Óráid
Ráiteas an Taoisigh ar an iriseoir agus an scríbhneoir Lyra McKee a maraíodh i ndiaidh gur lámhachadh í i nDoire
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais
“Cáineann an Rialtas go mór lámhach marfach an iriseora agus an scríbhneora Lyra McKee i nDoire
“Ábhar an-mhór bróin iad imeachtaí na hoíche aréir.
“Ní féidir linn na daoine siúd a cheadú ar mian leo an foréigean, an eagla agus an fuath a chothú chun sinn a tharraingt siar san am atá imithe thart.
“Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do mhuintir Lyra, dá páirtí Sara agus dá cairde. Léirímid ár ndlúthpháirtíocht, chomh maith, do mhuintir Dhoire agus don phobal iomlán iriseoireachta.”