeád na síochána.
An tseachtain seo caite, ina ina theachtaireacht físe le linn Searmanas an Stáit i mBaile Átha Cliath, dhearbhaigh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe go raibh ranníocaíocht luachmhar na hÉireann ag oibríochtaí síochánaithe na Náisiún Aontaithe agus chomh maith lenár gceannaireacht i bhforbairt leanúnach pholasaí agus fhoirceadal na síochána.
Inniu, athdhearbhaím go bhfuil tiomantas láidir ag Rialtas na hÉireann cúis síochána agus slándála idirnáisiúnta a chur chun cinn.
Níos déanaí inniu, seolóidh an Tánaiste agus mé féin go hoifigiúil feachtas na hÉireann le toghchán chuig Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe don tréimhse 2021-2022.
Má éiríonn leis sin, úsáidfimid ár n-áit ag croílár cinnteoireachta na Náisiún Aontaithe chun síocháin, slándáil agus forbairt idirnáisiúnta a chur chun cinn.
In 2021, marcálfaimid céad bliain de neamhspleáchas na hÉireann, nuair a d'iarr Michael Collins ar Éire a bheith ina ‘réalta eolais i saol dubh’. Leanfaimid ar aghaidh a bheith mar an réalta sin i saol dubh..
D'fhéadfadh Éire bheith ina oileán beag ar imeall na hEorpa, ach tá dearcadh domhanda againn.
Léiríonn ár dtraidisiún bródúil as rannpháirtíocht in oibríochtaí bainistíochta síochána agus bainistíochta géarchéime conas is féidir linn a bheith ina fórsa cumhachtach maidir le síocháin agus le cobhsaíocht.
Aithnímid inniu an misneach agus an díograis daingean ar dhualgais atá ag ár gcoimeádaithe síochána uilig, go háirithe iad siúd a chaill a saol ar an líne thosaigh.
Is as sibhse uilig a ghlac páirt i gcoimeád na síochána le 60 bliain anuas a ghabhaim buíochas, i m'ainm féin agus in ainm Rialtas na hÉireann, To all who have played their part over the last 60 years of peacekeeping, on behalf of the Irish Government, gabhaim buíochas as bhur seirbhís agus.
Go raibh maith agaibh.