Ráiteas an Taoisigh ar an lámhach marfach i nDoire
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais
Thar ceann Rialtas na hÉireann agus mhuintir na hÉireann, is mian liom mo chomhbhrón a léiriú do pháirtí, muintir agus cairde Lyra McKee a maraíodh i nDoire oíche aréir.
Ba ghníomhaí agus iriseoir í agus d’athraigh sí ár saol le linn a beatha agus is amhlaidh a dhéanfaidh sí ar bhás di.
Roghnaíomar, mar dhaoine, ó Thuaidh agus ó Dheas, an tsíocháin, cumhacht a roinnt agus comhoibriú níos dlúithe cothrom an lae seo fiche a haon bliain ó shin. Ní tharraingeofar sinn ar ais chuig an am atá imithe thart.
Níl call ná údar dá laghad le foréigean polaitiúil in Éirinn, ná i dTuaisceart Éireann inniu.
Ba ghníomh eagla é seo.
Níor ghníomh fuath é seo.
Ba ghníomh claidhreachta é seo.
Níl meas acu siúd a rinne an gníomh ar luachanna ár náisiúin, ná ar luachanna ár bPoblachta.
Diúltaímid iad.
Agus, mar sin, níorbh ionsaí é seo ar díreach saoránach amháin, b’ionsaí é ar gach duine, ár náisiún agus ár saoirse.
Ba mhaith liom mo dhlúthpháirtíocht a léiriú do mhuintir Dhoire inniu. Seasaimid an fód libh chomh daingean céanna le bhur gcuid ballaí, agus chomh fada sin a sheasfaidh na ballaí sin an fód. Ba mhaith liom obair agus misneach an PSNI agus na seirbhísí éigeandála a aithint.
Iarraim, arís eile, ar dhuine ar bith a bhfuil aon eolas acu é sin a thabhairt le fios chun gur féidir an ceartas a bhaint amach.