Óráid an Aire Catherine Martin Seanad Éireann Dé Luain 8 Márta 2021
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
A Chathaoirligh agus a Sheanadóirí,
Tá mé thar a bheith sásta a bheith libh inniu mar Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun clabhsúr a chur leis an díospóireacht seo.
Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun labhairt faoi Lá Idirnáisiúnta na mBan inniu. Tá sé mar phríomhsprioc agam, mar bhall den rialtas, comhionannas inscne a chur chun cinn i ngach réimse faoi mo chúramsa. Táim tiomanta do chumasú na mban. Tuigim gur féidir liom cabhrú le glórtha na mban a ardú agus tacú le comhionannas in earnálacha cosúil leis an spórt, leis an gcraoltóireacht, leis na healaíona, leis an scannánaíocht agus ar ndóigh, sa Ghaeltacht.
Agus muid ag ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta na mBan i mbliana, ba mhaith liom gealltanas a thabhairt arís go nglacfaidh mé go fonnmhar le mná i róil cheannaireachta i ngach réimse, agus go dtabharfaidh mé tacaíocht dóibh sna róil sin.
Tá sraith tionscnaimh ghníomhacha ar siúl ag mo Roinnse agus a gcuid gníomhaireachtaí, lena n-áirítear compháirtíochtaí sa cheol, sa spórt, sa scannánaíocht, sa chraoltóireacht agus sa Ghaeltacht. Le déanaí, d’ainmnigh mé féin agus Jack Chambers ceathrar ban do Bhord Fhoras na Gaeilge, mar shampla. Bhí beirt cheapaithe nua, Neasa Ní Chiaráin agus Wuraola Majekodunmi, i measc na gceapaithe seo. Agus níos déanaí an mhí seo, labhróidh mé ag ceardlann a reáchtálfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tá sé mar aidhm ag an imeacht seo pobal imirceach na hÉireann a spreagadh chun cur isteach ar cheapacháin Boird.
Táimid tar éis dul chun cinn suntasach a dhéanamh i mo Roinnse maidir le comhionannas inscne a chinntiú ar Bhoird i réimse an chultúir. Ba mhaith liom go mbeadh an comhionannas seo ar fud na Roinne agus ina cuid gníomhaireachtaí.
Go deimhin, is í an Ghaeilge ceann de na rudaí is sainiúla faoinár gcultúr. Táim ag obair leis an Roinn chun saibhreas na Gaeilge a léiriú inár gcuid gníomhaíochtaí cultúrtha go léir.
Sa chomhthéacs sin, ba mhaith liom an deis a thapú labhairt libh faoi chuid de na forbairtí spreagúla atá ag tarlú faoi láthair i saol na n-ealaíon Gaeilge a bhfuil baint ag mo Roinn leo.
Léiríonn pobalbhreith i ndiaidh pobalbhreithe sa tír seo go bhfuil grá ag tromlach phobal na hÉireann, agus mise ina measc, don Ghaeilge. Le linn m’óige, chaith mé bliain i gColáiste na Rinne agus tréimhse eile i Ros Muc ag foghlaim na teanga. Thug sé seo léargas agus tuiscint dom ar an nGaeilge mar theanga bheo i measc na bpobal Gaeltachta seo. Cuireann sé díomá orm nár éirigh liom dul ar ais go dtí an Ghaeltacht i mo ról mar Aire fós de bharr na paindéime ach tá i gceist agam é sin a chur ina cheart a luaithe is atá an dianghlasáil thart. Is linne uile an teanga agus tá an spéis atá ag pobal na tíre inti ag fás an t-am ar fad. Tá sé seo le feiceáil san éileamh atá ar an oideachas lán-Ghaeilge faoi láthair. Tá sé le feiceáil chomh maith sa mhéadú ar líon na seirbhíseach poiblí atá ag tabhairt faoi ranganna Gaeilge leis an gcomhlacht Gaelchultúr le cúpla bliain anuas.
Ar ndóigh, ní leor dea-mhéin chun caomhnú na teanga a chinntiú. Tá gníomh ag teastáil agus, mar Aire, tá mise tar éis cúpla gníomh simplí a thógáil le haitheantas a thabhairt don bhorradh atá faoin teanga faoi láthair. D’iarr mé ar oifigigh mo Roinne an Ghaeilge a chur san áireamh mar inniúlacht inmhianaithe agus ceapacháin do gach bord stáit faoi chúram na Roinne á mbreithniú. Anuas air sin, agus muid ag ullmhú Ráiteas Straitéise nua na Roinne faoi láthair, d’iarr mé go mbeidh forbairt na Gaeilge sa státchóras mar Chuspóir Tras-Ghearrtha sa cháipéis.
Is soiléir go bhfuil borradh tagtha ar an bpleanáil teanga le roinnt blianta anuas agus tá na healaíona lárnach sa phróiseas sin. Is í Ealaín na Gaeltachta an eagraíocht is mó a luaitear le cúrsaí ealaíon sa Ghaeltacht. Aithníonn siad na healaíona traidisiúnta, go háirithe an drámaíocht, an scríbhneoireacht, an ceol agus na healaíona béil, mar bhealaí chun an Ghaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn. Tá láithreacht náisiúnta agus idirnáisiúnta ag an eagraíocht agus naisc aici le heagraíochtaí ealaíon ar fud na tíre agus le heagraíochtaí atá ag feidhmiú i dtíortha eile ina bhfuil mionteangacha á labhairt. Is comhpháirtíocht í Ealaín na Gaeltachta idir Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon agus déanann an dá eagraíocht an comhlacht a chomh-mhaoiniú.
Tá áthas orm go bhfuair mo Roinn deis tacaíocht a chur ar fáil don togra Fighting Words a bhunaigh Roddy Doyle chun leagan Gaeilge de a chur ar bun. Is tionscadal teagaisc agus meantóireachta don scríbhneoireacht chruthaitheach saor in aisce é atá á fhorbairt ar fud na tíre do dhaoine óga. Bunaíodh Fighting Words trí Ghaeilge i gConamara i fiche naoi déag (2019) agus sé lonnaithe in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc. Cuireann an tacaíocht bhreise atá curtha ar fáil ag mo Roinn ar chumas na heagraíochta ceardlanna agus cláir Gaeilge a fhorbairt atá tairbheach do dhaltaí na Gaeltachta.
Mar cheanneagraíocht de chuid Fhoras na Gaeilge, tá Oireachtas na Gaeilge freagrach as deiseanna a fhorbairt a thacaíonn le húsáid na Gaeilge. Is é Oireachtas na Samhna mór-fhéile na heagraíochta, agus mar is eol dúinn, ar an drochuair, níor tionóladh Oireachtas na Samhna i nGaillimh anuraidh de bharr na pandéime. Ba mhór an trua nach raibh deis againn teacht le chéile agus ár dteanga, ceol, damhsa agus siamsaíocht a chleachtadh agus a cheiliúradh, ach rinneadh sár-obair chun clár leathan imeachtaí a eagrú go fíorúil. Ní fada, tá súil agam, go mbeidh an fhéile spraíúil seo ar ais ar an bhfód arís mar is é is mó a spreagann muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge le teacht le chéile gach uile bhliain ar mhaithe leis na healaíona teanga-bhunaithe a léiriú don tír uile.
Tá obair na gcapall déanta ag an gCumann Scoildrámaíochta thar na blianta le páistí a spreagadh ar fud na tíre, agus iad ag glacadh páirt sa drámaíocht trí Ghaeilge. Eagraíonn an Cumann féilte drámaíochta ar fud na tíre agus tugtar cuireadh do bhunscoileanna, d’iar-bhunscoileanna agus do chlubanna óige ar fud an oileáin, thuaidh agus theas, páirt a ghlacadh iontu.
Mar a fheiceann sibh tá céimeanna dearfacha tógtha chun saol na Gaeilge a neartú is a shaibhriú ó thaobh na n-ealaíon de. Tá acmhainní suntasacha á gcur ar fáil ag an Rialtas don Ghaeilge ar bhonn leanúnach tríd mo Roinn agus trí Ranna agus comhlachtaí poiblí eile agus tá pobail ó cheann ceann na tíre ag obair go dian dícheallach leis an Ghaeilge a chur chun cinn ina gceantair féin. De bharr brú ama inniu, níl luaite anseo agam ach roinnt de na bearta atá ar bun. Níor cheart dom dearmad a dhéanamh, mar shampla, ar an obair iontach atá á déanamh ag Foras na Gaeilge chun léamh na Gaeilge a spreagadh agus a fhorbairt. Ní nach ionadh go mbeadh léamh na Gaeilge chomh tarraingteach sin leis an mór-oidhreacht litríochta atá fágtha ag a leithéid de Mháirtín Ó Cadhain, Máirtín Ó Direáin, Johnnie Chóil Mhaidhc Ó Coistealbha, Seosamh Mac Grianna agus Joe Steve Ó Neachtain, a d’imigh ar shlí na fírinne díreach breis agus bliain ó shin.
Tá obair ar bun ag mo Roinn le tamall anois i dtreo straitéis do na healaíona teanga-bhunaithe a fhoilsiú, straitéis atá á hullmhú ag mo Roinn i gcomhar le páirtithe leasmhara. Táimid ag tabhairt faoin obair seo chun go mbeifear in ann pleanáil níos fearr a dhéanamh chun tús a chur leis na bealaí a d’fhéadfaí breis tacaíochta a thabhairt do na healaíona teanga-bhunaithe amach anseo.
Cé go bhfuil an Rialtas tiomanta a bhfuil ar ár gcumas a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga ag brath go mór ar an bpobal. Tá a fhios againn go bhfuil dearcadh dearfach ag tromlach an phobail i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach as a gcuid Gaeilge a úsáid, is cuma cén leibhéal cumais atá acu inti. Is de réir a chéile a thógtar na caisleáin ach tá mé cinnte de go bhfuilimid ag dul sa treo ceart.
Níl ansin ach blaiseadh d’obair mo Roinne agus eagraíochtaí eile chun an teanga a fhorbairt agus a chur chun cinn in earnáil na n-ealaíon. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil libh arís as an deis a thabhairt dom labhairt anseo agus leis na Seanadóirí uile a ghlac páirt sa díospóireacht seo le linn Sheachtain na Gaeilge.
Go raibh míle maith agaibh.