Óráid ag an Taoiseach ag Paráid Cháilithe an Gharda Síochána, Coláiste an Gharda Síochána, An Teampall Mór
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Seiceáil i gCoinne Seachadadh
A Choimisinéir, a Aire Flanagan, a aíonna oirirce agus - ár n-aíonna speisialta onóra - teaghlaigh na gcomhaltaí is nuaí den Gharda Síochána agus, ar ndóigh, ár nGardaí nua. Is lá suntasach é seo i bhur saol agus lá suntasach i saol an Stáit. Mar sin, is mór agam é a roinnt libh.
Tá an Garda Síochána mar gharda sibhialta againn, ár gcéad líne cosanta le beagnach 100 bliain, ag cosaint agus ag freastal ar ár saoránaigh, ár bpobail agus ár dtír ó bunaíodh an Stát.
Soláthraíonn na daoine a chaitheann an éide seo an tseirbhís is airde sa tír. Is freagracht í a bhfuil sibh sásta glacadh léi agus táimid buíoch díot as sin.
I 1922, mheas céad Choimisinéir an Gharda Síochána, Michael Staines, nach mbeadh rath an Gharda Síochána ag brath ar ‘an lámh láidir ná ar líon na ndaoine’. Chreid sé nach n-éireodh leis an nGarda Síochána ach amháin dá mbeadh 'údarás morálta mar sheirbhísigh na ndaoine’ ag a gcomhaltaí.
Is é sin a léiríonn an éide. Agus léiríonn sibhse údarás morálta gach lá le bhur ngníomhartha misnigh, leis an dóchas a thugann sibh do phobail, agus leis an eagla a chuireann sibh ar chiontaigh agus ar choirpigh.
Níl aon fhreagracht níos mó ná aon onóir níos airde le fáil.
Le 100 bliain anuas, tá an Garda Síochána ag troid in aghaidh na coireachta eagraithe agus fórsaí dorcha a dhéanann bhagairt ar ár Stát.
Is chugaibhse a théann daoine a bhíonn i dtrioblóid.
Is sibhse is túisce a fhreagraíonn do ghéarchéimeanna.
Is sibhse an dream deiridh a fhágann na géarchéimeanna sin.
Fuair 88 bás ina ról mar Gharda síochána, liosta laochra a insíonn stair na tíre ar bhealach níos deisbhéalaí ná leabhar staire ar bith. Tugaimid onóir don tseirbhís, don éide, trína chinntiú go ndéanann gach glún an méid a theastaíonn chun údarás morálta an fhórsa a chosaint agus a fheabhsú.
Athchóiriú agus Nuachóiriú.
Inniu tá seasamh láidir againn mar gheall ar thrí chúis.
Ar an gcéad dul síos, táimid ag méadú acmhainní agus ag infheistiú tuilleadh san obair a dhéanann sibh. Sa Bhuiséad is déanaí leithdháil muid beagnach €1.8 billiún don Gharda Síochána agus caithfear é sin ar an gclár TFC, an Flít Iompair, agus ar bhur gclár Tógála. Caithfear é ar bhealach a chinnteoidh go mbeidh níos mó againn daoibhse - faoi dheireadh na bliana seo beidh thart ar 600 níos mó Garda ar na sráideanna ná mar a bhí an t-am seo anuraidh. Agus leanfaidh an uimhir sin ag fás.
Ar an dara dul síos, tá taithí ag díograis ag an gCoimisinéir Harris chun athchóiriú agus nuachóiriú a chur chun cinn. Is é an príomhfhócas atá aige ná an pobal agus muintir an phobail a chosaint. Ó na cruinnithe a bhí agamsa leis, tá a fhios agam go bhfuil sé díograsach go ndéanfar dul chun cinn tapa ar na ceisteanna a d'ardaigh an Garda Síochána - lena n-áirítear uainchláir, éide agus acmhainní cuí, mar shampla TFC - chun cabhrú libh bhur bpost a dhéanamh.
Ar an tríú dul síos, leis an gCoimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn, tá creat nua againn maidir le póilíneacht, slándáil agus sábháilteacht a dhéanfaidh na rudaí seo a leanas a sheachadadh:
Leag an Coimisiún - agus an Breitheamh Charleton - béim ar an ngá atá le:
Tá súil agam agus sibh ag breathnú siar ar lá inniu sna mblianta atá le teacht go mbeidh sibh bródúil go ndeachaidh sibh isteach nuair a bhí athrú ag teacht ar an rudaí agus gur ghlac sibh leis an gcultúr nua.
Tá an dílseacht ar cheann de na príomhbhuanna is mó.
Níl sibh dílis do duine san éide. Tá sibh dílis don éide féin. Don mhéid a léíríonn an éide sin. Is ionann dílseacht agus ceartas. Is é sin an bealach is fearr chun onóir a thabhairt do na fir is na mná a chaith an éide céanna roimhe seo.
Sna laethanta amach romhainn tosóidh sibh ag obair le pobail áitiúla - ceann de na gnéithe is tábhachtaí d'obair an Gharda Síochána. Gheobhaidh sibh an deis aithne a chur ar an bpobal áitiúil, caidrimh a thógáil, agus daoine a chur ar a suaimhneas díreach ó bheith i láthair.
Agus sibh ag tosú amach i bhur ngairmeacha beatha, cuimhnigh go gcaithfidh go leor daoine na hamanna is deacra dá saol i bhur láthair. Tar éis bás tobann, géarchéim mheabhairshláinte, nó le linn dóibh a bheith ag fanacht go bhfillfidh duine muinteartha, is chugaibhse a rachaidh siad. Is freagracht ollmhór í sin agus tá a fhios agam go bhfuil sibh ullamh fá choinne sin.
Tá sé de chumhacht agaibh tionchar dearfach a dhéanamh.
Tá sé de chumhacht agaibh saol a shábháil.
Tá sé de chumhacht agaibh saol a athrú.
Tá smacht agaibh ar an todhchaí.
Guím gach rath oraibh i bhur ngairmeacha beatha, agus tá súil agam go mbeidh lá taitneamhach agaibh in éineacht le bhur dteaghlaigh agus cairde inniu.
Comhghairdeas.