Óráid an Taoisigh, Oscailt Oifigiúil an Aonaid Ghéarstróc, Barda Rowan, Ospidéal Uí Chonghaile
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais
Seiceáil i gCoinne Seachadadh
Móradh daoibh ar maidin, a dhaoine uaisle.
Is pribhléid a bheith anseo chun freastal ar oscailt oifigiúil an Aonaid Ghéarstróc nua.
Filleann cuimhní sona orm nuair a thugaim cuairt ar an áit seo agus gach uair a fhillim, tugaim athruithe chun feabhais faoi deara.
Bhí mé anseo anuraidh chun an fód a chasadh chun ceiliúradh a dhéanamh ar thosú na hoibre ar an ionad nua othar seachtrach péidiatrach agus cúraim phráinnigh.
Tugaim faoi deara inniu gur críochnaíodh an obair sheachtrach ar an ionad. Bhain an tionscadal an sprioc amach, agus beartaítear an foirgneamh a aistriú go luath san Earrach agus tá an oscailt sceidealaithe d’Iúil 2019.
Baineadh seo amach a bhuíochas le bhur dtiomantas agus obair dhian agus ba mhian liom mo bhuíochas agus mo mholadh a chur in iúl do gach duine a bhí bainteach.
Beartas Rialtais is ea ár seirbhís sláinte a fhorbairt, a nuachóiriú agus a fhairsingiú.
Is annamh a bhíonn an tseirbhís sláinte sa nuacht ar na cúiseanna cearta – liostaí feithimh, plódú, sábháilteacht othar.
Beidh €17 billiún sa bhuiséad sláinte an bhliain seo chugainn. Seo an buiséad is airde riamh i stair an Stáit, agus táimid tiomanta do chinntiú go mbaineann an t-airgead breise seo an t-othar amach. Tá 1,500 altra sa bhreis againn ná mar a bhí dhá bhliain ó shin; 10,000 dochtúir – níos mó ná mar a bhí riamh roimhe seo; tá 250 níos mó leaba inár n-ospidéil i mbliana, agus tá 120 ionad cúraim phríomhúil ar an bhfód agus ag feidhmiú. Agus tá níos mó ar na bacáin i dtaobh earcaíochta agus infheistíochta an bhliain seo chugainn.
Thar aon cheo eile, áfach, is gá dúinn a chinntiú go n-eascraíonn cúram níos fearr agus torthaí níos fearr dár n-othair as an infheistíocht seo.
Tá roinnt torthaí maithe á dtabhairt faoi deara againn cheana féin.
Tá saol níos faide agus níos sláintiúla á mhaireachtáil againn anois ná mar a rinneadh riamh roimhe seo. Tugann níos mó daoine a gcosa leo ón ailse inniu ná mar a fhaigheann bás dá barr. Agus tá feabhas ag teacht ar rátaí marthanais i dtaobh strócanna agus taomanna croí, chomh maith. Tá laghdú ag teacht ar thréimhsí feithimh d’obráidí agus gnáthaimh. Thug 84% d’othair le fios, nuair a fiafraíodh díobh, go raibh a n-eispéireas den tseirbhís sláinte poiblí maith nó an-mhaith.
Ní thiteann na rudaí seo amach díreach trí thimpiste. Ba thoradh díreach iad ar bheartais agus straitéisí Rialtais, cistiú agus acmhainní an Rialtais a cuireadh ar fáil ar mhaithe le cóireálacha agus teicneolaíocht nua agus, ar an rud is tábhachtaí, bhur ngairmiúlacht agus cáilíocht - ár bhfoireann chúram sláinte.
Dea-shampla den mhéid is féidir linn a bhaint amach is ea an scéal faoi conas a chuirimid cóir leighis ar stróc inár dtír.
Buaileann stróc thart ar 10,000 duine gach bliain in Éirinn agus is gá thart ar 7,000 de na daoine seo a thabhairt isteach go géaraonad ospidéil dá bharr. Faoi mar is eol dúinn, féadfaidh strócanna a bheith marfach, agus i gcásanna eile, féadfaidh míchumas buan agus millteanach eascairt astu.
Nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil 30,000 duine inár bpobail ag maireachtáil faoi mhíchumas a bhaineann le stróc, ritheann sé leat an tábhacht a bhaineann le cúram maith.
Aithnítear cúram aonad stróc i ngach treoirlíne a foilsíodh mar an ngné is bunúsaí de chúram stróc.
Is simplí don loighic. Cuireann aonaid stróc feabhas ar thorthaí othair agus tagann laghdú ar rátaí báis, idirspleáchas agus míchumas, agus ar fhad níos giorra in ospidéil a bhuíochas leo.
Cuireadh cúram aonad stróc ar fáil anuraidh do 69% d’othair stróc, agus chaith trí cheathrú de na hothair siúd an chuid ba mhó dá bhfanacht san ospidéal in aonad stróc.
Mar Rialtas, is mian linn a chinntiú go bhfuil aonad stróc i ngach ospidéal ina nglactar le hothair stróc nó, in éagmais aonaid, go mbíonn socrú seach-chonaire ann lena gcomhaontaítear a ndearnadh socrú foirmiúil de leis an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna.
Le hocht mbliana anuas, osclaíodh 11 aonad stróc nua, agus tá 23 aonad ann, ar an iomlán anois.
Tá dhá aonad stróc sa bhreis á bhforbairt agus beidh géaraonad cúram stróc nó socrú seach-chonaire ann i ngach ospidéal laistigh de na chéad trí mhí in 2019.
Feabhsú mór é seo a theastaíonn go géar. Nochtadh sa chéad tuarascáil iniúchóireachta ar chúram náisiúnta stróc in 2006 nach raibh ach aonad stróc amháin againn inár dtír.
Mar sin, táimid i bhfad chun tosaigh ón áit a bhí bainte amach againn beagán de bhreis ar dheich mbliana ó shin.
Garsprioc thábhachtach eile i stair Ospidéal Uí Chonghaile atá in oscailt oifigiúil d’Aonaid Ghéarstróc inniu. Ráiteas atá ann faoinár dtosaíochtaí sláinte don tír.
Nuair a bhíonn cúram stróc i gceist, is mian linn ceithre rud a dhéanamh i gceart:
Tá torthaí á mbaint amach cheana féin ag an gcur chuige seo agus tá laghdú 27% tagtha ar bhás de bhar stróc agus laghdú 38% tagtha ar bhás de bharr stróc iscéimeach ón mbliain 2005 ar aghaidh. Éacht dochreidte é seo
Rinneadh an fhís seo a fhíorú agus áit a bheidh sa ghéaraonad stróc nua ina dtiocfaidh leigheas agus athshlánú ar othair agus ina gcuirfear cúram ar fáil dóibh agus a dteaghlaigh.
Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas a chur in iúl don fhoireann ildisciplíneach iomlán: Lisa Donaghy, Denise Hartigan, an Dr Éamon Dolan agus an Dr Marie O’Connor.
Ba mhaith liom buíochas a chur in iúl, chomh maith, do Margaret Boland, Bainisteoir Ginearálta Ospidéal Uí Chonghaile; an tOllamh Conor Burke; agus d’fhoireann Ospidéal Uí Chonghaile as ucht a ndianoibre chun an t-aonad seo a sholáthar. Tá bhur dtiomantas do bhur n-othair ina eiseamláir.
Go raibh maith agaibh.