Óráid leis an Taoiseach, Dinnéar Ceiliúrtha Chumann Tráchtála na Breataine-na hÉireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais
Seiceáil in aghaidh Soláthair
Tráthnóna maith agaibh, a Dhaoine Uaisle.
Is deacair liom é a chreidiúint anois, ach nuair a bunaíodh an Cumann seo in 2011, bhí amhras ar roinnt daoine go raibh gá leis, i bhfírinne. Luaigh siad mar fhianaise an chaoi go raibh ár dhá thír an-chosúil lena chéile agus thug siad le fios nach raibh gá ar bith le comhlacht nua chun daoine a thabhairt le chéile.
An difear a dhéanann ocht mbliana!
Glacann sibh páirt lárnach inniu – cabhrú le naisc a chruthú, smaointe a mhúnlú, agus an caidreamh dlúth atá ann idir an Bhreatain agus Éirinn a fhairsingiú.
I dtráth ina bhfuil éiginnteacht pholaitiúil agus gheilleagrach sa Ríocht Aontaithe, tá gá níos mó le bhur gcuid oibre anois ná mar a bhí riamh.
Castar ar a chéile anocht sinn i dtráth ina luann Rialtas na Breataine go mbeartaíonn sé an AE a fhágáil an 31 Deireadh Fómhair, i ndiaidh margadh a dhéanamh nó gan margadh a dhéanamh.
Níl deireadh le scéal Brexit, áfach, má fhágann an Ríocht Aontaithe an 31 Deireadh Fómhair nó fiú an 31 Eanáir - ní bheidh a leithéid ann agus briseadh glan. Is éard a tharlóidh, ina ionad sin, ná go ndéanfaimid céim nua a iontráil.
MÁ bhaintear margadh amach, tabharfaimid aghaidh ar roinnt blianta d’idirbheartaíocht maidir le comhaontú nua saorthrádála agus comhpháirtíocht nua gheilleagrach agus slándála. Beidh sin corrach. Beidh díospóireachtaí dúshlánacha ann agus fiú níos mó cinntí deacra le déanamh ar:
Ceapaim go mb’fhéidir go bhfuil an dealramh air go bhfuil an idirbheartaíocht maidir leis an gComhaontú Aistarraingthe simplí dá bharr.
Beidh an Eoraip agus deighilt na hEorpa ar an ngné is mó i bpolaitíocht na Breataine go ceann blianta fada amach romhainn.
Ní tharlóidh sin anseo, beimid i gcroílár na hEorpa i gcónaí.
Mura mbaintear margadh amach, agus creidim go mbeidh orainn stróiceadh linn gan mhargadh ar feadh tréimhse, beidh orainn tús a chur le hidirbheartaíocht arís eile ag tráth éigin. Cearta saoránach, réiteach airgeadais leis an AE agus réiteach ar Theorainn na hÉireann a bheidh sna chéad mhíreanna agus an t-aon mhír ar an gclár don idirbheartaíocht sin. Na saincheisteanna go léir a bhfuilimid ag plé leo le dhá bhliain anuas.
Stoirm atá i gceist le Brexit, mar sin, stoirm nár cheart go mbeimis thíos leis. Athrú buan atá ann ar an timpeallacht pholaitiúil agus gheilleagrach ina mbeidh an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.
Creidim go mbraitheann ár dtodhchaí ar mheasúnú réalaíoch a dhéanamh agus freagairtí praiticiúla a fhorbairt.
Is é an dea-nuacht ná, a bhuíochas le bhur ngnólachtaí agus le gnólachtaí dá mhacasamhail, tá an gcaidreamh trádála láidir.
Is cinnte go gcruthóidh Brexit dúshláin agus go n-athróidh sé an bealach a thugtar faoi ghnó, ach is féidir linn an fód a sheasamh in aghaidh an dúshláin.
Is folláine do thrádáil leis an Ríocht Aontaithe agus baineann ríthábhacht leis maidir leis an rath a bhíonn ar ár ngeilleagar.
D’easpórtáil Éire luach €16 billiún d’earraí in 2018 chuig an Ríocht Aontaithe, agus tháinig beagnach an ceathrú cuid de gach iompórtáil earraí Éireannacha – arbh fhiú beagnach €20 billiún iad, ar an iomlán – ón Ríocht Aontaithe.
Ba é an Ríocht Aontaithe an margadh easpórtála seirbhísí ba mhó de chuid na hÉireann sa bhliain 2017, agus rinneadh 16.4% de na heaspórtálacha seirbhísí go léir a easpórtáil chuig an Ríocht Aontaithe, arbh fhiú €26 billiún iad, ar an iomlán.
Measann na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil easpórtáil nó iompórtáil á déanamh ag thart ar 90,000 trádálaí chuig nó ón Ríocht Aontaithe.
Is í an Ríocht Aontaithe an chomharsa is gaire atá againn ó thaobh cúrsaí tíreolaíocha agus cultúrtha de agus leanfaidh sí a bheith mar chomhpháirtí ríthábhachtach trádála, is cuma cad a bheidh i ndán dúinn i ndiaidh Brexit.
Is é ár misean sa Rialtas chun ár sreafaí trádála a chosaint a mhéid agus is féidir. Bhí do thaithí sárluachmhar agus leanfaidh sé a bheith sárluachmhar fad a fhorbraímid straitéisí chun amhlaidh a dhéanamh.
Maidir le Brexit féin, ba shoiléir agus comhsheasmhach ár seasamh. Margadh ar bhunús an Chomhaontaithe Aistarraingthe é ár rogha toraidh. Bhí an AE docht agus léirigh sé meas ina fhreagairt nach mór d’aon mhargadh a bhí ar aon dul leis an gComhaontú Aistarraingthe a ndearna gach ceann de 28 rialtas an AE idirbheartaíocht air, le dea-intinn, i gcaitheamh tréimhse dhá go leith bliain.
Tugann an Rialtas tús áite faoi gach cúinse lena sheachaint teorainn chrua a chur i bhfeidhm ar an oileán seo arís. Ní foláir dúinn an tsíocháin ar an oileán agus an rath atá ar an ngeilleagar uile-oileáin a chosaint. Seo an fáth go leanann an cúlstop le bheith ina ghné ríthábhachtach den Chomhaontú Aistarraingthe, mura agus go dtí go n-aimsítear rogha eile air. Agus táimid sásta glacadh le roghanna eile, go deimhin, faoi mar a bhíomar riamh anall. Ach caithfidh roghanna réalaíocha a bheith iontu, caithfidh siad a bheith ina gceangal dlí agus caithfidh go n-éiríonn leo i gcleachtas.
Níl aon tograí den saghas sin faighte againn go dtí seo.
Labhair mé féin agus an Príomh-Aire Johnson ar an nguthán le déanaí. Rinneamar trácht air gur mhaith linn go ndéanfaí institiúidí polaitíochta Thuaisceart Éireann a athbhunú. Chuireamar ár bpeirspictíochtaí in iúl ar an gComhaontú Aistarraingthe agus chomhaontaíomar go ndéanfadh ár bhfoirne teagmháil aghaidh ar aghaidh a bhunú. Casfaimid arís lena chéile i mBaile Átha Cliath Dé Luain. Ar an drochuair, nuair a chuirtear forbairtí polaitiúla sa Ríocht Aontaithe san áireamh, tá baol mór agus méadaitheach ann nach mbainfear margadh amach. Níor mhaith linn go mbainfí Brexit gan mhargadh amach agus leanfaimid lenár gcuid iarrachtaí chun sin a sheachaint, ach ní dhéanfaimid sin má bhíonn an costas iomarcach. Murab ionann agus daoine áirithe, feictear dom nach mbaineann aon bhuntáiste le Brexit gan Mhargadh. Tá eagla orm faoi. Ach táim ullamh leis.
Níl aon mhaitheas le Comhaontú Aistarraingthe gan an cúlstop dúinn. Ní dhéanann sé ach cúrsaí a chur siar go dtí go dtagann céim an aistrithe chun deiridh i Nollaig 2020. Is í an t-aon difríocht ná go mbeadh an tAontas Eorpach fágtha go dlíthiúil ag an Ríocht Aontaithe ach gan é sin a bheith déanta ar bhealach bríoch ar bith. Ní bheidís thíos le ceann ar bith de na hiarmhairtí. Bheimis thíos le tréimhse 14 mhí bhreise d’éiginnteacht agus de lagmhisneach. Ní toradh é sin ar féidir le Rialtas na hÉireann comhaontú leis.
A Uachtaráin,
Ní éiríonn le geilleagair agus le gnólachtaí ar bhunús an dóchais amháin. Is eol do gach duine sa seomra seo é seo a fheabhas is eol dom féin é.
Caithfimid a bheith réidh, mar sin. Chomh réidh agus is féidir linn a bheith. Tá Plean Gníomhaíochta Teagmhais Cuimsitheach i bhfeidhm, a bhfuil freagairt trasrialtais aige. Chuireamar lenár bpleanáil ar leibhéil intíre agus AE araon. Cuireadh an reachtaíocht go léir a theastaíonn uainn i bhfeidhm san Acht Omnibus Brexit. Díríonn sé ar ár saoránaigh a chosaint, an geilleagar agus poist a chosaint, go háirithe sna réigiúin agus sna hearnálacha is mó atá nochta do Brexit. Níor ritheadh an reachtaíocht sin i dTeach na dTeachtaí go fóill.
Is gá do gach gnólacht, idir na gnólachtaí móra ilnáisiúnta agus na micreaghnólachtaí beaga dúchasacha, éisteacht leis an gcomhairle agus an chabhair atá ar fáil chun freagairt do dhúshláin Brexit.
Nochtadh inár bpleanáil teagmhais go bhfuil íseal-leibhéil ullmhachta do Brexit ann i roinnt earnálacha, go háirithe gnólachtaí níos lú agus neamhspleácha, miondíol agus tógáil. Caithfidh athrú teacht air sin.
Is mian linn cabhrú leo siúd, chomh maith, a dhéanann trádáil trasteorann. De réir taighde a rinne Idirthráchtáil Éireann níos luaithe an samhradh seo, níl ach 6% de 20,000 trádálaí measta trasteorann ullamh do shaincheisteanna sreabhaidh airgid agus leachtachta i gcás nach mbaintear margadh amach.
Tá tionchar Brexit á thabhairt faoi deara cheana féin ag go leor gnólachtaí.
Chuaigh an Rialtas i mbun roinnt beart, mar sin, chun ullmhúcháin do mhargadh ar bith a thabhairt chun cinn.
Tá cumarsáid dhíreach á déanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim le gnólachtaí a d’fhéadfadh bheith i mbaol ag Brexit. Seoladh breis agus 100,000 litir agus cuireadh breis agus 10,000 glao leantach gutháin. Tá uimhir chláraithe agus aitheantais oibreoirí eacnamaíochta (EORI) ag breis agus 85% de thrádálaithe anois.
Cuireann an tionscnamh Custam Soiléir, a d’fhorbair Skillnet thar ceann an Rialtais, clár oiliúna saor in aisce ar fáil do ghníomhairí incháilithe custam, idirghabhálaithe custam agus gnólachtaí a ndéantar difear dóibh chun acmhainn a fhorbairt san earnáil chustam, chomh maith le deontas €6,000 chun cabhrú le hacmhainneacht intí a fhorbairt.
Osclaíodh scéim Mairteola ar fiú €100 milliún é le déanaí d’iarratais agus cuirfidh sé cúnamh airgeadais d’fheirmeoirí mairteola na hÉireann atá thíos le cúinsí dúshlánacha mar thoradh ar luaineacht agus éiginnteacht sa mhargadh mar thoradh ar Brexit.
Tá na milliúin ar fáil i ndeontais ghnó agus tá na céadta milliún d’iasachtaí ísealchostais ar fáil.
Tá seimineáir oiliúna agus eolais á gcur ar siúl fud fad na tíre.
Tá margaí nua agus deiseanna ceannródaíochta á n-oscailt ag ár bhfoireann taidhleoireachta agus ghníomhaireachta timpeall an domhain.
Ar Lá an Bhuiséid, tabharfaimid sonraí ar na tacaíochtaí breise airgeadais a chuirfear ar fáil dóibh siúd is mó atá nochta sa tionscal, sa talmhaíocht, sa turasóireacht agus i réigiún na teorann. Ciste tarrthála agus athstruchtúraithe €200 milliún atá ina measc seo chun gnólachtaí a tharrtháil atá leochaileach mar gheall ar Brexit ach a bheadh inmharthana go fóill dá ndéanfaí oiriúnú.
A Uachtaráin,
Is minic a fhiafraíonn daoine díom cad a tharlóidh sa chás nach mbaintear margadh amach. Mar gheall gurb eachtra é seo nár tharla a leithéid riamh, ní féidir na freagraí go léir a bheith ar eolas againn. Ach tá go leor ar eolas againn.
Cinneadh a bheidh i margadh ar bith a bhaint amach nach féidir ach leis an mBreatain a dhéanamh, dar ndóigh. Is iadsan a dhéanfaidh an cinneadh chun fágáil gan mhargadh, de réir rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála, agus ní chuirfidh an AE brú orthu an cinneadh seo a dhéanamh. Is faoin mBreatain a bheidh sé an rogha beartais a dhéanamh. Pé ar bith a tharlóidh, ní bhainfear Éire amach ón Margadh Eorpach Aonair. Margadh ina bhfuil 400 milliún tomhaltóir. Margadh Aonair ar chabhraíomar lena thógáil agus margadh ar a mbraitheann ár gcuid post agus ár samhail gheilleagrach.
Mura mbaintear margadh amach, ní thiocfaidh athrú ar roinnt rudaí, ar an gcéad dul síos. Beidh an Comhlimistéar Taistil i bhfeidhm go fóill agus beidh saoránaigh na Breataine agus Éireannacha in ann taisteal go fóill gan srian idir ár dhá oileán agus cónaí, oibriú, staidéar a dhéanamh agus teacht ar chúram sláinte, leas, tithíocht agus an margadh saothair faoi mar ba shaoránaigh den dá thír sinn. Beidh saoránaigh Éireannacha agus Irish agus Déshaoránaigh na Breataine-Éireannacha in ann taisteal, oibriú agus gnó agus staidéar a dhéanamh go fóill ar fud an AE gan víosa ná cead a bheith ag teastáil. I gcás shaoránaigh na Breataine amháin, ní hamhlaidh a bheidh an cás a thuilleadh.
Cé go dtiteann ganntanais chógais amach ó thráth go chéile, níl súil againn leis go dtiocfaidh aon athrú suntasach ar sholáthairtí cógas. Beidh go leor bia ar sheilfeanna go fóill ach b’fhéidir nach mbeidh na brandaí céanna go léir orthu.
Nuair a eitlíonn tú isteach go hÉirinn ón Breatain, ní shiúlfaidh tú tríd an mbealach gorm a thuilleadh. Beidh ort an bealach glas nó dearg a roghnú agus aon chánacha a íoc a d’fhéadfadh bheith le híoc. Beidh an rud céanna i gceist le táirgí a cheannaítear ar líne ón Ríocht Aontaithe agus a thugtar isteach ó Thuaisceart Éireann agus ní bheidh cosaintí tomhaltóirí an AE ar fáil a thuilleadh.
Leanfar le heitiltí, traenacha agus busanna a oibriú faoi mar is gnách ar feadh tréimhse ach beidh comhaontú ag teastáil chun go leanfaidh seo ar aghaidh go buan. Ní cheadófar d’árthaí an AE iascaireacht a dhéanamh a thuilleadh in uiscí na Ríochta Aontaithe, cé gur bheartaigh an Coimisiún síneadh gearr a chur leis an status quo.
Gearrfar taraifí ar earraí a dhéantar a iompórtáil isteach go hÉirinn ón Ríocht Aontaithe agus a mhalairt. Táthar eolach ar sceidil na dtaraifí cheana féin. Beidh ort a bheith cláraithe mar iompórtálaí/easpórtálaí agus beidh ort dearbhuithe custam a dhéanamh. Beidh seo costasach agus maorlathach don ghnó. Déanfar seiceálacha ar earraí agus ainmhithe beo agus, a mhéid agus is féidir, déanfar seiceálacha i gcalafoirt, aerfoirt agus ag gnólachtaí. Ach b’fhéidir go mbeidh roinnt seiceálacha le déanamh i ngar don teorainn. Tá na sonraí a bhaineann leis seo á ndeimhniú againn leis an gCoimisiún Eorpach.
Beidh éifeachtaí díobhálacha ag Brexit gan mhargadh ar ár ngeilleagar agus tiocfaidh moilliú ar fhás dá bharr, ach fásfaidh sé agus níl coinne againn leis go bhfillfidh cúlú eacnamaíochta.
Tiocfaidh borradh faoin dífhostaíocht ach leanfaidh fostaíocht iomlán ag dul i méid, ach ar ráta níos moille, mar sin féin. Beidh níos mó daoine ag oibriú.
Tiocfaidh laghdú ar airgeadas poiblí anuas ó bharrachas go heasnamh ach, easnamh níos lú ná 2% a bheidh ann, agus is fearr sin ná ár meáneasnamh fadtéarmach.
Níl súil againn le haon chiorrú pá, méaduithe ar cháin ioncaim ná le laghduithe ar chaitheamh poiblí, ar an iomlán.
Ní fhillfear ar an déine, ní bheidh aghaidh á tabhairt againn air sin arís.
A Uachtaráin,
Nuair a dhírímid ar Brexit, is éasca éirí buartha. Níor cheart dúinn bheith buartha.
Ó sheasamh atá láidir i dtaobh cúrsaí geilleagracha de atáimid ag tosú. Tá an 7ú geilleagar is iomaíche bainte amach againn ar domhan agus an dara geilleagar is iomaíche i limistéar an euro. Déantar bainistíocht mhaith ar ár ngeilleagar, agus is amhlaidh a dhéantar ar an airgeadas poiblí.
Tá an méid seo a leanas bainte amach inniu againn:
D’eascair fíorshrianta acmhainneachta as feidhmíocht shuntasach ár ngeilleagair, áfach.
Dúshlán ollmhór sóisialta agus geilleagrach é an ganntanas tithíochta. Tá méadú tagtha ar rioscaí seachtracha, chomh maith. Ní hamháin gur dóchúla go mbainfear Brexit gan mhargadh amach, ach tá teannas trádála ag bagairt ar an ngeilleagar domhanda, agus d’fhéadfadh forbairtí cánach idirnáisiúnta tionchar a imirt ar infheistíocht eachtrach.
Déanann na rioscaí seo ár bpleanáil do Bhuiséad 2020 a chur ar an eolas agus a mhúnlú. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCumann seo as a aighneacht agus tá staidéar dlúth á dhéanamh againn air. Comhaontaímid le John McGrane nuair a deir sé, ‘tá orainn cothromaíocht a bhaint amach idir éiginnteacht ghearrthéarmach agus riachtanais fhadtéarmacha.’
Creidim gur gá dúinn an dul chun cinn atá déanta againn a chosaint i dtaobh cúrsaí geilleagracha de agus i dtaobh ceartas sóisialta agus comhionannas deiseanna a thabhairt chun cinn agus feabhas a chur ar chaighdeán na beatha. Tugann seo trí rud le fios:
Ar an gcéad dul síos, níor cheart dúinn ligean dár gcaitheamh laethúil méadú róthapa. Táimid ar gcúl, áfach, maidir lenár mbonneagar náisiúnta, agus dearadh ár bpleananna mionsonraithe i dTionscadal Éireann 2040 d’aon turas chun an fhadhb seo a réiteach. Mar sin, tiocfaidh méadú breis agus 10% ar chaiteachas caipitiúil an bhliain seo chugainn, is é sin, caiteachas ar bhonneagar poiblí, anuas ar mhéadú 25% a thiocfaidh air i mbliana.
Ar an dara dul síos, níor cheart dúinn brath an iomarca ar ioncaim luaineacha. Faoi mar is eol daoibh, tá tairbhe bainte againn le blianta beaga anuas as fáltais an-mhóra ó cháin chorparáide. Ní féidir linn a mheas go mbeidh an t-airgead sin ann i gcónaí. Sin an fáth go bhfuil an oiread sin á chur ar fáil do chaipiteal. Ní gá bóthar nua nó scoil nua a thógáil ach uair amháin.
Ar an tríú dul síos, is gá dúinn freagairt don dúshlán fadtéarmach a chruthaíonn athrú aeráide sa bhuiséad seo agus i ngach Buiséad as seo amach.
A Uachtaráin,
Ní féidir linn na rioscaí go léir a mhaolú. Is féidir linn dul i mbun gníomh cinniúnach agus dearfach chun an drochthoradh a íoslaghdú. Oibreoimid libh agus leis na cuideachtaí a ndéanann sibh ionadaíocht dóibh chun ár n-aistear tríd an tréimhse chorrach seo a dhéanamh a intuartha agus a shláine agus is féidir. Pé a bheidh i ndán dár gcomharsa is gaire, beidh gnólachtaí anseo ag iarraidh leanúint ag trádáil trasna na teorann agus trasna Mhuir Éireann, agus is gá dóibh sin a dhéanamh.
A Uachtaráin,
Chuaigh Éire i dtreo difriúil ón treo a chuaigh an Bhreatain ceithre huaire inár stair. Nuair a bhaineamar neamhspleáchas amach céad bliain ó shin, nuair a rinneadh Poblacht dínn agus nuair a d’fhágamar an Comhlathas, nuair a bhriseamar an ceangal leis an Steirling agus nuair a ghlacamar le ballraíocht den euro gan an Ríocht Aontaithe. Gach ceann de na ceithre huaire, cuireadh dúshláin ollmhóra romhainn. Thángamar as agus sinn ní ba láidre gach ceann de na ceithre huaire sin agus leanamar ag trádáil leis an Ríocht Aontaithe lena linn sin. Déanfaimid amhlaidh arís.
Bunaíodh an Cumann seo chun an caidreamh trádála idir an Bhreatain agus Éirinn a chosaint. Sin é misean an Rialtais, chomh maith, sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn.
Táim tiomanta d’oibriú libh chun gnólachtaí a ullmhú do na hathruithe agus chun gnólachtaí a chosaint ó na hathruithe a thiocfaidh aníos.
A Uachtaráin,
Luadh Charles Stewart Parnell, duine de na laochra móra polaitíochta, dar liom, an tseachtain seo in áit eile. Ba mhaith liom m’óráid a chríochnú trína lua agus trí úsáid a bhaint as a chuid focal;
Chreid Parnell go mbraitheann an rath a bheidh ar ár dtodhchaí go mbímid ‘dóchasach, fuinniúil agus tiomanta’. Trí thréith atá iontu siúd a bhfuil gá níos mó leo anois ná mar a bhí riamh fad a thugaimid aghaidh ar dhúshlán Brexit. Caithfimid a bheith dóchasach go dtiocfaimid ar réiteach, go mbeimid fuinniúil nuair a bhíonn ullmhú á dhéanamh againn don chás is measa a d’fhéadfadh tarlú, agus caithfimid a bheith tiomanta chun an geilleagar uile-oileáin, an tsíocháin, agus gach rud a léirímid luach air, a chosaint.
Go raibh maith agaibh.