VC Neamhfhoirmeálta na nAirí Spóirt an 1 Nollaig 2020
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bail ó Dhia oraibh, a chomhghleacaithe.
Mo bhuíochas d'Uachtaránacht na Gearmáine as an gComhairle seo a eagrú agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh léi thar ceann na hÉireann as a hUachtaránacht ar an AE.
Ag díriú anois ar an dá cheist do chruinniú an lae inniu:
Maidir le ceist a haon, bhí tréimhse 6 mhí in Éirinn idir Márta agus Lúnasa nach raibh comórtais Oilimpeacha ná spóirt Pharailimpeacha ar bith ar siúl. Cuireadh fáilte leis an soiléiriú luath go raibh na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo á gcur siar agus chuir sin ar chumas lúthchleasaithe agus eagraíochtaí spóirt a bpleananna a athrú.
Is cosúil go bhfuil ag éirí go maith leis an gcomhoibriú idir na Comhlachtaí Rialachais Náisiúnta, na cónaidhmeanna idirnáisiúnta lena mbaineann agus Rialtais. Tá an-rannpháirtíocht ar bun maidir le féilirí leasaithe na gcomórtas.
Tá tacaíocht agus ionchur Rialtais de dhíth ar mhaithe le tairiscint ar mhórimeachtaí spóirt a bhua agus chun na himeachtaí sin a sheachadadh agus a óstáil go rathúil. Bhí sé an-dúshlánach athdheimhniú a dhéanamh ar ghealltanais Rialtais i gcúinsí lena mbaineann brú ama ollmhór agus neamhchinnteacht. Cé go bhfuil dea-scéal ag teacht chun cinn maidir leis an vacsaín, is mór an neamhchinnteacht a bheidh ann fós in 2021 agus ina dhiaidh sin. Tá sé riachtanach go leanfaí den obair i gcomhar agus den chomhthuiscint láidir chun dul i ngleic leis an dúshlán leanúnach sin.
Meastar gur príomhdhúshlán oibríochta don spórt é scaipeadh Covid-19 i measc foirne a bhíonn ag taisteal in éindí a chosc. Ní mór anois socruithe lóistíochta nua, lena mbaineann iompar príobháideach, seomraí aonair in óstáin agus achar níos giorra a chaitheamh ag comórtas a chur i bhfeidhm.
Príomhdhúshláin atá, agus a bheidh, i gceist le taisteal idirnáisiúnta chomh maith. Tá sé ríthábhachtach go leanfaí de thaisteal idirnáisiúnta réidh agus eagraithe d'fhoirne gairmiúla agus do dhuine ar bith ar mian leo cáilíocht Oilimpeach/Pharailimpeach a bhaint amach. Ba mhaith linn béim a leagan chomh maith ar árachas. Tá roinnt spórt in Éirinn a raibh fadhbanna acu clúdach árachais sásúil a fháil do ghrúpaí a tholg Covid-19 agus iad thar lear taisteal a dhéanamh. Ba mhaith liom dá gcuirfí in iúl dom má tá an fhadhb seo ag teacht chun cinn i dtíortha eile.
Ceist 2
Maidir le ceist a dó, thacódh Éirinn le níos mó malartuithe AE. Sa chomhthéacs sin, ba mhaith linn a mholadh go ndíreofaí ar thrí réimse:
Ar an gcéad dul síos, an oiread caighdeánú agus is féidir a bhaint amach maidir le córais tástála. Cuideoidh an méid is mó caighdeánú agus is féidir a bhaint amach, agus go mbeadh an caighdeánú sin mar aon le haonfhoirmeacht na gcóras sin, go mór le himeachtaí a phleanáil go rathúil.
Ar an dara dul síos, is léir go bhfuil gá go gcuirfí eolas ar fáil do lucht tacaíochta spóirt maidir le freastal ar na himeachtaí seo go sábháilte agus go gcuideofaí leo sin a dhéanamh. Is iontach an borradh a tháinig as spórt a thabhairt ar ais gan aon lucht féachana i láthair ach tá sé chomh soiléir nach bhfuil an lucht tacaíochta ann, agus is mór an trua é sin. Ní mar a chéile ar chor ar bith na himeachtaí seo gan an lucht tacaíochta a bheith ann agus b'fhéidir go ndéanfadh an AE feachtas eolais a stiúradh chun cuidiú le dea-iompar lucht tacaíochta a chur chun cinn agus an dea-iompar sin a threorú. D'fhéadfadh sé cuidiú chomh maith le muinín a neartú sa lucht tacaíochta maidir lenár bpleanáil shábháilte imeachta.
Ar an tríú dul síos, ní féidir beag is fiú a dhéanamh den tionchar inspioráideach a bhaineann le himeachtaí móra. Tá sé sothuigthe go ndíreofar ar shábháilteacht agus ar shlándáil imeachtaí ach ní mór dúinn freisin an acmhainn ollmhór a bhaineann leis na himeachtaí seo i dtaobh dlús a chur faoi rannpháirtíocht níos forleithne i spórt, chomh maith le maitheas a dhéanamh d'fhorbairt leanúnach eacnamaíochta agus turasóireachta. Is ceart atá sé béim a leagan ar an luach a bhaineann le spórt agus an acmhainn atá ann caidrimh idirnáisiúnta níos fearr a chothú chomh maith le mórtas náisiúnta agus pobal a chothú agus is ceart freisin poiblíocht a thabhairt ina leith.
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl arís de mo chomhghleacaí as an nGearmáin agus guím gach rath ar an bPortaingéil maidir lena hUachtaránacht an mhí seo chugainn.
Go raibh maith agat.