Óráid ag An Taoiseach, Seoladh Feachtas na hÉireann um Thoghchán do Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Náisiúin Aontaithe, Nua Eabhrac
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Seiceáil i gCoinne Seachadadh
A Oirirceasa,
A dhaoine uaisle.
Ar an lá inniu, ar a laghad, is cúinne beag d'Éirinn í seo in aice leis an East River agus go raibh maith agaibh as a bheith in éineacht linn anseo.
Bailímid ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe chun iarrthóireacht na hÉireann don Chomhairle Slándála a sheoladh go foirmeálta don téarma 2021-2022.
Déanaimid é seo taobh le dealbh a léiríonn imircigh Éireannacha ag teacht amach as long ar an East River sa naoú haois déag. Cuimhníonn sé ar na hÉireannaigh a thaistil ar fud an domhain ag cuardach saol nua agus níos fearr, agus na tíortha a chuir fáilte rompu.
Le linn cuid mhór d'ár gcuid staire, d'fhágamar ár dtír dhúchasach chun taistil chuig áiteanna eile; cibé acu mar éimircí polaitiúla, imircigh eacnamaíocha, oideachasóirí misinéirí nó oibrithe daonnúla.
Bunaíodh na ceangail daingne a bhfuil againn le bhur dtíortha thar na gcéadta bliain. Bhí muid ceangailte leis an saol mór tríd ár ndaoine, agus rinneamar ár gceangal a athnuachan agus a neartú toisc ar ár ról sna Náisiúin Aontaithe.
Chuir Éire fáilte roimh dhaoine ó gach cearn den domhan chuig an tír. Léiriú ar sin is ea stair mo mhuintire.
Is tír inimirce glan anois muid. Agus cuirimid fáilte roimhe sin. Neartaigh an imirce ár ngeilleagar agus shaibhraigh sé ár sochaí agus ár gcultúr.
Sa lá atá inniu ann, rugadh níos mó ná 17 faoin gcéad dár ndaonra lasmuigh d'Éirinn – comhartha ar an dóigh a bhfuil ár dtír chomh domhandaithe agus oscailte sin.
Ó thaobh na tíreolaíochta de, cé gur tír beag muid ar imeall na hEorpa, feicimid muid féin mar oileán i lár an domhain. Táimid ar an airdeall, i saol neamhspleách, ní thugann dúshláin ár linne aird ar theorainneacha tíreolaíocha. Is freagracht chomhroinnte é réitigh a aimsiú.
Treoraíonn an freagracht roinnte seo dearcadh na hÉireann ar an domhan agus an ról atá againn ann.
Idir 1921-1922 d'éirigh le hÉire iompú ina stát neamhspleách, ag éalú ó stair coilíneachta agus coimhlinte. Ní scéal ar leith é agus tá an oiread sin i gcoitinne againn leis an oiread sin de bhur dtíortha.
Cosúil leis na Náisiúin Aontaithe, rugamar as an cogadh agus an foréigean. Chruthaigh sé an dóigh a bhfeicimid an saol agus ár bhfreagrachtaí mar saoránaigh dhomhanda.
Chuidigh ár mballraíocht de na Náisiúin Aontaithe linn ár n-áit a ghlacadh i measc náisiúin an domhain. Tugaimid tacaíocht d'ord bunaithe ar rialacha i gnóthaí idirnáisiúnta. Bhíomar inár ionadaithe dóibh siúd atá faoi mhíbhuntáiste agus gan chosaint, ag cur an saoirse chun cinn agus ag cosaint cearta an duine.
I réimsí mar an síochánaíocht, dí-armáil, forbairt inbhuanaithe cearta an duine agus an cúnamh daonnúil tháinig ár gcuid focal lenár ngníomhartha.
Tá a fhios againn go bhfuil ár rannpháirteachas ag an pointe is éifeachtaí gcomhpháirtíocht leis an bpobal idirnáisiúnta i gcoitinne.
Samplaí de de chumhacht agus féideartha na gcomhpháirtíochtaí iltaobhacha is ea iad An Comhaontú Aeráide Pháras agus Clár Oibre 2030 um Fhorbairt Inbhuanaithe.
Dóibh siúd, agus do dhúshláin eile, tugann Éire peirspictíocht ar leith, a cruthaithe ag ár stair agus ár dtíreolaíocht.
Tá ár bpeirspictíocht maidir le réiteach coimhlinte agus athmhuintearas bunaithe ar stair fhada coinbhleachta agus roinnte ar ár n-oileán, agus ar ár rath chun é a thabhairt chun críche.
Cothrom na bliana seo fiche bliain ó shin a bhí Comhaontú Aoine an Chéasta. Cé nach bhfuil comhréiteach iomlán againn, maireann Comhaontú Aoine an Chéasta go fóill, agus tá caidrimh nua cruthaithe, scoilteanna atá na céadta bliain d'aois sáraithe, agus tá misneach sa todhchaí tugtha dúinn.
Tuigeann muid an gá atá le héisteacht, agus an tábhacht a bhaineann le meas a bheith againn ar dhifríochtaí. Ar Chomhairle Slándála an UN, thabhairfaimis ár léargais atá ceannaithe go maith againn chun tosaigh.
Mar náisiún a d'fhulaing cóilíniú, coimhlint, gorta agus maisimirceAs a nation that has experienced colonisation, conflict, famine and mass migration, tá dáimh ag stair na hÉireann le haidhmeanna agus cuspóití Chairt na Náisiún Aontaithe.
Tá tiomantas fada ag Éirinn le bheith ag obair in aghaidh deireadh a chur le bochtaineacht agus le hocras ar fud an domhain.
Bhogamar inár milliúin agus is cuimhin linn an trua mhór agus na deiseanna a thug agus a thaispeáin cuid mhór daoine dúinn nuair a ghlaodh ‘the huddled masses yearning to be free’ orainn. Tá sé greanta inár gcuimhne comhchoiteann.
Bhrúigh ár bhfonn le teagmháil a dhéanamh leis an domhan mhór muid beith mar bhall de na Náisiúin Aontaithe na blianta ó shin agus níl athrú ar bith tagtha ar an bhfonn sin.
D'iarramar orainn féin i gcónaí a bheith mar bhall gníomhach agus cothrom den phobal idirnáisiúnta.
Inniu creidim gur féidir linn tuilleadh a dhéanamh.
Le déanaí, sheol Rialtas na hÉireann ár straitéis chun raon feidhme agus tionchar na huaire domhanda de chuid na hÉireann a dhúbailt faoi 2025. D'fhógraíomar oscailt trí ambasáid agus consalachta déag nua le bliain anuas
Gheall an Rialtas chomh maith 0.7% den Ollioncam Náisiúnta a chur ar fáil ag an cúnamh forbartha faoi 2030.
Creidim go bhuilimid i bhfad níos láidre le chéile ná mar atá muid inár n-aonar. Ar na dea-laethanta, is iad na Náisiúin Aontaithe coinsiasa na daonnachta. Sna hamanna trioblóideacha agus éiginnte seo, mar Oileán Domhanda, In these troubled and uncertain times as a Global Island ba mhaith linn ár bpáirt a ghlacadh in sna luachanna a chosaint, a thacú agus a chur chun cinn.
Go raibh maith agaibh.