Ráiteas an Rialtais ar thoradh vótaí Westminster
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leagtar amach seasamh an AE maidir leis an gComhaontú Aistarraingthe, an cúlstop ina measc, i gconclúidí chruinniú na Comhairle Eorpaí a tionóladh i mí na Nollag. Níl athrú tagtha ar an seasamh sin.
Ní féidir ath-idirbheartaíocht a dhéanamh ar an gComhaontú Aistarraingthe.
Comhréiteach ar a ndearnadh idirbheartaíocht chúramach atá sa Chomhaontú, a chuireann seasamh RA maidir le custaim agus an margadh aonair san áireamh le teorainn chrua a sheachaint agus sláine aontas custam agus mhargadh aonair an AE a chosaint.
Is é an bealach is fearr chun aistarraingt ordúil a chinntiú ná an Comhaontú seo a dhaingniú.
Tá sé ráite arís agus arís eile againn go dteastaíonn uainn an caidreamh is dlúithe agus is féidir amach anseo a bheith ann idir an AE agus an RA. D’fhéadfadh athrú teacht ar an Dearbhú Polaitiúil sa chreat don chaidreamh amach anseo, agus toradh níos fearr, ar an iomlán, a bheith mar thoradh ar athrú ar línte dearga an RA.
Leanfaimid lenár n-ullmhúcháin do gach toradh, an cás nach mbainfear comhaontú amach ina measc.