Óráid ón Ard-Aighne, Rossa Fanning AS le linn Prionsabal maidir le Dlíthíocht Stáit a sheoladh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuir i gcomparáid leis an óráid mar a tugadh.
Go raibh maith agaibh ar fad as ucht a bheith i láthair. Fiú murarbh é seo an lá is faide den bhliain é cheana féin, is dócha go mbeidh an chuma sin air faoin tráth a mbeidh mo chuid cainte éiste agaibh.
I láthair na huaire, tá sé de phribhléid agam a bheith in oifig mar Ard-Aighne ar feadh beagnach os cionn sé mhí. Sa cháil sin, is mise, de réir mar a fhoráiltear le hAirteagal 30 den Bhunreacht, an comhairleoir don rialtas i ndáil le gach ceist a bhaineann le dlí agus tuairim dhlíthiúil.
Cuireann na hoifigí a ndéanaim maoirseacht orthu réimse leathan seirbhísí dlí ar fáil don Rialtas – déanaimid reachtaíocht a dhréachtú, comhairle a thabhairt maidir le saincheisteanna soláthair agus conarthaí a dhréachtú maidir le talamh a cheannach agus a dhíol.
Ach is é an réimse dlí is follasaí ina mbíonn an Stát ag idirphlé le saoránaigh ná réimse na dlíthíochta. Chomh maith leis sin is é an tráth a dtéimid i mbun dlíthíochta an tráth a mbíonn obair dhlíthiúil an Stáit is sofheicthe, go háirithe toisc gur ceanglas bunreachtúil é (Airteagal 34.1) go ndéanfaí ceartas a riar go poiblí.
Má bhraith tú, le himeacht na mblianta, go raibh sé ag eirí níos coitianta go mbeadh daoine (agus corparáidí agus daoine nach saoránaigh iad go deimhin) ag dul i mbun dlíthíochta in aghaidh an Stáit, bheadh an ceart agat.
Ceann de na cúiseanna leis sin is ea go bhfuil Stát an lae inniu i bhfad níos mó agus níos casta ná mar a bhí sé sa bhliain 1937.
Tá sraith gníomhaireachtaí reachtúla neamhspleácha, nárbh ann dóibh ar chor ar bith 86 bliana ó shin, anois i mbun cinntí riaracháin a dhéanamh, ag rialú agus dá bharr sin, ag glacadh páirt in imeachtaí cúirte.
Is minic a ligtear i ndearmad é nach ndearnadh oifig an SIP a bhunú mar ionchúisitheoir neamhspleách ach leis an Acht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974 a achtú.
Ar an dóigh chéanna, tá fuílleach comhlachtaí reachtúla ann a théann i mbun dlíthíochta ar bhonn neamhspleách ar an Rialtas sa lá atá inniu ann – an Banc Ceannais, an CCS, An Bord Pleanála, an CICT, an URTS, an USS, an OSAP, an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach.
Is éasca ligean i ndearmad freisin nárbh ach le Byrne v. Ireland [1972] IR 241 gur chinn an Chúirt Uachtarach nach raibh an Stát imdhíonach ar dhliteanas i leith torta.
Sa lá atá inniu ann, tá méid na dlíthíochta torta in aghaidh an Stáit chomh mór sin gur ar bhonn tarmligthe a ndéileálann an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát léi mar chuid den struchtúr GBCN.
Níorbh ann ar chor ar bith do chuid mhór den dlíthíocht a bhfuil baint ag Oifig an Ard-Aighne léi sa lá atá inniu ann – éilimh maidir le hidirdhealú fostaíochta, achomhairc maidir le leas sóisialach, agus athbhreithnithe breithiúnacha maidir le hinimirce – go dtí le fíorghairid ós rud é go bhfuil an bonn reachtúil ar a n-iompraítear éilimh den chineál seo an-chomhaimseartha freisin.
Uaireanta, díreach mar gheall go bhfuil éilimh dhlíthiúla á dtabhairt in aghaidh an Stáit, is ea is léiriú sin ann féin ar mhainneachtain inmhilleáin, ach tá tuairim dá leithéid bunaithe ar mhíthuiscint shuntasach maidir lena bhfuil i gceist leis an dlíthíocht inti féin.
In Éirinn, tugaimid deis d’aon ghnó do shaoránaigh gníomhartha an rialtais a cheistiú os comhair breithiúnachta neamhspleáiche.
Agus é á mheas ar an gcaoi sin, tá dlíthíocht in aghaidh an Stáit ina gné dhearaidh beartaithe dár samhail Rialtais.
Ní dhéantar é seo i dtíortha eile nó ní dhéantar é a oiread céanna ar chor ar bith.
Tugann sé seo mé chomh fada leis na Prionsabail Dlíthíochta Stáit atá dírithe ar na caighdeáin ar chóir don Stát – agus leis sin, is éard atá i gceist agam ná an Rialtas mar chliant agus Oifig an Ard-Aighne agus Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit mar dhlíodóirí – cloí leo le linn tabhairt faoi dhlíthíocht.
Dúirt Potter Stewart, Breitheamh Comhlach de chuid na Cúirte Uachtaraí i Stáit Aontaithe Mheiriceá tráth “[e]thics is knowing the difference between what you have a right to do and what is right to do”.
Léirítear sa ráiteas seo an fhírinne bhunúsach nach féidir le rialacha dlíthiúla gach ní a éilítear uainn sa saol laethúil a leagan síos.
Is cinnte go leagfar síos le reachtanna, cásdlí agus rialacha cúirte cuid mhór de na nithe is féidir leat agus nach féidir leat a dhéanamh agus tú i mbun dlíthíocht a chur i gcrích, ach ní féidir gach rud a leagan amach iontu.
Trí chóid eitice gairmiúla, is féidir muid a thabhairt chun cinn tuilleadh go pointe áirithe, ach beidh streachailt i gceist leo sin fiú le go mbeadh siad uileghabhálach i ndáil leis na cásanna ar fad a leagan amach ina mbeadh roinnt foighne ag teastáil.
Bhí mé ag machnamh ar an ábhar seo le roinnt míonna anuas maidir le cúinsí ina raibh straitéis dlíthíochta an Stáit ina ábhar grinnscrúdaithe ag an bpobal ag amanna áirithe.
I gcaitheamh na tréimhse sin, thug mé dlíodóirí faoi deara a chloígh leis na caighdeáin eitice is airde agus iad i mbun dlíthíocht a chur i gcrích thar ceann an Stáit.
Is díol dóchais é go ndéanann Abhcóidí Comhairleacha i m’Oifig agus na haturnaetha in Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit, le tacaíocht ó dhlíodóirí seachtracha nuair is gá, a gcuid oibre a chur i gcrích le braistint láidir ar sheirbhís phoiblí agus le tuiscint mhór ar leas an phobail.
Mar sin féin, ní leor a bheith ag súil go simplí go gcloífear le hardchaighdeáin dá leithéid nó go gcomhlíonfar iad i gcónaí, go háirithe i bhfianaise na mbrúnna géara agus na freagrachta ollmhóire atá ar dhlíodóirí agus iad i mbun oibre ag gníomhú thar ceann an Stáit.
Cé gur fíor nach bhfuil sé indéanta a leagan síos roimh ré conas gníomhú i ngach cás insamhlaithe a thiocfaidh chun cinn le linn dlíthíocht chasta agus dlíthíocht a bhfuil cuid mhór i ngeall léi a chuirtear i gcrích thar ceann an Stáit, ní mór obair a dhéanamh fós chun na caighdeáin sin a leagan amach agus a mhíniú.
Ina theannta sin, cé go mbíonn gearáin dhlisteanacha i gceist maidir le hiompar an Stáit i ndáil le dlíthíocht, is minic a bhíonn míthuiscint shuntasach i gceist maidir le cearta agus oibleagáidí an Stáit sa réimse seo.
I bhfianaise an líon mhóir dlíthíochta a bhainistíonn an Stát, tá sé tábhachtach go mínímid an cur chuige agus beartas ginearálta atá glactha ag an Stát sa réimse seo.
Trí na Prionsabail seo, déanfar na caighdeáin don Stát agus dá chuid dlíodóirí i ndáil le himeachtaí dlí a stiúradh a chur in iúl go soiléir den chéad uair.
Leagfar amach leosan an bealach inar féidir leis an Stát agus an bealach ar chóir don Stát é féin a iompar ina cháil mar dhlíthí, mar pháirtí i ndíospóid áirithe atá os comhair na gcúirteanna.
Bhí dréachtú na bPrionsabal seo ina thoradh ar ghníomh comhoibríoch i ndiaidh comhairliúcháin.
Is trí thaithí na ndlíodóirí a bhainistíonn dlíthíocht thar ceann an Stáit ar bhonn laethúil a cuireadh bonn eolais faoi na Prionsabail.
Ar an 30 Bealtaine i mbliana, d’aontaigh an Rialtas na Prionsabail a cheadú, iad a scaipeadh go forleathan laistigh de ranna rialtas agus iad a fhoilsiú.
Ba chóir dom a lua ar dtús nach bhfuil sé i gceist leis na Prionsabail athrú radacach a dhéanamh ar an mbealach ina gcuireann an Stát dlíthíocht i gcrích.
Déanann oifigigh agus dlíodóirí a leagtar de chúram orthu dlíthíocht a bhainistiú thar ceann an Stáit cuid mhór de na Prionsabail a chur i bhfeidhm ar bhonn laethúil cheana féin.
Is é an cur síos ab fhearr a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na Prionsabail ná gur códú agus ráiteas poiblí iad maidir leis an dea-chleachtas.
Chomh maith leis sin, ní fheictear domsa go bhfuil an riachtanas beartais atá mar bhonn agus mar thaca ag na Prionsabail ina riachtanas conspóideach, nó ina riachtanas ar chóir dó a bheith conspóideach.
Déanta na fírinne, ba chóir don Stát gníomhú ar mhaithe le leas an phobail, de réir forléirithe leathain, i ndáil le tabhairt faoi dhlíthíocht agus ba chóir dó an leas poiblí níos leithne seo a chur san áireamh sula nglacann an Stát céimeanna nóis imeachta áirithe i ndáil le dlíthíocht.
Agus na Prionsabail á ndréachtú agam, thug mé aird ar an lándícheall nach mór don Stát tabhairt faoi chun na caighdeáin an-ard a bhfuiltear ag súil leo i ndáil lena iompar a chomhlíonadh.
Cé nach bhfuil sé i gceist leis na Prionsabail athrú radacach a dhéanamh ar chleachtas ná ar bheartas reatha, creidim go mbeidh trí fheidhm thábhachtacha ag baint leo ar a laghad.
Ar an gcéad dul síos, tríd an dea-chleachtas reatha a shoiléiriú agus a mhíniú, cuideoidh siad le hoifigigh sna ranna éagsúla de chuid an rialtais, agus leis na dlíodóirí atá ag gníomhú ar a son, chun cloí leis na hardchaighdeáin a bhfuiltear ag súil leo ón Stát cheana féin.
Ar an dara dul síos, cuideoidh siad le míniú a thabhairt ar chur chuige an Stáit i ndáil le dlíthíocht agus tuiscint níos fearr a chothú faoi mar a oibríonn an Stát ar mhaithe le leas an phobail nuair atá sé i mbun dlíthíochta.
Ar an tríú dul síos, cé nach mbaineann cinneadh an rialtais ann féin maidir leis na Prionsabail a cheadú, le dlíthithe seachas an Rialtas féin agus comhlachtaí atá freagrach don Rialtas, is é ceann de na cúiseanna a bhfuil sé chomh tábhachtach don Rialtas na caighdeáin a fhéachann sé cloí leo sa dlíthíocht a leagan síos ná sampla a thabhairt agus an dea-chleachtas a léiriú do dhaoine eile.
Dá bhrí sin, cé nach faoin Rialtas atá sé an bealach ina n-iompraíonn páirtithe eile iad féin sa chúirt a shocrú, tá súil agam go scaipfear na Prionsabail go forleathan, agus go deimhin go gcloífidh comhlachtaí reachtúla eile atá neamhspleách ar an Rialtas leo agus go gcloífidh dlíthithe eile leo dá dtoil féin.
Táim cinnte dá mba rud é gur fhéach gach dlíthí le cloí leis na Prionsabail seo, go gcuirfeadh sé feabhas ar riaradh éifeachtach an cheartais inár gcúirteanna.
Sula dtabharfaidh mé míniú níos doimhne ar an méid a dhéanann na Prionsabail, d’fhéadfadh sé a bheith ina treoir mhaith dá dtabharfainn míniú ar an méid nach ndéanann siad.
Ní chruthaítear rialacha dlí leis na Prionsabail. Níl aon éifeacht cheangailteach acu ó thaobh dlí. Chomh maith leis sin, níl sé i gceist leo athrú radacach a dhéanamh ar chleachtas reatha ach oiread.
Tá sé tábhachtach a chur in iúl go sonrach nach ionann an ceanglas maidir le gníomhú go heiticiúil i ndlíthíocht agus cearta dlíthiúla an Stáit a chur ar ceal ar bhealach éigin. Mar a dúirt breitheamh amháin ón Astráil:
“[w]hile the Commonwealth is no doubt a behemoth of sorts, it is not obliged to fight with one hand behind its back in proceedings. It has the same rights as any other litigant notwithstanding it assumes for itself, quite properly, the role of a model litigant.”
Dá bhrí sin, aithnítear leis na Prionsabail nach féidir cosc a chur ar an Stát cur i gcoinne imeachtaí, cinneadh a achomharc, imeachtaí a réiteach (le hadmháil dliteanais nó gan admháil dliteanais), brath ar phribhléid ghairmiúil dlí nó iarratas a chur isteach chun costais an Stáit a aisghabháil i gcás iomchuí.
Beidh cóip de Phrionsabail Dlíthíochta an Stáit faighte ag an gcuid is mó agaibh cheana féin – maidir leo sin atá i láthair inniu ó ranna rialtais, táimid ullamh chun cuidiú libh i ndáil le ceisteanna ar bith atá agaibh ina dtaobh, agus beidh Príomh-Aturnae an Stáit i mbun faisnéis phraiticiúil bhreise a chur ar fáil daoibh ina mbeidh faisnéis níos mionsonraithe ar fáil a chuideoidh le hiad a chur i bhfeidhm.
Is éard a bheidh i gceist agam a dhéanamh san am atá ar fáil ná roinnt tráchtanna gairide a dhéanamh maidir lena n-ábhar.
Chomh maith leis sin, i gcás ina bhfuiltear ag tabhairt faoi dhlíthíocht, ní mór don Stát céimeanna a ghlacadh lena chinntiú go ndéileálfar leis go pras, go héifeachtach agus de réir costais chuí.
Is minic a bheidh an Stát ag cosaint in aghaidh éilimh líonmhara maidir leis na ceisteanna céanna nó maidir le ceisteanna comhchosúla agus sna cúinsí sin, ba chóir don Stát féachaint le cuidiú leis an gcúirt agus le dlíthithe eile trí phríomhchásanna cuí a aithint d’fhonn éascaíocht a dhéanamh ar riaradh éifeachtúil agus éifeachtach an cheartais.
Caithfear cúram ar leith a ghlacadh chun moill neamhriachtanach a sheachaint agus chun cloí le sprioc-amanna atá cinnte le reachtaíocht, le rialacha cúirte nó le haon treoracha nó orduithe arna n-eisiúint ag na cúirteanna.
Cé go bhféadfadh cuma fhollasach a bheith i gceist leis an bpointe seo, is minic a bhíonn sé seo ina thasc deacair mar gheall ar na brúnna suntasacha faoina n-oibríonn an Stát agus a chuid dlíodóirí. Mar sin féin, tá sé ríthábhachtach go mbeifear in ann cásanna a chur chun cinn chomh gasta agus is indéanta.
Chomh maith leis sin, leagtar béim sna Prionsabail ar an tábhacht atá le cloí leis an dea-chleachtas sa phróiseas follasaithe. I ndiaidh é a ordú nó a chomhaontú, ba chóir don Stát féachaint le cloí lena chuid oibleagáidí go tráthúil, a d’fhéadfadh a bheith dúshlánach i gcásanna ina bhfuil follasú fairsing i gceist.
B’fhéidir gurb é an ghné is bunúsaí ar fad atá i gceist ná go gcaithfidh an Stát gníomhú go hionraic agus an Stát i mbun dlíthíocht a stiúradh. Ciallaíonn sé sin nach mór don Stát cuidiú leis an gcúirt trí mhíniúcháin iomlána agus cruinne a chur ar fáil maidir leis na ceisteanna ábhartha ar fad a dteastaíonn ón gcúirt a bheith eolach orthu le linn fianaise a thairiscint, i ráiteas finné, trí mhionnscríbhinn, nó i gclár na mionn.
Chomh maith leis sin, féachtar leis na Prionsabail cinnte a dhéanamh de go ngníomhaíonn an Stát go comhsheasmhach maidir leis an gcaoi ina láimhseálann sé éilimh. Ba chóir don Stát gníomhú i leith páirtithe a bhfuil éilimh chomhchosúla acu ar bhealaí comhchosúla.
Ciallaíonn sé sin freisin gur chóir don Rialtas céimeanna a ghlacadh lena chinntiú nach dtagann an Stát i dtír ar dhlíthithe nach bhfuil ach rochtain theoranta acu ar acmhainní.
Ní mór go dtuigfeadh an Stát na deacrachtaí faoi leith atá os comhair dlíthithe dá leithéid agus féachfaidh an Stát le cuidiú leis na cúirteanna éilimh dá leithéid a bhainistiú ar bhealach atá chomh cothrom agus chomh gasta agus is indéanta.
Chomh maith leis sin, tá treoirlínte sna Prionsabail i ndáil le hargóintí ar chóir iad a chur in iúl i ndlíthíocht thar ceann an Stáit. Tá an Stát i dteideal brath ar na cosaintí céanna ar a mbraitheann dlíthí ar bith eile. Mar sin féin, nuair a thagann ceist maidir le bheith ag brath ar chosaintí malartacha chun cinn, déanfaidh an Stát breithniú ar an áit a bhfuil leasanna an cheartais do na páirtithe ar fad.
I roinnt cásanna, mar gheall air sin, b’fhéidir nach mbeadh sé oiriúnach cosaint áirithe a phléadáil in ainneoin go bhfuil sé ar fáil don Stát mar ábhar dlí. Dá bhrí sin, ní mór don Stát a bhreithniú cé acu a fhreastalaítear nó nach bhfreastalaítear ar leas an phobail tríd an gcosaint a phléadáil. Mar shampla, má bhíonn cás neamhábhartha, d’fhéadfadh sé gurbh fhearr é don tsochaí i gcoitinne go ndéanfaí an tsaincheist dhlíthiúil bhunúsach a réiteach.
Mar sin féin, tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird go dtacaíonn go leor cosaintí le beartais thábhachtacha a bhaineann le riail an dlí, riaradh an cheartais agus réiteach tráthúil díospóidí. Go han-mhinic, dá bhrí sin, beidh spleáchas ar chosaint dá leithéid ar mhaithe le leas an phobail agus é tagtha chun cinn de réir reachtaíochta ábhartha agus cinntí beartais bunaidh an Oireachtais.
Ar an dóigh chéanna, cuirfidh na Prionsabail bonn eolais faoi mheasúnú an Stáit freisin maidir le hachomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh nó gan achomharc a dhéanamh. Tá an Stát i dteideal tabhairt faoi achomhairc ar an mbonn céanna le dlíthí eile ar bith. Mar sin féin, ba chóir go mbeadh cúiseanna maithe dlíthiúla nó beartais ag an Stát chun achomharc a thionscnamh, agus níor chóir dó achomharc a dhéanamh díreach chun moill a chur ar chúrsaí de réir mar a dhéanann dlíthithe áirithe.
Gan amhras, is amhlaidh a bheidh an scéal nuair atá ionchas réasúnach ag an Stát go n-éireoidh leis san achomharc.
Mar sin féin, fiú mura bhfuil an t-ionchas go n-éireoidh leis chomh soiléir céanna, d’fhéadfadh sé a bheith go huile is go hiomlán oiriúnach don Stát achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh taobh amuigh de sin i gcás ina bhfuil sé ar mhaithe le leas an phobail. Mar shampla, d’fhéadfadh pointe dlí tábhachtach a bheith i gceist i gcás a d’fhéadfadh tionchar nach beag a imirt ar chásanna eile nó ar bheartas an rialtais. Is minic a bheidh sé ar mhaithe le leas an phobail achomharc a dhéanamh chun an dlí a shoiléiriú maidir le pointe dá leithéid.
Tá treoirlínte maidir le costais ann freisin. I gcás ina chomhaontaíonn an Stát costais an pháirtí fhreasúraigh a íoc nó i gcás ina bhfaigheann páirtí freasúrach ordú maidir le costais in aghaidh an Stáit, féachfaidh an Stát le suim na gcostas a bheidh le híoc a chomhaontú gan breithniú foirmiúil.
Trí sin, seachnófar na costais agus moilleanna breise a bheidh i gceist maidir leis an ábhar a chur ar aghaidh chuig Oifig Bhreithneoirí na gCostas Dlíthiúil. Mar sin féin, ní théann na Prionsabail i bhfeidhm ar theidlíocht an Stáit iarratas a chur isteach chun a chostais a aisghabháil agus ordú ar bith dá leithéid a fhorfheidhmiú.
Chomh maith leis sin, tugtar treoirlínte leis na Prionsabail maidir leis an ról atá ag leithscéalta. Uaireanta, cinneann na cúirteanna gur ghníomhaigh an Stát go neamhdhleathach. Chomh maith leis sin bíonn uaireanta ann ina dtagann sé chun solais le linn na dlíthíochta, gan cinneadh breithiúnach, gur ghníomhaigh an Stát go neamhdhleathach.
Ní bheadh leithscéal riachtanach nó cuí i ndíospóid theicniúil maidir leis an mbrí a bhaineann le halt de phíosa reachtaíochta, ach i gcásanna cuí nuair a éilítear a leithéid mar gheall ar na cúinsí, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le leithscéal mar chuid den fhreagra cuí i ndáil leis an dlíthíocht.
De réir mar a thug mé le fios ag an tús, is léir nach féidir an méid ar fad a éilítear ar an Stát agus ar a chuid dlíodóirí a áireamh i dtaca le gach cás a d’fhéadfaí a shamhlú.
Tá fírinne ar leith ag baint leis sin nuair atáthar ag caint faoi dhoiciméad atá deartha chun prionsabail agus treoirlínte leathana a leagan amach.
Mar a dúirt mé cheana féin, cuirfear mionsonraí breise ar fáil ó Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit maidir leis na céimeanna praiticiúla nach mór a ghlacadh lena chinntiú go ndéantar na cuspóirí atá sna Prionsabail a fhíorú.
Tá cuid mhór den mhéid a fhéachfaidh an Stát le déanamh faoi na Prionsabail á déanamh cheana féin in go leor cásanna. É sin ráite, sílim féin go bhfuil tábhacht ag baint leis na Prionsabail mar chomhartha de thiomantas athnuaite agus poiblí an Stáit chun cloí leis na luachanna seo agus chun tacú le riaradh an cheartais ar mhaithe le leas an phobail.
Mar a dúirt mé cheana, tá súil agam freisin go bhfeicfidh dlíthithe eile, sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon, an fiúntas atá sna Prionsabail agus go nglacfaidh siad go toilteanach leis na treoirlínte an-stuama sna Prionsabail.
Ar deireadh, ní gá a rá nach bhfuil anseo ach an chéad leagan de na Prionsabail. Ní ábhar do-athraithe ábhar na bPrionsabal. Beidh sé riachtanach iad a athbhreithniú agus a nuashonrú amach anseo, de réir mar a fhoghlaímid ón taithí seo.
Go raibh maith agaibh as bheith i láthair agus as éisteacht liom inniu.