Óráid ag an Taoiseach, Fógra maidir leis an gCéad Bhabhta Maoinithe don Chiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, Dé Céadaoin an 28 Samhain 2018
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Arna eisiúint ag Preasoifig an Rialtais
Seiceáil i gCoinne Seachadadh
Dia dhaoibh ar maidin a Dhaoine Uaisle.
Níos luaithe i mbliana, i mí Feabhra, sheolamar Tionscadal Éireann 2040, ár bplean uaillmhianach maidir le todhchaí na tíre.
Inniu tá an chéad bhabhta maoinithe faoin gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide ar fiú €500 milliún é á fhógairt againn.
Is é seo an tríú ceann de cheithre chiste a athraíonn an bealach a dhéanaimid rudaí maidir le hinfheistíocht chaipitil agus caiteachas bonneagair in Éirinn.
Is é seo an tríú fógra maoinithe. Dé hAoine seo caite bhí mé i Sligeach chun an chéad bhabhta maoinithe a fhógairt faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe. Dé Luain d'fhógair muid an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach agus déanfaimid fógra den chineál céanna faoin na Cistí um Theicneolaíocht agus Nuálaíocht Shuaiteach go luath.
Is é an bealach is fearr le hullmhú don todhchaí ná infheistíocht a dhéanamh inti anois.
Sna fiche bliain amach romhainn, táthar ag súil go dtiocfaidh méadú 1 milliún duine ar dhaonra na hÉireann. Ba mhaith linn a chinntiú go mbeidh an fás sin cothrom, go mbainfidh gach cuid den tír leas as rathúlacht an náisiúin, agus go ndéanaimid é ar bhealach inbhuanaithe agus atá neamhdhíobhálach don aeráid.
Is féidir linn an méid sin a bhaint amach le Tionscadal Éireann. Níl aon phlean eile dá leithéid le fáil. Léiríonn sé cur chuige go hiomlán difriúil maidir le pleanáil dár dtodhchaí.
Tá Tionscadal Éireann 2040 comhdhéanta de phlean náisiúnta spásúlachta atá tacaithe le fíor-airgead. Leanann an t-airgead an plean.
Forálann sé do mhéaduithe móra infheistíochta inár mbonneagar poiblí - tithíocht, iompar, leathanbhanda, oideachas agus cúram sláinte.
Infheistíocht €116 billiún thar deich mbliana d'fhonn caolais thráchta a bhaint, ár seirbhísí poiblí a nuachóiriú, plódú a laghdú, agus a chinntiú go dtabharfar forbairt eacnamaíoch chuig gach cuid den tír, agus a chinntiú go mbeidh sé de chumas againn fás sa todhchaí.
Tá a fhios agam go mbíonn daoine amhrasach nuair a bhíonn polaiteoirí ag caint faoi phleananna 10 mbliana agus faoi 2040. Measann daoine go bhfuil siad ag cur rudaí ar an 'mhéar fada'. Ach ní hé sin an cás. Tá Tionscadal Éireann 2040 á chur i bhfeidhm cheana féin.
An bhliain seo chugainn beidh méadú 25% ar chaiteachas bonneagair agus is féidir na torthaí a fheiceáil ar fud na tíre cheana féin:
Cad iad ár gcuspóirí? Sraith spriocanna comhroinnte a bhainfidh pobail ar fud na tíre leas astu:
Má táimid chun tógáil don todhchaí seo - pobail na todhchaí a thógáil – teastaíonn ionchur ó na pobail inniu.
Níl na freagraí go léir ag an Rialtas. Agus ní bheidh riamh. Agus níor chóir go gceapfadh sé go bhfuil. Oibríonn an Rialtas do na daoine - agus ba chóir do na daoine cuspóirí an Rialtais a thiomáint i gcónaí.
Mar sin, táimid ag féachaint chugaibh - údaráis áitiúla, gnólachtaí, lucht acadúla, taighdeoirí agus grúpaí pobail – le dul i mbun oibriú linn mar a bhfaighimid freagraí nua agus bealaí nua chun rudaí a dhéanamh.
I mí na Bealtaine, in éineacht le mo chomhAirí, sheol mé ceithre chiste nua - infheistíocht iomlán de €4 billiún. Le chéile is ionann iad agus cur chuige nua agus nuálaíoch maidir le hinfheistíocht agus caiteachas caipitil in Éirinn.
Cuirfidh an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe ar fiú €1 billiún é ar chumas bailte, sráidbhailte agus ceantair tuaithe fás go hinbhuanaithe. Is éard atá i gceist leis ná áit níos tarraingtí a dhéanamh den taobh tíre in Éirinn mar áit chun cónaí inti, bogadh isteach inti, nó chun gnó a oscailt nó a reáchtáil inti.
Tá sé mar aidhm ag an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach ar fiú €2 billiún é fás inbhuanaithe a bhaint amach i gcathracha na hÉireann agus in ionaid uirbeacha móra, ag spreagadh cur chuige comhoibríoch maidir le forbairt ag earnálacha poiblí agus príobháideacha. Cumas na láithreán athfhorbraíochta maidir le cónaí sa chathair a fheabhsú seachas sraoilleáil sna bruachbhailte. Ag fás suas, ní amach.
Cuirfidh an Ciste um Theicneolaíocht agus Nuálaíocht Shuaiteach ar fiú €500 milliún é tús le comhoibriú idir na hearnálacha taighde, oideachais agus fiontraíochta, agus cabhróidh sé le poist agus saibhreas na todhchaí a chruthú.
Díreoidh an Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide ar fiú €500 milliún é – an fáth go bhfuilimid anseo inniu - ar thionscadail nuálacha a bhfuil béim láidir acu ar idirghabhálacha laghdaithe astaíochtaí san earnáil iompair, ag úsáid dul chun cinn teicneolaíochta chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.
Ceann de na gnéithe is réabhlóidí de na Cistí seo ná go bhfuil siad iomaíoch agus oscailte do réimse leathan comhpháirtithe. Ón mbonn aníos seachas ón mbarr anuas. Má tá smaoineamh agat faoi conas feabhas a chur ar do cheantar, teicneolaíochtaí nua a fhorbairt, gníomhú ar son na haeráide a spreagadh, tá an deis agat difríocht mhór a dhéanamh.
Is infheistíochtaí straitéiseacha spriocdhírithe iad seo i dtionscadail a chabhróidh le hÉirinn níos fearr a thógáil.
Soláthraíonn Tionscadal Éireann 2040 d'infheistíocht gan fasach de €22 billiún maidir le gníomhú ar son na haeráide thar na deich mbliana amach romhainn; an pacáiste aonair is mó laistigh den Phlean.
Tá ár dtiomantas agus ár ndíograis maidir le gníomhú ar son na haeráide soiléir le feiceáil. Táimid ag obair chun móin agus gual a bhaint as an eangach faoi lár na deich mbliana amach romhainn agus go mbeidh 500,000 feithicil leictreach againn ar ár mbóithre faoi 2030.
Glacfaidh an t-athrú seo am ach táimid ag feiceáil torthaí: cheana féin tá líon na LEVanna atá cláraithe i mbliana beagnach dhá oiread an líon a cláraíodh in 2017. Ó mhí Iúil seo chugainn ar aghaidh ní cheannóidh Bus Éireann ná Bus Átha Cliath aon bhusanna nua díosail amháin.
Ó 2030 ar aghaidh ní dhíolfar aon ghluaisteán nua díosail nó peitril in Éirinn.
Táimid ag infheistiú freisin i bhforaoiseacht agus géanómaíocht mairteola chun astuithe ó thalmhaíocht a laghdú.
Táimid ag infheistiú i bhfuinneamh in-athnuaite agus i gcúlfheistiú domhain ar fhoirgnimh agus thithe poiblí. Anuraidh, chuir an Rialtas €22 milliún ar fáil maidir le huasghrádú fuinnimh do thuairim is 2,500 foirgneamh cónaithe, pobail agus gnó ar fud na tíre.
Tá a fhios againn go n-éilíonn an dúshlán a bhaineann le hathrú aeráide níos mó ná infheistíocht. Éilíonn an t-aistriú chuig domhan ísealcharbóin athruithe móra ar an gcaoi ina mairimid ár saol. Agus ní bheidh sé sin indéanta ach amháin le ceannach isteach an phobail agus daoine aonair.
Mar sin, teastaíonn uainn go gcuirfeadh an Ciste um Ghníomhú ar son na Aeráide ar chumas pobail, tionscal, taighdeoirí, an earnáil phoiblí, agus saoránaigh úinéireacht a ghlacadh ar iarrachtaí gníomhú ar son na haeráide.
Inniu tá an chéad bhabhta maoinithe faoin gCiste á fhógairt againn. Cuireann fuinneamh na smaointe a cuireadh isteach i bhfeidhm go mór orm.
Chlúdaigh iarratais réimsí cosúil le:
Beidh tuilleadh babhtaí ann amach anseo agus tá go leor tionscadal eile gur mhaith linn a fheiceáil á bhforbairt tuilleadh.
Tá sé de chumas ag na tionscadail atá á bhfógairt inniu fíor-athrú a dhéanamh maidir le gníomhú ar son na haeráide.
Cuirfear tús láidir leo.
Ba mhaith an deis seo a thapú buíochas a ghlacadh le gach duine a rinne iarratas ar seo agus ar na Cistí eile.
Is é Tionscadal Éireann 2040 ár bplean.
Léirítear inniu conas a n-oibreoimid le chéile chun é a bhaint amach.
Níl anseo ach blaiseadh don mhéid atá le teacht.
Go raibh maith agaibh.