Ráitis na Dála faoin Úcráin - Óráid leis an Aire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys
Le: An tAire Coimirce Sóisialaí; Heather Humphreys
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le: An tAire Coimirce Sóisialaí; Heather Humphreys
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Seiceáil in aghaidh soláthair
Feicimid go léir gach lá na híomhánna uafásacha den mhéid atá ag tarlú san Úcráin.
Níor cheap duine ar bith dínn go dtitfeadh cogadh san Eoraip amach ach is cás atá ann nach mór d’Éirinn freagairt dó.
Tá saoránaigh na hÚcráine ag teacht go hÉireann agus iad buailte go dona ag tráma tar éis dóibh daoine muinteartha agus cairde a chailleadh, agus iad buartha fúthu siúd a d’fhág siad ina ndiaidh, agus tá siad ag teacht go tír choimhthíoch tar éis dóibh a bpoist, a n-ioncam agus gach rud a bhí ina seilbh acu a chailleadh.
Tá a ndomhan iomlán curtha as riocht le roinnt seachtainí anuas agus tá dualgas orainn cabhrú leo.
Tá áthas orm an deis a bheith agam cur le díospóireacht an lae inniu agus, ach go háirithe, chun cuntas a thabhairt ar conas atá mo roinn ag freagairt don chás.
Anuas ar chomhghleacaithe ó ranna eile, tá oifigigh ó mo roinn ag freagairt ar bhealach íogair agus lách agus tá ár seacht ndícheall á dhéanamh againn go léir lena chinntiú go bhfaighidh iad siúd óna dteastaíonn ár gcabhair é a thapúla agus is féidir.
Beidh an Teach ar an eolas go bhfuil áis fháilteach i mbun oibre ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, ina mbíonn oifigigh ó mo roinn agus ón Roinn Dlí agus Cirt ar fáil chun casadh le daoine atá ag teacht go hÉirinn ón Úcráin.
D’oscail an tAire Helen McEntee agus mé féin an áis sin roinnt seachtainí ó shin ag tosach na géarchéime agus tá an áis ag oibriú go han-mhaith.
Tagann na céimeanna faoinar thug mo roinn faoi chuimsiú trí chatagóir: is iad siúd:
Tá gach éileamh tacaíochta ioncaim á mhear-rianú lena phróiseáil agus tá gach acmhainn á cur ar fáil lena chinntiú go n-eisítear uimhreacha PSP agus íocaíochtaí a thapúla agus is féidir.
Tá tacaíocht ioncaim láithreach á soláthar i bhfoirm Liúntas Forlíontach, atá iníoctha ar rátaí a mhéid le €206 sa tseachtain, agus cuirtear méaduithe ar fáil do chleithiúnaithe linbh agus fásta.
Ar mhaithe lena chur in iúl cé chomh mór atá an tsaincheist, roinnfidh mé roinnt uimhreacha bunúsacha leis an Teach.
Eisíodh Uimhreacha PSP go dtí seo do bhreis agus 14,000 saoránach na hÚcráine, agus is mná agus cailíní óga beagán faoi bhun 10,000 díobh agus is fir agus buachaillí óga 4,000 díobh.
Tá Liúntas Leasa Forlíontach á íoc cheana féin le breis agus 9,000 duine agus tá Sochar Linbh á íoc freisin le beagnach 4,000 leanbh.
Anuas ar an tsaoráid ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, bhunaíomar roinnt ionaid thiomnaithe fáilte bhreise ar Shráid Chorcaí i mBaile Átha Cliath, agus i gcathair Chorcaí agus Luimnigh.
Tá an roinn ag oibriú go dlúth leis an Roinn Dlí agus Cirt agus leis an tSeirbhís Chóiríochta um Chosaint Idirnáisiúnta sna láithreacha seo.
Táimid ag oibriú go dlúth freisin leis an Roinn Dlí agus Cirt le casadh le daoine atá ag teacht ar gach bád farantóireachta ag Calafort Ros Láir.
Tá seirbhísí ateangaireachta á soláthar nuair is gá le cabhrú le saoránaigh na hÚcráine teacht ar sheirbhísí agus ar fhoirmeacha iarratais mo Roinne agus tá eolas ar thacaíochtaí ar fáil san Úcráinis agus sa Rúisis.
Foilsíodh leathanach gréasáin tiomnaithe ar leathanach gréasáin na Roinne lena chinntiú go bhfuil iad siúd atá ag teacht i láthair ón Úcráin ar an eolas ar na tacaíochtaí agus na seirbhísí atá ar fáil dóibh agus aistríodh an leathanach seo go hÚcráinis agus go Rúisis.
A luaithe a bhíonn deis ag daoine socrú isteach, socróimid go gcuirfear an íocaíocht leasa shóisialaigh is cuí ar fáil - agus d’fhéadfadh Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, liúntas míchumais nó íocaíochtaí cuardaitheora poist a bheith i gceist leis an íocaíocht sin, ag brath ar na cúinsí na ndaoine aonair.
Faoi mar is eol do na Teachtaí Dála, ba mhaith le go leor daoine atá ag teacht i láthair ón Úcráin tacú leo féin agus tá iarrachtaí á ndéanamh acu cheana féin le fostaíocht a lorg.
Ar ámharaí an tsaoil, d’éirigh le go leor díobh poist a fháil cheana féin agus is eol dom go bhfuil go leor fostóirí ag lorg fostaíocht a thairiscint dóibh.
Tá pleananna á gcur i bhfeidhm ag mo Roinn chun tacaíochtaí cuardaigh poist agus tacaíochtaí fostaíochta a thabhairt isteach chun gur féidir leo siúd a bhfuil fostaíocht á lorg acu an cúnamh a fháil a theastaíonn uathu.
Is eol dom go ndearna roinnt Teachtaí Dála teagmháil faoi ghnólachtaí a bhfuil deiseanna fostaíochta acu do mhuintir na hÚcráine.
Is féidir le fostóirí ríomhphost a sheoladh chuig employer@welfare.ie más mian leo a spéis a chlárú deiseanna fostaíochta a thairiscint do shaoránaigh na hÚcráine a thagann i láthair in Éirinn.
Oibreoidh m’oifigigh go dlúth le fostóirí agus leis na Boird Oideachais agus Oiliúna chun gur féidir aon tacaíochtaí oiliúna agus teanga a sholáthar.
Is tábhachtach, áfach, go dtugaimid an t-am agus an spás do dhaoine a theastaíonn uathu le cur fúthu tar éis dóibh teacht anseo.
Bhí siad thíos le tráth an-trámach agus is iad a leanaí agus a ndaoine muinteartha a d’fhág siad ina ndiaidh is mó a bhfuil siad buartha fúthu, dar ndóigh.
Tá mo Roinn anseo le cabhrú leo siúd ar mian leo agus atá réidh le deiseanna poist a chuardach agus cabhróimid leo chun fostóirí a aimsiú dóibh.
Ar deireadh, a Chinn Comhairle, ba mhaith liom díreach buíochas a ghabháil leis an bhfoireann sa Roinn Coimirce Sóisialaí a d’fhreagair ar bhealach gan choinne le dhá bhliain anuas lena chinntiú gur cuireadh tacaíocht ioncaim ar fáil do dhaoine i rith paindéim dhomhanda agus a bhfuil an rud céanna á dhéanamh anois arís acu maidir leis na daoine atá ag teacht i láthair ón Úcráin.
Is ionann an obair atá á déanamh ag an bhfoireann ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag áiseanna fáiltithe agus ag oifigí áitiúla timpeall na tíre agus scoth na seirbhíse poiblí agus ba mhaith liom na hiarrachtaí siúd a aithint sa teach inniu.
Tá súil againn go léir go dtiocfaidh deireadh leis an gcogadh uafásach seo ach, idir an dá linn, leanfaimid le gach rud a dhéanamh is féidir linn chun cabhair a thabhairt.
Go raibh maith agaibh.