Óráid leis an Taoiseach, Scoil Samhraidh Uí Chinnéide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais
Seiceáil in aghaidh Soláthair
A aíonna oirirce, a dhaoine uaisle, tráthnóna maith agaibh.
Nuair a tháinig an tUachtarán Kennedy go hÉirinn sa bhliain 1963, labhair sé air na tréithe ar leith Éireannacha a chreid sé a theastaigh i ndomhan atá ag éirí níos baolaí i gcónaí. Ba iad siúd ‘an meascán ar leith dóchais, muiníne agus samhlaíochta’. Creidim gur léirigh Noel Whelan na tréithe siúd.
Bhí dóchas aige faoinár gcumas mar dhaoine chun cabhrú lena chéile agus meas a léiriú ar a chéile, bhí muinín aige as ár luachanna daonlathacha agus ár ndaonnacht bhunúsach agus bhí sé in ann Éire níos cineálta a shamhlú dá bharr. Agus d’oibrigh sé ansin chun é sin a bhaint amach.
Réitigh idéalachas Noel an cur chuige creimneach agus frithdhaonlathach i dtaobh na polaitíochta a thugaimid faoi deara in áiteanna eile ar domhan.
Bhí aithne mhaith agam ar Noel agus bhí an-mheas agam air. Thaitin na colúin a scríobh sé san Irish Times liom – bhí siad réasúnaithe agus réasúnta i gcónaí, agus bhí siad cothrom i gcónaí. Níor bhuail sé an té a bhí thíos arís riamh agus, in ainneoin a chúlra pholaitiúil, ní raibh sé claonpháirteach riamh.
I measc Shinéad agus Shéamais agus iad siúd a bhí gar dó, b’fhear céile grámhar agus athair agus cara é. Ba thírghráthóir é i measc gach duine eile a raibh grá aige dá thír agus a chabhraigh chun áit níos fearr a dhéanamh de. Go raibh maith agat, a Noel. Braithimid uainn thú.
Seo an chéad uair dom ar ais i Loch Garman ó bhí an phribhléid agam mótarbhealach nua an M11 ó Ghuaire go hInis Córthaidh a oscailt in Iúil. Is eol dom gur bhuail an cúlú eacnamaíochta an chuid seo den tír go trom. Tá teacht aniar tugtha faoi deara inniu againn.
Tá laghdú dhá uair tagtha ar dhífhostaíocht i Loch Garman ó bunaíodh an Scoil Samhraidh seo in 2012, agus tá laghdú ag teacht air an t-am go léir. Tá daoine ag teacht le cónaí anseo agus tá an daonra ag méadú arís – tá méadú 18,000 duine tagtha ar an daonra ó 2006.
Tá infheistiú á dhéanamh againn i mbóithre nua, ar nós Sheachbhóthar Ros Mhic Thriúin, chun brú tráchta agus amanna taistil a laghdú, chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, agus chun deiseanna geilleagracha a chur ar fáil. Tionscadail a chinnteoidh go mbeidh an rath ar gach áit in Éirinn sna blianta amach romhainn.
Tá dul chun cinn á dhéanamh againn le pleananna d’Ollscoil Teicneolaíochta nua don Oirdheisceart in 2020.
Mar sin, is iomaí cúis atá le dóchas, in ainneoin dhúshláin agus scáth Brexit.
Is deacair óráid a thabhairt mar Thaoiseach na laethanta seo gan díriú ar Brexit. Ach ba mhaith liom iarracht a dhéanamh anocht.
Is eol dom go bhfuil Brexit i mbéal an phobail agus táim cinnte go bpléifimid é sa seisiún Ceisteanna agus Freagraí ina dhiaidh seo. Tá orm, mar Thaoiseach, smaoineamh faoinár dtír agus an t-idirchaidreamh a dhéanfaimid leis an domhan i ndiaidh Brexit.
Cé go ndéanfaidh Brexit an Ríocht Aontaithe a mhúnlú don todhchaí intuartha, ní gá dó sinn a mhúnlú.
Is minic a labhraím faoi m’fhís bheartais iasachta d’Éirinn i dtaobh ‘Éire Dhomhanda’.
Mar oileán ag lár an domhain, i gceartlár an bhaile choitinn Eorpaigh a chabhraíomar a thógáil. Agus a páirt á glacadh aici ar ardán an domhain mar shaoránach domhanda. Glacaim an deis seo anocht leis an méid atá i gceist leis seo a chur in iúl.
Thar aon ní eile, ciallaíonn sé freagairt do dhúshláin an domhain le dóchas, muinín, agus le samhlaíocht úr.
Cé go mbíonn roinnt daoine tugtha don éadóchas nuair a thagann dúshláin dhomhanda romhainn, creidim go bhfuil údair againn le bheith dóchasach, a fhad agus atá an misneach againn chun dul i mbun gnímh anois.
Táimid i gceartlár na hEorpa. Chun a beatha agus a brí a chothú, is gá dúinn cur lenár dtiomantas do chomhtháthú Eorpach níos fearr.
I ndiaidh gur thit Balla Bheirlín, labhair roinnt daoine ar ‘deireadh na staire’ agus chreid siad gur ghearr go ndéanfaí na gnáthluachanna domhanda de luachanna liobrálacha an iarthair. Níor tharla é sin. Cé go ndearna méadú an AE agus NATO na luachanna seo, den chuid is mó, a cheangal go dlúth le stáit a bhíodh taobh thiar den Chuirtín Iarainn tráth dá raibh, theip ar iarracht na Rúise ar an daonlathas a bhaint amach. Níl cosúlacht níos mó air inniu gur féidir daonlathas ilpháirtí a bhaint amach sa tSín ná mar a bhí nuair a rinneadh na hagóidí mac léinn a threascairt. Tá an Tuirc ag éirí níos ollsmachtaí. Níl an India chomh saolta agus a bhí. Bhí teacht i réim an phobalachais i bhfad amach ar an eite dheas agus i bhfad amach ar an eite chlé i Meiriceá Laidineach agus fiú i Meiriceá ina ábhar buartha.
Is féidir gach ceann de na rudaí seo a aisiompú.
Is é an Eoraip an lóchrann in aghaidh an dorchadais seo, sciath chosanta na saoirse, an liobrálachais agus an chomhoibrithe shíochánta i measc náisiún.
Caithfimid a aithint ar dtús go bhfuil luachanna liobrálacha an Iarthair á n-ionsaí – fiú san Eoraip féin. Ní mór dúinn oibriú as lámh a chéile chun iad a chosaint, chun athghrúpáil a dhéanamh, chun an Eoraip a neartú agus chun iad a leathadh arís eile.
Fadhbanna domhanda iad an oiread sin de na fadhbanna atá orainn inniu agus teastaíonn réitigh dhomhanda uathu - athrú aeráide, dídeanaithe, cibearshlándáil, rialáil agus cánachas cothrom corparáidí domhanda.
Ní féidir iomaíocht neamhthrócaireach a bheith ann i measc tíortha. Teastaíonn an iomaíocht uainn ach caithfidh sraith rialacha agus íoschaighdeáin chomhaontaithe a bheith ann chun an timpeallacht, oibrithe, sláinte agus ár mbonn ioncaim a chosaint.
Ní féidir é seo a dhéanamh ach trí institiúidí ar nós na Náisiún Aontaithe agus na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta agus na hEagraíochta Domhanda Trádála.
Agus seo an fáth go bhfuil suíochán á lorg ag Éirinn i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mar gheall gur mian linn ról níos mó a ghlacadh chun an fhís sin a fhíorú.
Sin an fáth go bhfuilimid ag cur lenár misin choimeádta síochána ó mhisin sheanbhunaithe, ar nós na Liobáine agus Sciathán Fiannóglaigh an Airm a shlógadh go dtí Mailí. An chéad slógadh den saghas sin le breis agus deich mbliana anuas.
Sin an fáth go bhfuil ár mbuiséad Forbartha Idirnáisiúnta á mhéadú againn agus díriú ar leith ar oideachas a chur ar mhná agus cailíní, ar an aeráid agus ar chothú.
Sin an fáth, chomh maith, go bhfuil ár ngréasán ambasáidí, ionad chultúrtha agus oifigí gníomhaireachta á leathnú againn timpeall an domhain ó Frankfurt go LA, ó Mumbai go Mainile, Cív go Caerdydd.
Táimid muiníneach go bhfuil ról le glacadh againn sa domhan, le bheith mar ghlór dóibh siúd faoi mhíbhuntáiste agus gan chosaint, an tsaoirse aonair a chur chun cinn agus cearta daonna a chosaint. saorthrádáil agus fiontraíocht agus daonlathas saor a chur chun cinn.
Casfaidh mé le Cinn Stáit agus Rialtais níos déanaí an mhí seo ó áiteanna mórthimpeall an domhain ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, áit a bhfreastalóidh mé ar Chruinnithe Mullaigh ar Ghníomhú ar son na hAeráide agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Tá mar chuspóir ag na spriocanna seo na dúshláin dhomhanda a shárú atá romhainn, agus ina measc tá an bhochtaineacht, an neamhionannas, an tsláinte, an t-oideachas, an aeráid, díghrádú an chomhshaoil, an tsíocháin agus an ceartas.
Roimh an gComhthionól Ginearálta, freastalóidh 600 duine óg ó áiteanna timpeall an domhain ar Chruinniú Mullaigh Óige a chomheagraigh Éire. I measc na gcainteoirí, beidh Greta Thunberg, a spreag go leor daoine timpeall an domhain. Ní fhiafraíonn sí cad is féidir lenár bpláinéad a dhéanamh dúinn, fiafraíonn sí cad is féidir linne a dhéanamh dár bpláinéad.
Tá sé tuillte ag an nglúin amach anseo go n-oibrímid leis an bpobal idirnáisiúnta chun stop a chur le dul chun cinn an athraithe aeráide. Agus creidim go n-éireoidh linn.
Tá an domhan athraithe agus creidim gur gá dúinn a bheith samhlaíoch maidir leis an mbealach a fhreastalaímid ar ár ndiaspóra domhanda - idir dhaoine nach gcónaíonn ina dtír dhúchais agus iad siúd ar fhág a sinsear ár dtír roinnt mhaith glúine siar.
Tá roinnt rudaí is féidir linn a dhéanamh chun údar láidir a thabhairt lenár luachanna.
Sna míonna amach anseo, cuirfimid reifreann ar siúl chun cearta vótála i dtoghcháin uachtaránachta a thabhairt do gach saoránach Éireannach, is cuma cá gcónaíonn siad. Is eol dom go bhfuil tuairimí éagsúla ag daoine faoi agus gur reifreann é nach furasta é a bhuachan. Ach táim cinnte gurb é an rud ceart le déanamh. Níl a leithéid ann agus saoránacht Éireannach den dara grád agus creidim go bhfuil saoránach Éireannach i mBéal Feirste nó Chicago chomh hÉireannach mar an gcéanna le saoránach i mBaile Átha Cliath nó Gaillimh.
Ba mhaith liom cearta vótála a thabhairt i dtoghcháin na Dála, chomh maith, do dhaoine nár fhág an tír ach ar feadh cúpla bliain. Níl sé ceart gur féidir lenár dtaidhleoirí agus ár saighdiúirí vóta a chaitheamh nuair a bhíonn siad thar lear, ach nach féidir leo siúd a oibríonn don Údarás Forbartha Tionscail nó do Thurasóireacht Éireann. Níor cheart go mbeadh ar dhaoine óga agus mic léinn a chónaíonn thar lear ar feadh bliana nó dhó teacht abhaile chun vóta a chaitheamh. Ba cheart go mbeidís in ann é sin a dhéanamh sa phost.
Ba mhaith liom freastal, chomh maith, ar dhaoine a bhfuil oidhreacht Éireannach níos cianda acu. Tá daoine i Meiriceá Laidineach agus codanna eile den domhan atá bródúil as a sinsearacht Éireannach, fiú má tá go leor blianta éagtha idir an dá linn. Is mór acu Éire agus ár n-oidhreacht.
Ba mhaith liom go gcuirfimis víosaí mic léinn ar fáil do dhaoine a bhfuil oidhreacht Éireannach acu a ghabhann siar breis agus dhá ghlúin nach bhfuil ceart saoránachta acu a thuilleadh. Tá súil agam go mbeidh cuid dá staidéar á dhéanamh anseo ag níos mó Éireannaigh Argainteacha agus níos mó Éireannach ón Afraic Theas amach anseo.
Tá ár n-oidhreacht Éireannach ag go leor Meiriceánaigh Afracacha, Cairibeach agus cineálacha eile agus ba cheart dúinn na naisc siúd a fhiosrú, chomh maith.
Déantar polaitíocht áitiúil, ar deireadh thiar, den pholaitíocht idirnáisiúnta go léir. Tá orainn ár bpáirt a ghlacadh anois. Is eol dúinn, a bhuíochas le bhorradh eilleagrach tréan agus inbhuanaithe, dífhostaíocht íseal agus dul chun cinn sóisialta leanúnach, go mbraitheann ár ndul chun cinn, rath agus slándáil leanúnach ar an méid atá ag tarlú sa domhan mórthimpeall orainn. Táimid mar chuid de phobal domhanda agus ní mór dúinn ár bpáirt a ghlacadh mar shaoránach domhanda nuair a bhímid buailte ag géarchéim agus éiginnteacht.
Sheolamar teachtaireacht ag chéad chruinniú na Chéad Dála céad bliain ó shin chuig náisiúin shaora an domhain a léirigh go gcreidimid gurb iad an tsaoirse agus an ceartas ‘prionsabail bhunúsacha an dlí idirnáisiúnta’.
Cuirimid an teachtaireacht chéanna in iúl céad bliain ina dhiaidh sin. Is é sin ár bhfís d’Éirinn ar ardán an domhain, ár gcultúr a chur chun cinn, seasamh le prionsabail an dlí idirnáisiúnta, tabhairt faoi thrádáil, agus labhairt amach ar son na saoirse agus an cheartais.
Go raibh maith agaibh.