Óráid an Taoisigh, Fáiltiú Vótáil 100, Halla Naomh Pádraig, Caisleán Bhaile Átha Cliath
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Eisithe ag Preasoifig an Rialtais
Seiceáil i gCoinne Seachadadh
A dhaoine uaisle!
Táim fíorchaoin buíoch daoibh ar fad atá i láthair trathnóna don ócáid speisialta seo – ár gcomóradh ar Vótáil céad bliain agus sinn ag cuimhneamh go háirithe ar Mná an Oireachtais agus an oidhreacht a d'fhág siad.
Mo bhuíochas libh as bheith anseo liom i gCaisleán Bhaile Átha Cliath tráthnóna le comóradh céad bliain tábhachtach i stair ár ndaonlathais pharlaimintigh a cheiliúradh.
Briseadh a lán de na fuinneoga taobh amuigh le linn an fheachtais chun cearta comhionanna a fháil.
Anocht táimid taobh istigh, ag féachaint amach.
Agus an cheist a chaithfimid cuir orainn féin ná: cén fuinneoga eile a chaithfear briseadh?
Mar tá síleálacha gloine fós ann, tá bacainní fós ann agus tá níos faide le dul againn.
Mar sin, caithfimid cinntiú go leagaimid an bhunchloch le haghaidh fíor-chomhionannas deise do gach in ár sochaí.
Le céad bliain anuas, smaoiním ar na cinntí a rinneamar nuair a fhágamar mná amach nó nár éisteamar leo, agus smaoiním ar chonas a d’fhéadfaí rudaí a dhéanamh ar bhealach difriúil, ar bhealach níos fearr nó gan iad a dhéanamh. Mar shochaí, táimid níos laige nuair a fhágaimid guthanna na mban amach.
Le blianta beaga anuas tá an-chuid bainte amach agus táim bródúil as ár gceannasaíocht sa Rialtas ar shainceisteanna mar chomhionannas inscne agus éagsúlacht.
Thaispeánamar leis an reifreann ar chomhionannas pósta ár dtiomantas ar scála náisiúnta, agus chuireamar teachtaireacht láidir chun cinn maidir lenár luachanna agus leis an mbealach a chaithimid le daoine a bhí imeallaithe go stairiúil.
Táimid tar éis reachtaíocht fhorásach ar aitheantas inscne a rith.
Bhaineamar an t-ochtú leasú den ár mBunreacht i mbliana, i bhfeachtas suntasach ó thaobh na haibíochta de agus ó thaobh an tslí a éisteamar le scéalta ar tugadh cluas bhodhar dóibh cheana.
Tá ár ndlíthe maidir le comhthoil beachtaithe againn agus tá níos mó obair ar siúl maidir le seoladh trialacha éignithe.
Nílimid críochnaithe go fóill. I ndáiríre, nílimid ach ag tosú.
Cothromaíocht, is é sin an aidhm ar mhaith liomsa a bheith againn anois.
Cuirfear tús leis sin an bhliain seo chugainn, Beidh ardú ar shochar máithreachais agus ar shochar atharthachta araon i Mí an Mhárta seo chugainn, chomh maith leis an íocaíocht teaghlaigh i bhfostaíocht, an íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora.
Beidh ardú ar an gcreidmheas cánach do theaghlachóirí freisin.
I mbliana rinneamar comóradh ar Vótáil 100, anois caithfimid smaoineamh ar na céad bliain atá le teacht.
Tá gá samhlúchán a dhéanamh ar an sórt sochaí a theastaíonn uainn cónaí ann agus ansin, obair chun é sin a bhaint amach.
Is é an bealach is fearr chun na héachtaí ceannaithe a baineadh amach 100 bliain ó shin a chomóradh ná trí chomhionannas faoin dlí agus trí chomhionannas deise do gach duine a chinntiú - san Oireachtas, ar ár mboird, san ionad oibre, agus sa bhaile.
Is iad na comóradh is fearr ná nuair a úsáidtear an t-am a chuaigh thart chun eolas a thabhairt dúinn ar an am atá i láthair ionas gur féidir linn obair i dtreo thodhchaí níos fearr.
Bhí an daonlathas tábhachtach do shufraigéidí na hÉireann. Tá an daonlathas tábhachtach dúinn.
Is iad mná leath dár ndaonra, leath dár dtallan, leath dár saineolas, ní féidir leo fanacht gan muid ag tarraingt orthu.
Tá gá le comhionannas inscne ionas gur féidir fíor-shaoirse a bheith againn do mhná agus d’fhir.
Go raibh maith agaibh, mná na hÉireann abú!