Óráid an Taoisigh, Dara Stáitse sa Dáil d’Imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach Bille (Forálacha Iarmhartacha) 2019
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Seiceáil i gCoinne Seachadadh
Ceann Comhairle,
Aithníonn gur iarracht ar shrianadh domáiste atá i gceist le Breatimeacht gan aontú a bhainistiú.
Is ionann an Bille seo agus cur chuige uile-Rialtais maidir le sinn a chosaint ó na himpleachtaí is measa.
Ar amharaí an tsaoil, bhí ullmhúchán agus pleanáil le haghaidh réimse cásanna Breatimeacht ar bun go maith roimh reifreann na RA i 2016. Cuireadh tacair de struchtúir Rialtais chuimsitheacha in ionad chun deimhniú go raibh gach Roinn agus a gníomhaireachtaí i mbun dianullmhúcháin agus gníomhaíochtaí teagmhasacha.
Fograíodh gnímh thiomnaithe chun Éire a ullmhú don Bhreatimeacht sna trí Bhuiséad deireanacha, lena n-áirítear infheistíocht shuntasach do ghnó.
I gcás Breatimeacht gan aontú, aithnímid go mbeadh sé neamhfhéideartha na socrúcháin éasca reatha idir an AE agus an RA a chaomhnú, nó socrúcháin a chur in ionad atá ar aon dul leis na socrúcháin atá foráilte sa Chomhaontú Aistarraingthe.
Mar sin tá ár bhfócas ar an RA ag daingniú an Comhaontú Aistarraingthe, a chuimsíonn an Prótacal ar Éire agus Tuaisceart Éireann, a críochnaíodh tar éis idirbheartaíochtaí diana idir an RA agus an AE.
Cosnaíonn an Prótacal Comhaontú Aoine an Chéasta agus an tsíocháin trí mheas iomlán a léiriú do stádas reachtúil Thuaisceart Éireann agus an prionsabal toilithe mar atá deimhnithe ag Comhaontú Aoine an Chéasta.
Tá foráil ann maidir le caomhnú Comhlimistéar Taistil, ag deimhniú gur féidir leis na socrúcháin dhéthaobhacha reatha leanúint ar aghaidh trínar féidir le saoránaigh Éireannacha agus Briotanacha maireachtaint, obair, staidéar a dhéanamh agus rochtain a fháil ar chúram sláinte, slándáil shóisialta agus seirbhísí poiblí i ngach dlínse amhail is dá mbeidis ina saoránaigh sa dá dlínse.
Deimhníonn sé nach bhfuil aon laghdú cearta, cosaintí agus comhionannas deiseanna mar atá leagtha amach i gComhaontú Aoine an Chéasta, agus dearbhaíonn sé go leanfaidh saoránaigh Éireannacha i dTuaisceart Éireann ag baint leasa as a gcearta mar shaoránaigh an AE, is é sin le rá saoirse gluaiseachta ar fud na hilchríche gan aon ghá le víosaí nó cead oibre.
Tá cosaint gach cuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta, tacú le comhoibriú idir an Tuaisceart agus an Deisceart agus eacnamaíocht an oileáin ar fad, chomh maith le cosaint agus caomhnú Comhlimistéar Taistil mar bhunchloch ag cur chuige an Rialtais i gcuid mhaith d’fhorálacha an Bhille seo.
Tá an AE tar éis a bheith an-soiléir go bhfuil sé meáite ar gach is féidir leis a dhéanamh, i gcás aontú nó gan aontú, chun an gá le haghaidh teorainn a sheachaint agus chun an próiseas síochána a chosaint.
Má roghnaíonn an RA an AE a fhágáil gan aontú, beidh freagrais ar Éirinn agus ar an AE maidir le cosaint ár Margadh Aonair agus Aontas Custam a chinntiú.
Beidh a freagrais féin ar an RA, lena n-áirítear riachtanais na hEagraíochta Dhomhanda Trádála a chomhlíonadh.
Agus beidh ár n-oibleagáidí féin againn go léir faoi seach faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus chun síocháin agus cobhsaíocht a chinntiú i dTuaisceart Éireann.
Comhréiteach isea an cúlstop a thángthas air mar thoradh ar idirbheartaíocht chúramach, leis an RA ag leagan béime ar an riachtanas chun teorainn chruaidh a sheachaint ar oileán na hÉireann agus chun iomláine Aontas Custam an AE agus an Margadh Aonair a chosaint.
Tá sé mar thoradh ar idirbheartaíocht idir an AE agus an RA agus tá sé tacaithe ag na daoine chuig gur dearadh é chun cosaint a dhéanamh orthu – ár saoránaigh sa stát seo agus saoránaigh Bhriotanacha agus Éireannacha i dTuaisceart Éireann, maraon le gnóanna, grúpaí sóisialta feirmeoireachta agus sibhialta sa dá dlínse.
Tá sé mar aidhm ag an gcúlstop teorainn chruaidh a sheachaint agus mar sin an próiseas síochána a chosaint. Ní féidir leis a bheith srianta maidir le ham agus ní féidir clásal scoir aontaobhach a bheith aige. Dá mbeadh sé sin amhlaidh, ní bheadh cúlstop ann.
Tá an AE tiomanta i leith socrúcháin mhalartacha a aimsiú agus teacht ar chomhaontú leis an RA chun teacht in ionad an chúlstop sa todhchaí.
Níl aon socrúcháin mhalartacha ann faoi láthair áfach, atá curtha faoi bhráid ag éinne, scríofa síos i bhfoirm dhlíthiúil nó léirithe i gcleachtas a shásaíonn na gcuspóirí atá ag an dá thaobh – teorainn chruaidh a sheachaint.
Tá sé i gceist go mbeadh an cúlstop mar pholasaí árachais chun teorainn chruaidh a sheachaint i ngach cás.
Tá an Rialtas cinnte go bhfuil an cúlstop riachtanach chun Comhaontú Aoine an Chéasta a chosaint. Treisíonn an éiginnteacht agus éagobhsaíocht pholaitiúil sa RA faoi láthair ár dtuairim.
Is í an tslí is fearr chun dul ar aghaidh anois ná chun an Comhaontú Imeachta a dhaingniú agus chun an t-am soláthartha ag an idirthréimhse a úsáid chun teacht ar réiteach i leith caidrimh níos fearr amach anseo, nó socrúcháin mhalartacha a sheachnaíonn an gá leis an gcúlstop a agairt.
Tá sé ráite cheana féin agam ach déarfaidh mé arís é; bheadh Breatimeacht gan aontú ar an toradh ba mheasa agus ní bheadh sé ar mhaithe leis an RA, Éire nó an AE.
De bharr na héiginnteachta leanúnach sa RA agus an ghaireacht le dáta an Breatimeacht, tá an Rialtas ag tógaint céimeanna coincréideacha de lean chun ullmhú le haghaidh Breatimeacht gan aontú.
Áirítear leo siúd foilsiú Plean Gnímh Teagmhais an Rialtais ar 19 Nollaig.
Leagann an Plean Teagmhais amach ár gcur chuige maidir le déileáil le Breatimeacht gan aontú. Cuimsíonn an Plean anailís ar an tionchar i leith gach gné den saol poiblí lena n-áirítear: an eacnamaíocht agus airgeadas poiblí; slándáil; Tuaisceart Éireann agus an caidreamh idir an Tuaisceart agus an Deisceart; agus soláthraíonn sé anailís earnála sonracha agus cineálacha cur chuige, ag leibhéal an AE agus ag leibhéal náisiúnta, chun impleachtaí Breatimeacht gan aontú a mhaolú.
Ar 30 Eanáir, foilsíodh uasdátú ar an bPlean Gnímh Teagmhais, ag leagadh amach conas a treisíodh ullmhúcháin do Bhreatimeacht gan aontú ó 19 Nollaig.
Cuimsíonn siad siúd dréachtú tosaíochta bainteach leis an mBreatimeacht, agus breithniúchán sonrach an Rialtais maidir le réimsí tábhachtacha polasaí:
Tá an obair bunaithe ar dhianphleanáil thar gach Roinn agus Gníomhaireacht ábhartha, chun ullmhú chomh maith agus is féidir linn do Bhreatimeacht ‘gan aontú’.
D’fhonn an pobal a chur ar an eolas faoinár n-ullmhúcháin, láinseáil an Rialtas feachtas eolais poiblí ‘Getting Ireland Brexit Ready’ i Meán Fómhair 2018, a chuimsíonn suíomh gréasáin agus atá an-feiceálach agus tiomanta ar na meáin shóisialta.
Go dtí seo cuireadh 68 eachtra ar bun i 21 contae le 18 eachtra eile beartaithe sna seachtainí atá amach romhainn.
Cuimsíonn siad siúd sé cheardlann ‘Getting Ireland Brexit Ready’ i gCorcaigh, Gaillimh, Muineachán, Baile Átha Cliath, Luimneach agus Leitir Ceanainn.
D’fhreastail os cionn 2,500 duine ar na heachtraí seo agus bhí an pobal gnó páirteach go láidir iontu.
Tá an Rialtas ag soláthar eolais chomh maith chun cabhrú le gnóanna agus earnálacha eile atá thíos leis chun freagairt agus ullmhú don Breatimeacht, lena n-áirítear cúnamh airgeadais ó Fhiontraíocht Éireann agus Comhlachtaí Fiontraíochta Áitiúla.
Tá cabhair phraiticiúil ar fáil chomh maith i bhfoirm Clinicí Comhairleacha Breatimeachta, Baraiméadar Breatimeachta Bord Bia agus Scórchárta Breatimeachta Fhiontraíocht Éireann.
Bhí na Coimisinéirí Ioncaim i dteagmháil le os cionn 80,000 gnóanna go dtí seo chun eolas a scaipeadh maidir le hoibleagáidí custam.
Ag leibhéal an AE, tá tuiscint láidir de thionchar uathúil agus díréireach Breatimeachta ar earnálacha eacnamaíochta leochaileacha, go háirithe ár bhfeirmeoirí agus iascairí.
Dúirt an Coimisiún go bhfuil sé réidh tacú le hÉirinn réitigh a fháil maidir lena ndúshláin speiceasacha. Tá Coimisiún na hEorpa tar éis glacadh le pacáiste de bhearta teagmhasacha chun ullmhú le haghaidh Breatimeacht ‘gan aontú’ agus chomh gairid leis an seachtain seo caite, d’fhógair Coimisiún an AE go raibh sé ag glacadh le rialacha leasaithe ar státchabhair in earnáil na talmhaíochta, ag léiriú méadú sa teorainn do thacaíocht náisiúnta d’fheirmeoirí ó €15,000 go €25,000. Cuimsíonn Buiséad 2019 pacáiste de €78 milliún chomh maith d’fheirmeoirí, iascairí, agus Fiontair Bia Bheaga agus Mheánmhéide chun costais breise bainteach leis an mBreatimeacht a chlúdú.
Tá obair ar bun chun infreastruchtúr sealadach a sholáthar ag Calafoirt Bhaile Átha Cliath agus Ros Láir, agus Aerfort Bhaile Átha Cliath, ionas gur féidir seiceálacha riachtanacha a chur i bhfeidhm i gcás Breatimeacht gan aontú. Tá earcaíocht baill foirne agus forbairt chórais TF faoi bhealach chomh maith le haghaidh 29 Márta.
Gné thábhachtach de fhreagairt intíre an Rialtais i leith an Breatimeachta isea rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara. Laistigh de chreatlach Idirphlé Sibhialta Uile-Oileán, cuireadh cúig idirphléanna iomlánacha agus 20 idirphlé earnála ar bun ar fud na tíre.
In éineacht leis an Tánaiste, d’óstáil mé an cúigiú seisiún iomlánach i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar 15 Feabhra. Bhailigh os cionn 400 ceannairí polaitiúla, gnó agus sochaí sibhialta chun leanúint leis an gcomhrá tábhachtach uile-oileán seo.
Thug mé uasdátú do rannpháirtithe ar staid an Rialtais maidir le na forbairtí Breatimeachta is déanaí agus ar ár n-obair dianphleanála teagmhais agus d’fháiltigh mé roimh an deis tuairimí ó pháirtithe polataíochta, ón dTuaisceart agus ón nDeisceart, a chloisint, agus chun cúiseanna imní rannpháirtithe a chloisint trí phléanna painéil idirghníomhacha ar ‘Daoine, Saoránaigh agus Cearta’ agus ‘Ullmhúcháin Ghnó’.
Cuirfidh an Breatimeacht isteach ar chúrsaí go leibhéal áirithe gan dabht, ach tá ár sárdhícheall á dhéanamh againn é seo a íoslaghdú. Molaim do ghnóanna a bpleanáil teagmhais a neartú do Bhreatimeacht gan aontú agus chun úsáid a bhaint as na tacaíochtaí atá ar fáil.
Athrú chun donais atá i gceist le haon chineál Breatimeachta agus ní féidir le haon tír a bheith go hiomlán réidh le haghaidh Breatimeacht Gan Aontú. Táimid in áit nach rabhamar riamh cheana. Níor fhág aon tír an AE roimhe seo.
Táimid réidh áfach don dúshlán gan fasach seo. Go deimhin, tá sé ciallmhar a bheith réidh. Tá an reachtaíocht atá tugtha isteach go Teach an Rialtais ag an Tánaiste mar chuid de seo.
Tá ár bhfócas ar chabhrú leis an AE an Comhaontú Aistarraingthe a dhaingniú. Le dhá bhliain anuas áfach, táimid i mbun ullmhúcháin do Bhreatimeacht ‘Gan Aontú’ chomh maith.
Cumasaíonn an reachtaíocht seo sinn chun roinnt de na heifeachtaí is measa maidir le Breatimeacht gan aontú a mhaolú trí chearta saoránach agus slándáil a chosaint, agus trí thacaíochtaí breise a éascú do ghnóanna agus fostóirí leochaileacha.
Tá an bille omnibus mar thoradh ar bhreis is bliain d’obair chúlra ag tosú le hathbhreithniú cuimsitheach dár reachtaíocht.
Foilsíodh an dréacht do Scéim Ghinearálta an Bhille ar 24 Eanáir 2019 agus tá gach Aire Rialtais ábhartha tar éis teacht roimh Choistí an Oireachtais chun an t-ábhar a phlé.
Tugann an Bille tús áite do shaincheisteanna a chaithfear dul i ngleic leo go práinneach agus láithreach trí reachtaíocht phríomhúil ag leibhéal náisiúnta.
Thar an 15 Cuid den Bhille, tá forálacha sláinte chun saoránaigh a chosaint ar bhunús an Tuaiscirt agus an Deiscirt ionas gur féidir le leanaí fós teacht ó Bhéal Feirste go Baile Átha Cliath le haghaidh cúram péidiatrach speisialtóra, agus gur féidir le hothair i nDún na nGall rochtain a fháil fós ar chúram ospidéil i nDoire, gach ach dhá shampla féideartha a thabhairt.
Cuimsíonn an Bille forálacha nua chomh maith chun fostaithe a chosaint má éiríonn a gcomhlachtaí docmhainneach, cumhachtaí nua do ghníomhaireachtaí stáit chun idirghabháil a dhéanamh chun cabhrú le gnóanna, forálacha chun cinntiú gur féidir le criúanna bád farantóireachta fós feidhmiú inár gcalafoirt, agus cosaint don mhargadh aonair leictreachais ar an oileán.
Beidh dlíthe againn chun cinntiú gur féidir le tiománaithe bus dul isteach agus oibriú sa RA agus reachtaíocht chun deontais mac léinn Éireannacha agus Briotanacha a chosaint i dtreo is gur féidir linn leanúint ar aghaidh ag taisteal chuig tíre a chéile chun críocha oideachais.
Cuimsíonn an Bille ranna chun cinntiú go leanfaidh íocaíochtaí leasa shósialaigh agus pinsin ar aghaidh mar is gnáth do na mílte duine in Éirinn atá ag brath ar phinsin Bhriotanacha gach seachtain dá n-ioncam. Tabharfaidh an reachtaíocht seo cosaint chomh maith do shaoránaigh Éireannacha atá ina gcónaí sa RA atá ag brath ar phinsin ón dtír seo. Is saincheisteanna fíorthábhachtacha iad seo go léir a bhfuil gá acu le bunús dlíthiúil i gcomhthéacs Breatimeacht gaon aontú.
Tá obair ar bun ag an am céanna ar an reachtaíocht thanáisteach riachtanach ag clúdú réimse fairsing saincheisteanna, ar nós aitheantas ceadúnais thiomána, aitheantas cáilíochtaí, athruithe chun tabhairt isteach cuntasaíocht curtha ar atráth a éascú, agus reachtaíocht chun an tréimhse réamhfhógraíochta a laghdú le haghaidh iompórtáil ainmhithe agus plandaí ó thriú tír ag úsáid loingseoireacht roll-ann-roll-as.
Mar aitheantas ar fhairsingeacht agus scóip an Bhille, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gCoiste Gnó as Scrúdú Réamh-Reachtúla a tharscaoilt.
Leanfaimid orainn ag obair go dlúth le gach ball den Oireachtas, agus ag éisteacht go cúramach lena dtuairimí.
Measaim go bhfuilimid araon ar aon tuairim go bhfuil sé riachtanach go nglacfar le gach stáitse den Bhille sa Dáil agus sa Seanad go pras agus go mbeidh sé réidh chun tosú faoi 29 Márta 2019.