Óráid an Taoisigh, Micheál Martin, T.D. ag Comhdháil Chumann na Breataine agus na hÉireann Pembroke College, Oxford
Le: An Taoiseach; Micheál Martin
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le: An Taoiseach; Micheál Martin
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
A Chathaoirligh, a Dominic, a chomhaltaí an Choiste, a chomhaltaí an Chumainn, a Leas-Uachtaráin Sefcovic, a Státrúnaí Vara, a Airí, agus a aíonna oirirce.
Gabhaim buíochas ó chroí libh as cuireadh a thabhairt dom labhairt libh ar maidin in Oxford - agus déanaim comhghairdeas le Dominic as a phost nua - agus níl aon dabht agam go gcomhlíonfaidh tú do phost nua ar an gcaighdeán is airde.
Gabhaim buíochas ó chroí freisin le Hugo McNeill as a cheannaireacht i gCumann na Breataine agus na hÉireann le 9 mbliana anuas.
Is onóir speisialta dom labhairt libh an bhliain seo ar chuimhneachán 50 bliain bhur mbunaithe. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’fhís na mbunaitheoirí agus don obair ar fad a rinne siad do Chumann na Breataine agus na hÉireann le caoga bliain anuas.
Ba cheart duit a bheith bródúil as an méid atá déanta agat, ag cur comhráite agus rannpháirtíocht nua chun cinn - go minic ag amanna fíordheacra - agus ag cuidiú leis na caidrimh atá againn inniu a chothú.
Leanann muid orainn ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin láidre, criticiúla agus nua ar na hoileáin sin agus ar bhonn domhanda. Bliain ó shin nuair a labhair mé le Cumann na Breataine agus na hÉireann, níor smaoinigh muid ar an gcogadh san Eoraip a tharla mar gheall ar ionradh mímhorálta na Rúise ar an Úcráin.
Le sé mí anuas, chonaic muid daoine a gortaíodh go dona, bonneagar a scriosadh go trom agus na milliúin as an Úcráin curtha as an áit nó ag lorg tearmainn san Eoraip.
D’fhreagair an AE leis an lámh láidir agus le flaithiúlacht - bhí an AE aontaithe ó thaobh ionradh na Rúise a cháineadh, chuir siad go leor pacáistí smachtbhannaí i bhfeidhm; ag cur tacaíocht choincréiteach ar fáil do theacht aniar agus cumas na hÚcráine agus ag tabhairt tearmainn do dhídeanaithe na hÚcráine. Ba pháirtí tábhachtach í an Ríocht Aontaithe dúinn san fhreagairt sin.
Tá mórtas orm go bhfuil Éire ag glacadh páirt sa ról atá acu sna Náisiúin Aontaithe, san AE agus ar an talamh. Tá fáilte curtha ag muintir na hÉireann roimh níos mó ná 48,000 dídeanaí agus tá tacaithe ag an Rialtas leo ó bhí mí Feabhra ann.
Cuireadh i gcuimhne dúinn ar fad, nuair a thug muid freagra ar an gcogadh san Úcráin, go bhfuil an Ríocht Aontaithe agus an AE fós mar pháirtithe ríthábhachtacha ar go leor leibhéal - sna Náisiúin Aontaithe, san Eoraip agus mar chosaint don ord idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha.
Tháinig athrú go bunúsach ar an gcaidreamh sin mar gheall ar an mBreatimeacht - aithníonn muid sin. Ach tá an Ríocht Aontaithe fós mar pháirtí tábhachtach don AE.
Dá bharr sin, tá sé ríthábhachtach go bhfaigheadh muid bealach tríd an gcéim seo atá deacair gan dabht chun caidrimh a fhorbairt.
• Idir an AE agus an Ríocht Aontaithe leis an trádáil ollmhór agus an geilleagar atá fite fuaite ina chéile, tá suimeanna coiteanna domhanda acu agus tá siad tiomanta do luachanna agus gnásanna daonlathacha.
• Ach an caidreamh comhpháirtíochta a chur ar ais le chéile freisin idir Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann, rud atá ríthábhachtach do shíocháin agus rathúnas ar na hoileáin seo.
Ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar leithead agus ar dhoimhneacht chaidreamh na Breataine agus na hÉireann ar fud go leor earnálacha - trádáil, airgeadas, eacnamaíocht, fuinneamh, talmhaíocht agus bia. Leantar leis an rath atá ar an gcultúr agus na healaíona atá againn bunaithe ar chaidrimh phearsanta agus caidrimh theaghlaigh ar fud na tíre.
Mar sin féin, cosúil le gach caidreamh fadtéarmach, tá amanna ann nach dtuigeann muid a chéile freisin, b’fhéidir nach dtuigfeadh muid gníomhartha daoine eile agus na hiarmhairtí a tháinig dá mbarr, ach ar deireadh thiar tá an dá thír againn ag iarraidh go n-oibreoidh sé agus tá sé ag teastáil uainn.
Ar an drochuair, tá gníomh aontaobhach maidir leis an bPrótacal agus an oidhreacht ag teacht salach ar spiorad na comhpháirtíochta atá de dhíth chun taca a chur faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Tá sé sin ag tástáil agus ag briseadh na comhpháirtíochta atá eadrainn.
Tá an baol ann go mbeadh tuilleadh éagobhsaíochta i dTuaisceart Éireann agus go ndéanfaí damáiste do na príomhearnálacha sa gheilleagar.
Is mar gheall ar chogadh uafásach atá ag tarlú sa chúlra san Eoraip agus dinimic pholaitíochta atá ag athrú, atá mé ag díriú mo smaointe ar maidin ar chomhpháirtíocht pholaitíochta leanúnach atá ag teastáil uainn chun tacú le Comhaontú Aoine an Chéasta le Rialtas na Breataine agus le Feidhmeannas Thuaisceart Éireann.
Tá mé ag labhairt ag tráth a mbeidh athrú i gcúrsaí polaitíochta ann, agus muid ag fanacht ar fhógra Dé Luain faoi cheannaire nua don pháirtí Coimeádach agus Príomh-Aire nua don Ríocht Aontaithe.
Guím gach rath orthu sna hamanna dúshlánacha atá amach rompu.
Tá mé ag iarraidh dul i mbun oibre ar bhealach oscailte agus tairbheach le Príomh-Aire nua na Breataine.
Creidim go láidir go dtabharfadh an AE freagrach ar bhealach dearfach do chomhartha tromchúiseach agus do d’fhíorchomhartha ó Phríomh-Aire nua na Breataine go bhfuil sé mar thús áite acu teacht ar thoradh aontaithe maidir le saincheisteanna ar chur i bhfeidhm an Phrótacail.
Ba athrú bunúsach a bhí sa Bhreatimeacht i gcaidreamh an AE agus na Ríochta Aontaithe, agus mar gheall ar an gcineál Breatimeachta a roghnaigh Rialtas na Breataine, tá na caidrimh thrádála ar na hoileáin seo athraithe go bunúsach.
Chiallaigh sé sin go raibh sé go hiomlán ríthábhachtach sraith nua socruithe a aimsiú - socruithe nach mbeadh ar nós na socraithe a bhí i bhfeidhm roimh an mBreatimeacht agus nach féidir a bheith ar nós iad.
Is comhréiteach atá saothraithe go maith acu é an Prótacal idir an Ríocht Aontaithe agus an AE, Prótacal atá deartha chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí a bhaineann le himeacht na Ríochta Aontaithe as an AE, le linn dóibh teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheachaint agus sláine an mhargaidh aonair a chosaint.
Tá an méid sin aontaithe ag Rialtas na Ríochta Aontaithe, daingnithe ag Westminster agus achtaithe i ndlí na Ríochta Aontaithe.
Tá an-imní orm faoi reachtaíocht Rialtas na Breataine lena gcuirfí gnéithe lárnacha Phrótacal Thuaisceart Éireann ar ceal ar bhealach aontaobhach.
Imní léirithe faoi mar atá i ndán do chur chuige na comhpháirtíochta atá muid ag iarraidh a fheiceáil idir an AE agus an Ríocht Aontaithe; imní léirithe faoin teachtaireacht i gcoitinne a sheoltar amach maidir leis an ord idirnáisiúnta bunaithe ar rialacha; agus thar aon rud eile, imní léirithe mar nach bhfuil an reachtaíocht sin ann ar mhaithe le muintir Thuaisceart Éireann ná ar mhaithe leis an méid atá siad ag iarraidh.
Aithnítear san AE go raibh fíordheacrachtaí ann maidir le gnéithe a bhaineann le cur i bhfeidhm an Phrótacail. Ach ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí sin le chéile. D’éist an AE go cúramach leis na hábhair imní a bhí ag muintir Thuaisceart Éireann.
Tá moltaí praiticiúla curtha chun cinn cheana féin acu agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Leas-Uachtarán Sefcovic as a cheannaireacht láidir, chúramach agus thairbheach maidir leis na hiarrachtaí sin agus leis an méid a dúirt sé aréir.
Creidim go bhfuil bealach aontaithe ann le dul chun cinn maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an bPrótacal atá fós le réiteach má dhíríonn muid ar aghaidh a thabhairt ar na fíorfhadhbanna atá ag cur isteach ar mhuintir Thuaisceart Éireann agus má aithníonn muid réitigh phragmatacha agus oibríochta.
Is é toradh aontaithe amháin idir an AE agus an Ríocht Aontaithe a chuirfidh réiteach buan agus cinnteacht dlí agus eacnamaíochta atá de dhíth ar fáil do ghnólachtaí agus do mhuintir Thuaisceart Éireann.
Is soiléir atá na tairbhí a bhaineann leis sin a dhéanamh. Is suntasach atá na baoil a bhaineann le gan sin a dhéanamh.
Agus ag tráth a bhaineann le dúshlán mór agus cíor thuathail sa domhan - leis an gcogadh san Úcráin, leis na saoránaigh ag streachailt le praghsanna fuinnimh agus an costas maireachtála ag méadú - tá oibleagáid orainn mar cheannairí a léiriú go bhfuil an pholaitíocht dhaonlathach, dháiríre in ann oibriú.
A dhaoine uaisle, agus muid ag súil leis an 25ú cuimhneachán i mí Aibreáin seo chugainn ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, tá sé oiriúnach go n-aithníonn comhaltaí Chumann na Breataine agus na hÉireann an tábhacht atá leis an gcloch mhíle seo agus go bhfuil comhdháil an deiridh seachtaine seo bunaithe air sin.
Bhain muid ar fad - muintir Thuaisceart Éireann, muintir na n-oileán seo, an dá Rialtas agus páirtithe polaitíochta Thuaisceart Éireann - leas as buntáistí Chomhaontú Aoine an Chéasta. Na buntáistí a bhaineann le síocháin, le caidrimh neartaithe, le rathúnas atá ag forbairt.
Caoga bliain ó shin, sa bhliain 1972, an bhliain a bunaíodh an eagraíocht seo, maraíodh 480 duine sna trioblóidí i dTuaisceart Éireann. Luadh san obair cheannródaíoch, ‘Lost Lives’ faoin mbliain 1972 gur ‘bliain an fhoréigin le cúrsaí polaitíochta ina gcíor thuathail a bhí inti agus bhí líon na marbh i bhfad níos airde ná bliain ar bith eile.’
Do chuid agaibh sa seomra seo, tá an chuma air gur tharla sé sin fadó fadó. Don chuid is mó againn, sin an saol tragóideach a bhí ann. Do na teaghlaigh ar maraíodh nó ar gortaíodh duine muinteartha leo sa bhliain sin agus sna blianta eile sna trioblóidí, tá siad fós ag déileáil leis an mbás, pian agus fulaingt a tharla dá bharr.
De réir mar atá muid mar shochaí ag streachailt le déileáil le hoidhreacht an ama atá caite, tá mé féin agus an Rialtas daingnithe go gcaithfidh muid beart a dhéanamh trí chur chuige coiteann idir Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann, páirtithe polaitíochta Thuaisceart Éireann, agus leis na híospartaigh agus teaghlaigh atá lárnach ann.
Anseo, agus muid ag teannadh leis 25ú cuimhneachán ar an gComhaontú, tá sé ríthábhachtach nach ndéanann muid dearmad ar an méid a tháinig roimhe sin agus ar an méid atá bainte amach.
Cheiliúir sé sin ar bhealach éifeachtach an deireadh atá tagtha le 30 bliain d’fhoréigean fuilteach inar maraíodh níos mó ná 3,500 duine.
Thángthas ar chomhréiteach stairiúil agus cuireadh na caidrimh uile ar na hoileáin sin san áireamh - laistigh de Thuaisceart Éireann, Thuaidh/Theas agus Thoir/Thiar.
Cruthaíodh bealach aontaithe chun todhchaí Thuaisceart Éireann a shocrú, ag cumhdach phrionsabail an toilithe atá mar chuid lárnach.
Tá sé ríthábhachtach nach ligeann muid d’éiginnteacht teacht chun cinn ná do phrionsabail an toilithe a dhoiléiriú lena n-aithnítear ‘an dlisteanacht a bhaineann le cibé rogha a dhéanann formhór mhuintir Thuaisceart Éireann go héasca’, agus go sainítear an rogha sin faoi mar a ‘leanann siad orthu ag tacú leis an Aontas leis an mBreatain Mhór nó mar Éire aontaithe ceannasach’.
Aithnítear sa Chomhaontú an cineál uathúil a bhaineann le Tuaisceart Éireann ar roinnt bealaí, lena n-áirítear tríd an gceart atá ag gach duine iad féin a aithint ina mBriotanach nó ina nÉireannach nó an dá cheann, agus tríd an tiomantas go gcaithfeadh an Rialtas le dlínse i dTuaisceart Éireann na cumhachtaí atá acu a fheidhmiú ‘le neamhchlaontacht mhionchúiseach ar mhaithe leis na daoine uile ... maidir le héagsúlacht na bhféiniúlachtaí agus na dtraidisiún atá acu’.
Bunaíodh institiúidí comhcheangailte i bhFeidhmeannas Thuaisceart Éireann comhroinnte cumhachta atá tacaithe le réimse seiceálacha agus cothromaíochtaí, an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas atá uathúil chun comhoibriú a chothú in Éirinn, agus institiúidí Thoir/Thiar Chomhairle na Breataine-na hÉireann agus Comhdháil Idir-Rialtasacha na Breataine agus na hÉireann.
Soláthraíodh do sholáthairtí láidre cearta an duine lena n-áirítear nuair a tugadh Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine isteach i ndlí Thuaisceart Éireann.
Ní raibh an bealach a bhí ann ón mbliain 1998 i gcónaí réidh ná éasca. Bhí gá le tuilleadh comhréitigh dheacra agus cothaíodh iad trí chomhaontú idir na páirtithe agus na Rialtais.
Níor bhain muid amach i gcónaí na hidéil atá cuimsithe sa Chomhaontú agus an tiomantas a thug muid chun bheith ag obair le chéile ‘i gcomhpháirtíocht, ar bhonn comhionannais agus meas ar a chéile’ agus chun ‘gach iarracht a dhéanamh ar gach bealach praiticiúil chun athmhuintearas a bhaint amach’. Ach léiríodh sa stair gurb é sin an t-aon bhealach le dul chun cinn.
Tá 121 lá caite ó nach raibh toghcháin agus Tionól Thuaisceart Éireann in ann feidhmiú nó ó bunaíodh an Feidhmeannas. Ní cruinniú atá i gceist leis an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas.
Is iad na hinstitiúidí Thoir/Thiar, go híorónta agus in ainneoin tráchtaireacht ar leith, na hinstitiúidí amháin atá ag feidhmiú go hiomlán faoi láthair.
Is iad muintir Thuaisceart Éireann atá thíos leis nuair nach bhfuil an Feidhmeannas i bhfeidhm chun cinntí a dhéanamh agus ceannaireacht atá ag teastáil ón Tuaisceart a chur ar fáil, go mór mór agus geimhreadh deacair agus dúshlánach ó thaobh na heacnamaíochta amach romhainn. Is séanadh é den sainordú a thug siad sna toghcháin ar an gcúigiú lá de Bhealtaine.
Is éard atá amach romhainn ná cinneadh a rinne páirtí polaitíochta amháin gan páirt a ghlacadh i bhFeidhmeannas Thuaisceart Éireann, agus trí sin a dhéanamh, déantar damáiste d’fheidhmiú na n-institiúidí i gComhaontú Aoine an Chéasta. Tá sé do-ghlactha.
Bhí mé ag teacht de réir na saincheiste sin go hiomlán agus chuir mé mo chuid tuairimí in iúl sna téarmaí céanna nuair a tharraing Sinn Féin amach as an bhFeidhmeannas sa bhliain 2017.
Nuair a chlis an Feidhmeannas roimhe seo, d’oibrigh an dá Rialtas agus na páirtithe polaitíochta le chéile chun saincheisteanna a réiteach, dul chun cinn a dhéanamh agus na hInstitiúidí a athbhunú. Ba cheart an cur chuige atá a bheith againn anois freisin, agus aghaidh á thabhairt ar na saincheisteanna maidir leis an bPrótacal i gcomhar le cainteanna an AE agus na Ríochta Aontaithe.
Nuair a fuair David Trimble bás an 25 Iúil agus nuair a tugadh ómós dó go cothrom agus ní gan ábhar, cuireadh i gcuimhne dúinn uile arís ar na ‘baoil ar son na síochána’ a thug ceannairí polaitíochta Thuaisceart Éireann agus an dá Rialtas ag an am sin.
Cuireadh i gcuimhne dom arís na focail chríonna a dúirt sé in Osló. Is éard a dúirt sé faoin bpolaitíocht ná gur “bunchloch í a bhfilleann gach sochaí uirthi”. Is é sin go díreach atá de dhíth anois. Ní féidir ach réitigh dhaonlathacha, pholaitíochta a bheith ar na fadhbanna atá againn.
Sin é an fáth nach mór cead a thabhairt d’institiúidí an Chomhaontaithe feidhmiú agus molaim do na páirtithe dul chun cinn ionas go mbeadh Tionól agus Feidhmeannas atá ag feidhmiú ag Tuaisceart Éireann arís agus obair na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas a thosú arís.
De réir mar a bhreathnaíonn muid chun cinn, is é Comhaontú Aoine an Chéasta an creat riachtanach atá fós againn; ár mbunchloch.
Tá Comhaontú Aoine an Chéasta agus gach a bhfuil bainte amach againn ó bhí an bhliain 1998 ann róthábhachtach le húsáid chun tairbhe a bhaint go teoranta as cúrsaí polaitíochta;
Róthábhachtach gan obair dheacair, chúramach an chomhréitigh a dhéanamh;
Róthábhachtach dúinn aghaidh a thabhairt air, le misneach, dóibhsean sna páirtithe agus pobail s’againne atá ag iarraidh an bonn a bhaint ón bhfís.
De réir mar a oibríonn muid tríd na dúshláin shuntasacha seo, tá sé riachtanach go rachaidh muid chun cinn le clár oibre atá níos dearfaí faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Chun béim a chur ní hamháin ar dhifríochtaí agus deacrachtaí a réiteach, ach ag obair le chéile freisin ar son fíor-athmhuintearais agus ar na suimeanna coiteanna suntasacha atá againn, inniu agus don am atá amach romhainn.
Agus i ndiaidh 25 bliain - agus glúin iomlán atá tagtha in aois faoi shíocháin - tá deis againn nach bhfacthas riamh cheana chun todhchaí chomhroinnte a bhfuil athmhuintearas ann a chothú le chéile.
Ach ní tharlódh sé as féin.
Ní mór dúinn acmhainní agus obair a chur in ord tosaíochta chun an todhchaí chomhroinnte sin a fhorbairt go réalaíoch,
- tríd na caidrimh shibhialta agus pholaitíochta atá againn a neartú, Thuaidh/Theas agus Thoir/Thiar;
- Deiseanna nua a fhorbairt chun comhoibriú agus chun infheistíocht a dhéanamh ar fud na dteorainneacha agus na bpobal;
- Agus, tríd an spás a chothú chun breathnú ar an todhchaí in Éirinn ar bhealach dearfach, bealach nach gcuireann as d’fhéiniúlacht ná uaillmhianta aon duine - aontachtaí, náisiúnaí nó ceachtar acu.
Is é sin an obair a bhí muid ag treorú tríd an Tionscnamh um Oileán Comhroinnte, tionscnamh a bhunaigh mé féin nuair a ceapadh i mo Thaoiseach mé.
Ag déanamh na hoibre praiticiúla deacra ó thaobh bonneagar a nuachóiriú, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin uile-oileáin a bhaineann leis an aeráid, infheistíocht a dhéanamh i réigiún na teorann agus tabhairt faoi dhúshláin shóisialta agus eacnamaíochta atá leanúnach.
Tá muid chun feidhm a bhaint as an gCiste um Oileán Comhroinnte de €1bn anois agus sna deich mbliana atá amach romhainn tríd an gcomhpháirtíocht uile-oileáin, ag obair leis an bhFeidhmeannas, Rialtas na Ríochta Aontaithe, Údaráis Áitiúla, institiúidí oideachais agus an tsochaí shibhialta.
Is maoiniú suntasach é sin, lena dtacaítear le taighde nua agus comhpháirtíocht nuálaíochta ar an oileán; lena ndéantar dul chun cinn ar thionscadail sheanbhunaithe amhail Canáil Uladh agus Droichead Chaol Uisce, agus lena ndéantar infheistíocht i bpobail na teorann.
Trí chlár suntasach nach bhfacthas riamh cheana faoi thaighde coimisiúnaithe, tá muid ag neartú na tuisceana atá againn maidir le saincheisteanna amhail soláthar oideachais, trádáil trasteorann, cúram sláinte príomhúil, seirbhísí an gheilleagair, infheistíocht dhíreach choigríche agus leibhéil táirgiúlachta ar fud an oileáin ar fad.
Aghaidh a thabhairt den chéad uair ar bhealach straitéiseach ar na bearnaí eolais ar an oileán maidir leis an gcaoi a n-oibríonn na córais atá againn - na cosúlachtaí agus difríochtaí atá acu agus na ceachtanna a foghlaimíodh.
Tá an obair seo ag déanamh eolais agus ag spreagadh plé poiblí maidir leis an gciall atá ann inniu ó thaobh oileán na hÉireann a roinnt agus an chiall a d’fhéadfadh a bheith ann sna blianta amach romhainn.
Is éard atá i gcroílár an Tionscnaimh um Oileán Comhroinnte ná daoine a thabhairt le chéile - ar fud gach réigiún, pobal agus traidisiún polaitíochta - chun plé a dhéanamh go praiticiúil faoi mar atá muid in ann an t-oileán a roinnt ar bhealach níos fearr sna blianta atá amach romhainn.
Tá beagnach 2000 saoránach agus ionadaí sibhialta páirteach go díreach sna hIdirphléití maidir le hOileán Comhroinnte.
Tríd an tsraith Idirphlé, léirítear sa tsochaí shibhialta - ar bhealaí praiticiúla, neamh-chlaonpháirteacha - mar atá muid in ann dul i bhfeidhm ar thodhchaí chomhroinnte; leas a bhaint as na suimeanna, an taithí, an faitíos agus an dóchas atá ag na pobail uile.
Thug mé óráid ag Idirphlé i nDoire i mí an Mheithimh agus bhí níos mó ná 150 duine óg ann, inar chualathas ón nglúin atá ag teacht chun cinn faoin téama leathan ‘féiniúlacht’.
Cuireadh ceist an féidir bogadh ar aghaidh ón am atá caite chun fíorcheiliúradh a dhéanamh ar na pobail éagsúla agus féiniúlachtaí pearsanta atá againn ar oileán na hÉireann?
Níl aon amhras gur is féidir an freagra a thug na daoine óga ag an Idirphlé sin.
Léiríodh san imeacht an pháirt fhíorbheag atá ag marcóirí traidisiúnta na féiniúlachta sa smaoineamh a dhéanann na glúnta óga sa deis atá ann chun bogadh ar aghaidh ó pholaitíocht na féiniúlachta a chuireann bac rómhinic ar an gcumas dul chun cinn agus athmhuintearas a dhéanamh.
Cé go raibh an tionscnamh an-dian agus fairsing go dtí seo, níl ann ach an tús i leith an méid atá muid ag iarraidh a dhéanamh i gcomhpháirtíocht chun oileán comhroinnte a fhorbairt.
Tá an Rialtas ag iarraidh dul i mbun oibre le Feidhmeannas nua i dTuaisceart Éireann agus le Príomh-Aire nua na Breataine chun feabhas suntasach a chur ar an méid a bhaineann muid amach le chéile mar pháirtithe faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta:
- Chun dul chun cinn le pléití dearfacha agus chun comhinfheistíochtaí suntasacha a chur ar fáil: in ionaid taighde uile-oileáin; moil nuálaíochta trasteorann; gnóthachtáil san oideachas agus iarnród inbhuanaithe agus gníomhú ar son na haeráide;
Níl sé i gceist leis an obair sin níos mó a dhéanamh le chéile mar go bhfuil ciall leis ó thaobh na heacnamaíochta - cé go bhfuil. Nó mar gheall go bhfuil ár dtimpeallacht comhroinnte as féin - cé go bhfuil sé.
Is éard atá i gceist leis an obair sin pobail éagsúla agus traidisiúin pholaitíochta atá i ndán d’oileán na hÉireann a roinnt, ag obair le chéile chun athmhuintearas a dhéanamh agus chun an cumas comhroinnte atá iontu a fhorbairt, cumas atá ollmhór ach nach bhfuil leas bainte as go fóill.
Tá gach duine ar oileán na hÉireann spleách ar a chéile agus nasctha le chéile. Ní féidir linn an todhchaí rathúil, shíochánta atá uainn a bhaint amach mura n-oibríonn muid le chéile - Éireannaigh, Briotanaigh, an dá cheann acu, ceachtar acu.
Agus is é sin mo ghealltanas duitse.
Beidh mé féin agus an Rialtas ag obair go tréan, go diongbháilte agus go hoscailte le gach pobal agus traidisiún polaitíochta, chun leas a bhaint as cumas iomlán Chomhaontú Aoine an Chéasta chun teacht ar chomhaontú maidir le todhchaí chomhroinnte, ina mbeach athmhuintearas ann do chách ar oileán na hÉireann.
Go raibh míle maith agaibh go léir.