Aitheasc an Aire Harris ag CGB na hÁisíneachta Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh (NALA)
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Go raibh míle maith agaibh. Tuigim agus mé in éineacht libh anseo ar scáileán, gur eagraíocht í an Áisíneachta Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh (NALA) a bhfuil cuimsiú mar bhunluach aici (faoi mar atá agam féin). Tá a fhios agam dá mbeimis bailithe le chéile i seomra - rud a bheimid in ann a dhéanamh arís go luath - go mbeadh an ócáid lán d’éagsúlacht agus de ‘theacht le chéile’. Ach bainfimid an leas is fearr as ár gcuid ama le chéile ar scáileáin ar maidin ar mhaithe le trí phríomhchúis thábhachtacha:
Sula labhraím faoin todhchaí, ba mhaith liom breathnú siar ar Éirinn 40 bliain ó shin nuair tháinig an NALA ar an saol. Áit an-difriúil ar fad a bhí ann - ní raibh sé i bhfad ó ghlacamar páirt i bPobal Eacnamaíochta na hEorpa (mar a thugtaí air an uair sin agus ní raibh an focal ‘Breatimeacht’ ná ‘Brexit’ ann), bhí deireadh curtha leis an mbac pósta tamall roimhe sin agus is ar éigin a d’aithneodh duine cúrsaí sóisialta agus eacnamaíocha na tíre i gcomparáid le cúrsaí an lae inniu. Ón am sin i leith tá dul chun cinn suntasach déanta ar mhaithe le leas ár saoránach agus níos faide i gcéin.
Is é an fáth go bhfuilimid anseo le chéile inniu ná gur bhunaigh grúpa oibrithe deonacha ceannródaíocha eagraíocht in 1977 óna dtiocfadh an NALA nuair a bunaíodh go hoifigiúil í mar eagraíocht ballraíochta i 1980. Roimhe sin i 1973, aithníodh i dTuarascáil Murphy na riachtanais maidir le litearthacht aosach den chéad uair sa Stát. Agus i rith na ndeich mbliana chéanna sin, shínigh Éire conradh tábhachtach idirnáisiúnta - an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha.
Aithnítear sa Chonradh seo an ceart chun oideachais agus an ceart chun foghlama ar feadh an tsaoil, a bhfuil litearthacht ina cuid lárnach di.
Aithnítear gur tairbhithe an chirt chun oideachais iad an duine aonair agus an tsochaí. Mar sin, cé gur féidir linn go léir a aithint cad a chiallaíonn an ceart chun oideachais i gcás duine aonair, is ceart sóisialta é freisin. Cuireann oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil go mór le leasanna daoine aonair, fiontar, an gheilleagair agus na sochaí ina hiomláine a chur chun cinn.
Agus seo ceann de na gnéithe is tábhachtaí a bhaineann leis. Níl an leas a bhaintear as an gceart chun oideachais bhunúsaigh teoranta de réir aoise nó inscne; baineann sé le leanaí, le daoine óga agus le daoine fásta, lena n-áirítear daoine scothaosta. Agus is mian liom a rá go soiléir go bhfuil litearthacht, uimhearthacht agus litearthacht dhigiteach ina cuid dhílis d’oideachas aosach agus d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil.
D’aithin UNESCO sé bliana ó shin, ina mholadh in 2015 ar Fhoghlaim agus Oideachas Aosach, “go bhfuil cónaí orainn i ndomhan atá ag athrú go tapa, ina mbíonn dúshláin chomhuaineacha le sárú ag rialtais agus ag saoránaigh rud a spreagann muid chun athbhreithniú a dhéanamh ar na dálaí ina bhféadfaidh gach duine fásta an ceart chun oideachais a bhaint amach”.
Tá an domhan ag athrú níos tapúla anois ná mar a d’fhéadfaimis a shamhlú 40 bliain ó shin nó fiú bliain ó shin. Agus ó tá paindéim dhomhanda ann, feicimid go soiléir ár n-easnaimh maidir le freastal ar riachtanais litearthachta:
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le NALA as cabhrú le daoine trí bhur seirbhísí sna saolta deacra seo. Agus ba mhaith liom a admháil anseo go raibh tionchar ollmhór ag COVID-19 ar na mic léinn go léir i mbreisoideachas agus san ardoideachas. Bhí tionchar níos déine aige ar fhoghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste agus ar fhoghlaimeoirí leochaileacha.
Fuair mé maoiniú breise do mhic léinn i mBuiséad 2021 agus chuidigh an t-airgead a fuarthas faoi Chiste na gCuntas Díomhaoin chun na héifeachtaí ba mheasa a bhain le COVID-19 a mhaolú i gcás mhic léinn an lucht siúil a bhí ag aistriú chuig Ardoideachas agus ag dul ar aghaidh laistigh den chóras sin. Ach tá níos mó oibre le déanamh againn agus muid ag tosú ag athoscailt agus mic léinn a spreagadh le dul ar ais i bhfoirgnimh agus ar champais. Tá rún daingean agam a chinntiú go mbeidh tacaíochtaí ann do na foghlaimeoirí is mó a dteastaíonn siad uathu.
Cinntíonn oideachas cothroime ag gach céim den saol. Ba cheart go mbeadh forbairt iomlán phearsantacht an duine mar aidhmeanna an oideachais. Agus ó aithníonn an Stát an méid sin, agus ó tá sé á chur chun cinn agus á sholáthar - rud a bhfuil rún daingean agamsa a dhéanamh - cosnóidh sé dínit bhunúsach ár saoránach agus cuirfidh sé ar chumas gach duine páirt éifeachtach a ghlacadh i sochaí dhaonlathach, chomhionann.
Cén fáth a bhfuil litearthacht tábhachtach don daonlathas, do chomhionannas agus d’inbhuanaitheacht?
Ceapadh go traidisiúnta gurb ionann litearthacht agus sraith scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta agus comhairimh ach tuigtear anois go bhfuil litearthacht riachtanach mar bhealach aitheantais agus tuisceana agus chun léirmhíniú, cruthú agus cumarsáid a dhéanamh i ndomhan atá ag éirí níos digití, a léirmhínítear trí idirghabháil téacsanna, atá saibhir ó thaobh faisnéise agus atá ag athrú go tapa. Os a choinne sin tá drochthionchar ag riachtanais litearthachta nach sásaítear ar an tairbhe a bhaintear as cearta daonlathacha eile. Ní amháin go bhfuil litearthacht ríthábhachtach ar fud na cruinne maidir le rath ar feadh an tsaoil, ach is bunriachtanas é má tá daoine le bheith in ann vótáil, stocaireacht a dhéanamh le haghaidh athrú agus páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí ar bhealach eile.
Díreach an tseachtain seo, rinneamar Lá na Cruinne a cheiliúradh agus feictear i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe go bhfuil an litearthacht ina cuid dhílis den fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Dar leis UNESCO, is í an litearthacht a spreagann forbairt inbhuanaithe toisc go gcuireann sí ar chumas níos mó daoine páirt a ghlacadh sa mhargadh saothair; sláinte agus cothú leanaí agus teaghlaigh a fheabhsú; laghdaíonn sé an bhochtaineacht agus leathnaíonn sé deiseanna saoil.
Ba mhaith liom labhairt anois faoi obair mo roinnese.
Is céim shuntasach chun tosaigh é bunú na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde agus Eolaíochta mar cruthaíonn sé féidearthachtaí ollmhóra d’oideachas aosach. Ní roinn le haghaidh Ollscoileanna í.
Tá cuimsiú i gcroílár mo roinnese, agus tá sé mar aidhm aici freastal ar na daoine is faide atá scoite amach chun iad a thabhairt ar ais san oideachas chun cabhrú leo ní amháin a lánacmhainneacht a bhaint amach go hacadúil, ach a chinntiú go bhfuil na scileanna acu a theastaíonn uathu chun déileáil lena saol laethúil.
I mí Iúil na bliana seo caite, sheolamar an dara Straitéis Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET) 2020-2024. Leagtar amach treochlár cúig bliana don earnáil sa straitéis atá tógtha timpeall ar thrí cholún thábhachtacha maidir le scileanna a thógáil, cuimsiú a chothú agus cosáin a chruthú agus tá sé mar aidhm aici dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha agus shochaíocha a bheidh le sárú sna blianta amach romhainn.
Mar is eol dúinn, ceann de phríomhthosaíochtaí na straitéise is ea cuimsiú a chothú. Tá a fhios againn gur féidir le hoideachas aosach tionchar claochlaitheach a bheith aige ar shaol foghlaimeora beag beann ar cibé aois, cúlra, nó taithí oideachais atá aige nó aici. Léiríonn eagraíochtaí mar NALA é seo trí chláir sholúbtha inrochtana a sholáthar le cur ar chumas gach foghlaimeora a scileanna litearthachta a fhorbairt nó a choinneáil.
Mar a luaigh mé thuas, is féidir leis an teicneolaíocht eagla a chur ar go leor daoine ach is uirlis í chun muid a chur i dteagmháil lenár saol gairmiúil, oideachasúil agus pearsanta. Tosaíocht mhór ag mo roinnse is ea cuimsiú digiteach. Chomh luath agus a dhéantar an deighilt dhigiteach a thrasnú, osclaítear domhan atá lán d’féidearthachtaí do gach duine, fiú domhan atá teoranta ag srianta sláinte poiblí. Nuair is féidir leat do bhillí a íoc, d’earraí grósaera seachtainiúla a fháil, do chuid oideas a athnuachan, agus labhairt le do chairde agus le do mhuintir ar líne go héasca agus go sábháilte, tá tú san áireamh i ndomhan atá lán d’fhéidearthachtaí.
Ní féidir le duine as gach seisear daoine fásta Éireannacha léamh a dhéanamh nó bíonn siad streachailt le léitheoireacht. Ní figiúr é seo nach féidir liom cur suas leis. Dá leanfadh sé seo ar aghaidh, bheimis ag ligean do dhaoine titim ar chúl agus nílim sásta cur suas leis sin. Bhí NALA chun tosaigh ag tabhairt an tsaoil dearmadta chun solais ina bhfuil riachtanais litearthachta agus uimhearthachta ceilte agus é sin déanta go minic de bharr náire. Bhuel, sílim gur cúis náire dúinne é mar shochaí. Is féidir linn an scéal sin a athrú. Ní raibh Aire sinsearach againn riamh a bhí freagrach as an réimse seo. Mar sin, mura ndéantar anois é cathain a dhéanfar é? Is nóiméad ríthábhachtach é seo nach mór dúinn a thapú le chéile.
Mar is eol duit, thug mé de chúram do SOLAS straitéis litearthachta, uimhearthachta agus litearthachta digití 10 mbliana a fhorbairt. Beidh cur chuige uile-rialtais ag an straitéis agus soláthróidh sí creat chun tacú le daoine aonair a gcuid litearthachta, uimhearthachta agus litearthachta digití a fheabhsú. Beidh sé mar aidhm ag an straitéis nua seo a chinntiú go mbeidh an litearthacht, an uimhearthacht agus an litearthacht dhigiteach ag gach duine chun freastal ar a riachtanais agus chun páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí.
Tá rún daingean agam a chinntiú go ndéanfaidh an straitéis nua seo difríocht dháiríre. Tá comhairliúchán fairsing déanta ag SOLAS a chuimsigh aiseolas ó eagraíochtaí páirtithe leasmhara, pobail agus saoránaigh tríd an bpróiseas comhairliúcháin ar líne, cruinnithe déthaobhacha agus grúpaí fócais.
Ní chuirfidh sé iontas ar bith oraibh gur leag an próiseas comhairliúcháin béim ar na naisc idir bochtaineacht, éagothroime, eisiamh agus riachtanais litearthachta, uimhearthachta agus litearthachta digití nach ndearnadh freastal orthu. Is léir freisin go dteastaíonn seirbhísí Rialtais níos inrochtana ó dhaoine ina bhfuil sé níos éasca faisnéis a thuiscint agus ina bhfuil bealaí iomadúla ann le déileáil leo, mar shampla trí bhreathnú ar fhíseán in ionad a bheith ag léamh téacs, teachtaireacht ghutha seachas ríomhphost a chur ar aghaidh, rochtain a fháil ar choinní míochaine i bhfad uathu, srl.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le NALA as na rudaí luachmhara a chuir siad ar fáil, as a saineolas agus as a n-ionchur sa phróiseas seo, chomh maith lena rannpháirtíocht trí ghrúpa idir-rannacha na bpáirtithe leasmhar a bhfuilim mar Chathaoirleach orthu, an grúpa comhairleach teicniúil, agus go díreach trí SOLAS. Cuirim fáilte mhór roimh gach rud atá agaibh le roinnt linn agus táim ag éisteacht go géar.
Is tosaíocht lárnach agamsa é seo sa roinn nua agus tá sé beartaithe agam é a thabhairt chuig an Rialtas lena cheadú i mí na Bealtaine. Is í m’uaillmhian go dtiomáinfidh an straitéis dul chun cinn ar aghaidh agus go ndéanfaidh sí an obair atá á dhéanamh cheana féin i raon ranna Rialtais, gníomhaireachtaí stáit agus grúpaí páirtithe leasmhara níos leithne a chuíchóiriú, chun feasacht ar sheirbhísí don phobal a mhéadú agus chun an méid a chinntiú is féidir a dhéanamh ar fud an Rialtais uile chun litearthacht, uimhearthacht agus litearthacht dhigiteach níos fearr a sholáthar d’aosaigh.
Agus mé ag teacht chun deiridh níl uaim ach dúshláin na bliana seo caite a lua arís, agus a rá go bhfuil meas agam i mo chroí istigh ar an chaoi a raibh sibh in ann leanúint ar aghaidh ag soláthar bhur seirbhís riachtanach i rith na ndúshlán sin.
Chun ár gcéad Straitéis Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh a sholáthar beidh uaillmhian, cruthaitheacht agus comhpháirtíocht ag teastáil uainn. Ní bhaineann sé seo le cé nó cá háit nó cad a sholáthraíonn straitéis.
Baineann sé seo le daoine. Ní mian liom tosú ag caint faoi bhacainní ná dúshláin. Is mian liom labhairt faoi riachtanais daoine agus conas is féidir linn mar rialtas freastal ar na riachtanais sin.
Tá ról le himirt ag gach duine maidir lena chinntiú go mbeidh gach duine fásta in ann a acmhainn nó a hacmhainn a chomhlíonadh sna 40 bliain atá romhainn agus nach gcoinneoidh riachtanais litearthachta nach ndearnadh freastal orthu siar iad.
Gan tiomantas, díriú agus uaillmhian chun litearthacht iomlán a chinntiú, eisiafar an iomarca daoine fásta ó rannpháirtíocht iomlán ina bpobail agus ina sochaithe. Agus muid ag athshamhlú na tíre agus an domhain i ndiaidh Covid, teastaíonn uainn go mbeidh gach duine rannpháirteach go hiomlán agus mar sin déanaimid atógáil ar bhonn na cuimsitheachta agus comhionannais anois agus ar son na nglúnta atá le teacht.