Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019, Óráid an Aire Catherine Martin, T.D. sa Dáil
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
A Cheann Chomhairle, a Theachtaí,
Is cúis áthais dom tús a chur leis an díospóireacht maidir le Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019.
Táim anseo inniu in éineacht leis an Aire Stáit Chambers chun tábhacht an Bhille seo a léiriú do phobal na tíre i gcoitinne agus do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ach go háirithe.
Mar Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, fáiltím roimh an deis seo labhairt leis an Dáil inniu faoin mBille. Is onóir as cuimse domsa bheith ceaptha mar Aire na Gaeltachta agus leanfaidh mé ag troid ar son na Gaeilge gach aon lá ag bord an Rialtais i dteannta leis an Aire Stáit Chambers.
Bhí grá agam i gcónaí don Ghaeilge – d’fhoghlaim mé ar scoil i gcontae Muineacháin í, agus chaith mé bliain i gColáiste na Rinne sna Déise agus mé óg, chomh maith le cúpla samhradh álainn i Ros Muc. Táim fíordhílis dár dteanga agus bródúil as a hoidhreacht shaibhir, agus déanaim iarracht an grá céanna a mhúscailt i mo chlann féin. Mar is eol don Teach, mar Theachta Dála le ceithre bliana anuas, déanaim iarracht i gcónaí solas a lasadh ar an nGaeilge leis an méid a deirim ar urlár na Dála agus leis an méid a déanaim sa saol poiblí.
Bhí sé an-thábhachtach dom mar sin, agus mé i mbun cainteanna rialtais go mbeadh gealltanais dhearfacha maidir leis an nGaeilge sa Chlár Rialtais. Tá sé luaite go sonrach go bhfuil sé mar fhís againn mar Rialtas go ndéanfar an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn. Tuigeann muid an tábhacht a bhaineann leis an teanga mar chéad teanga oifigiúl an Stáit, cuid luachmhar d’oidhreacht an oileán seo agus, níos tábhachtaí fós, mar theanga bheo i measc pobail ar fud na tire agus sa Ghaeltacht, ach go háirithe. Tá sé mar sprioc againn cur le húsáid na teanga gach aon lá.
Ar na geallúintí eile atá sa Chlár Rialtais i dtaobh na Gaeilge, tá an méid seo a leanas:
• Déanfar an Ghaeltacht, tobar na teanga, a chaomhnú agus a chosaint
• Cobhróimid leis an nGaeilge a chur chun cinn lasmuigh den Ghaeltacht agus i measc an aosa óig trí ardáin a fhorbairt dóibh ar TG4, Raidió na Gaeltachta, RTÉ agus Raidió Rí-Rá
• Cuirfimid an Ghaeilge chun cinn in áiteanna oibre agus sóisialta le cúnamh Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile agus cuirfimid feachtas náisiúnta ar bun sna meáin mar chuid den obair seo.
• Tacófar le TG4, Raidió na Gaeltachta agus ‘ardáin’ eile le déanamh cinnte de go dtabharfar aitheantas cuí do ‘ról’ na Gaeilge
• Déanfar an scéim ‘Teanga Tí’, scéim de chuid Ghlór na nGael, a leathnú agus bhreathnófaí ar scéimeanna eile dá leithéid a thabhairt isteach
• Tá i gceist againn ionaid Ghaeilge a fhorbairt i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre
• Déanfar líon na ndaltaí a bhfuil oideachas lán-Ghaeilge á chur orthu a dhúbailt laistigh de dheich mbliana, cuirfear Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ar fáil san áit a bhfuil ‘éileamh láidir’ ar a leithéid agus bunófar Ciste Barr Feabhais don Oideachas Gaeilge.
• Tabharfar isteach ‘polasaí cuimsitheach’ don oideachas Gaeilge ón réamhscoil go dtí na coláistí oiliúna, agus cuirfear tacaíocht bhreise ar fáil don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, gheall muid go gcuirfeadh muid tacaíocht ar fáil do chruthú fostaíochta agus don phróiseas pleanála teanga trí dóthain maoinithe a chur ar fáil don Údarás. Tuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis an obair atá ar bun ag an Údaráis ar son na Gaeltachta ar bhonn leanúnach. De bharr na hoibre seo, tá deiseanna fostaíochta agus fiontraíochta cothaithe agus cruthaithe i gceantair nach bhfaigheadh na deiseanna sin murach gur ann don eagraíocht. Cheana féin, tá ciste breise caipitil ar fiú €8m é curtha ar fáil ag an Rialtas nua don Údarás mar chuid de phacáiste spreagtha an Rialtais a fógraíodh i mí Iúil. Sílim go léiríonn sé seo cheana féin chomh tiománta is atáimid do bhuiséid an Údarás a mhéadú – agus gan an Rialtas nua seo ach cúpla mí ar an bhfód.
Tá muid tiomanta mar Rialtas do cur i bhfeidhm an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Tá an próiseas pleanála teanga ag teacht faoi bhláth sa Ghaeltacht anois agus tá Plean Gníomhaíochta 5-Bliana don Ghaeilge á chur i bhfeidhm faoi lathair. Amárach, tá súil againn an chéad Tuarascáil Bhliantúil don Phlean Ghníomhaíochta a fhoilsiú, rud a thabharfaidh léargas ar dul chun cinn na Stráitéise agus feicfidh daoine an méid atá á dhéanamh faoi scáth na Straitéise.
Tugann sé seo mé go dtí an Bhille Teanga. Tá áthas orm go bhfuil muid anseo ag plé an Bhille seo inniu. Cé gur fáiltíodh roimh fhoilsiú an Bhille anuraidh, bhí roinnt mhaith ag maíomh gur theastaigh Bille níos láidre, an Coimisinéir Teanga agus Conradh na Gaeilge ina measc. Bhí sé seo aitheanta ag an Rialtas agus ghealladh sa Chlár Rialtais go dtabharfaí Bille níos láidre chun cinn agus go mbeadh sé achtaithe roimh dheireadh na bliana. Tá tacaíocht an Rialtais faighte anois roinnt leasuithe a mholadh a láidróidh an Bille agus beidh an tAire Stáit Chambers in ann na leasuithe sin a chur in bhur láthair níos déanaí.
Mar a dúirt mé cheana, is onóir mhór domsa bheith ceaptha mar Aire na Gaeltachta, agus ba mhian liom ár dteanga dhúchais a chur chun chinn, a neartú agus a fhás; ní hamháin sa Ghaeltacht, ach ar fud ár n-oileáin. Len é seo a dhéanamh, ní mór tacaíocht oifigiúil an Stáit a bheith taobh thiar di. Tuigeann muid ar fad go bhfuil stádas ar leith ag an nGaeilge i mBunreacht na hÉireann, mar chéad theanga oifigiúil an Stáit. Ach is tríd an reachtaíocht a thugtar feidhm don stádas sin agus sin é an fath go bhfuil an Bhille seo chomh tábhachtach sin. Creidim go mbeidh muid in ann, tríd an Bhille seo, timpeallacht a chruthú inar féidir feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge, mar is cóir, agus freastal mar is ceart ar phobal Gaeilge na tíre seo.
Mar sin, molaim an Bille seo don Teach.
Críoch