Tá geilleagar na hÉireann ina gheilleagar allmhairithe fuinnimh ina mbraitear ar allmhairí gáis agus ola chun a riachtanais fuinnimh a bhaint amach. Ag an am céanna, tá éifeachtaí an athraithe aeráide ina gcúis le cur isteach níos mó inár saol. Tá an riachtanas maidir lenár n-astaíochtaí carbóin agus ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú i ngach earnáil den tsochaí ag éirí níos práinní. Is é sprioc an Rialtais Éire a chumasú, laistigh de chreata AE agus domhanda, aistriú i dtreo geilleagar atá ina gheilleagar ísealcharbóin, atá seasmhach ó thaobh na haeráide de agus atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.
Tá sé mar aidhm ag an rialtas na spriocanna seo a leanas a bhaint amach faoin mbliain 2030:
D’fhonn sin a dhéanamh, caithfear cothromaíocht a fháil idir fhoinsí fuinnimh ísealcharbóin agus in-athnuaite a fhorbairt, foinse leictreachais shábháilte, slán agus iontaofa a chinntiú agus margadh iomaíocha agus dea-rialaithe a choinneáil.
Chomh maith leis sin, is féidir an t-aistriú sin a dhéanamh trí éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Chuir an rialtas bearta agus tacaíochtaí i bhfeidhm chun cur ar chumas daoine aonair, pobail, gnónna agus an earnáil phoiblí é sin a bhaint amach. Tá sé seo ina chuidiú chun inacmhainneacht fuinnimh agus bochtaineacht fuinnimh a laghdú freisin.
Trí bheartais, tacaíochtaí, straitéisí agus pleananna an rialtais ar nós an Plean Gnímh don Aeráid, cuideofar le hÉirinn aistriú i dtreo thodhchaí níos inbhuanaithe.
Tá leictreachas ina chúigiú cuid nach mór den fhuinneamh a úsáidimid in Éirinn. Is é gás nádúrtha an phríomhfhoinse fuinnimh atá againn dó sin. Tá an rialtas freagrach as beartas a chruthú a bhaineann le margaí leictreachais a rialú. Chomh maith leis sin, tá sé ina sprioc ag an rialtas laghdú in astaíochtaí CO2 na hÉireann a bhaint amach. Faoi láthair, tá giniúint leictreachais freagrach i ndáil leis an gceathrú cuid díobh sin. Déanann an rialtas beartas agus scéimeanna tacaíochta a leagan amach chun é sin a chur i gcrích, ina gcuirtear foinsí fuinnimh in-athnuaite chun cinn agus ina dtacaítear le hÉirinn maidir lena cuspóir spriocanna in-athnuaite fuinnimh náisiúnta agus AE a bhaint amach.
Léigh tuilleadh faoi Leictreachas
In Éirinn, gintear fuinneamh ó líon foinsí éagsúla, idir fhoinsí intíre agus fhoinsí allmhairithe. Is ó ghás nádúrtha a fhaightear beagnach trian amháin dár riachtanais fuinnimh foriomlána, agus níos mó ná leath dár leictreachas. Cruthaíonn an rialtas beartas agus reachtaíocht inar féidir an margadh gáis in Éirinn a liobrálú agus a rialú. Tá sé freagrach freisin as athbhreithniú a dhéanamh ar an bhféidearthacht agus na critéir a bhaineann le foinsí gáis níos in-athnuaite a úsáid d’fhonn laghdú in astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann a bhaint amach.
Tá líonraí gáis na hÉireann faoi úinéireacht agus á bhfeidhmiú ag an gComhlacht Stáit, Gas Networks Ireland. Tá an comhlacht neamhspleách, an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) freagrach as rialú geilleagrach a dhéanamh ar an líonra, sábháilteacht gháis agus bearta a chur i bhfeidhm chun slándáil an tsoláthair a chosaint.
Léigh tuilleadh faoi Gás
Tá iompar ina chúis le beagnach aon chúigiú d’astaíochtaí gás ceaptha teasa (GHG) na hÉireann. Tá an rialtas ag obair ar an earnáil iompair a dhícharbónú, trí dhroim láimhe a thabhairt ar spleáchas ar bhreoslaí iontaise mar fhoinse fuinnimh. Tá beartas an rialtais dírithe ar thacaíocht a chur chun cinn agus a chur ar fáil do theicneolaíochtaí atá níos ísle ó thaobh carbóin de agus d’fhoinsí fuinnimh níos inbhuanaithe. Tá an sprioc seo á léiriú freisin in go leor de na gníomhartha a leagadh amach sa Plean Gnímh don Aeráid.
Léigh tuilleadh faoi Fuinneamh Iompair
Ta an earnáil chónaithe ina cúis le beagnach 10% dár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa (GHG) foriomlána. Tá beartais, straitéisí agus tacaíochtaí an rialtais dírithe ar na h-astaíochtaí seo a laghdú agus éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr a bhaint amach i dtithe cónaithe in Éirinn. Chomh maith leis sin, tá béim á leagan ar an riosca maidir le bochtaineacht fuinnimh, chun cuidiú le teaghlaigh nach acmhainn dóibh a riachtanais fuinnimh a bhaint amach. Tá obair an rialtais á cur i gcrích trí thionscnaimh tras-rannacha agus freisin via scéimeanna atá á gcur i gcrích ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI).
Léigh tuilleadh faoi Éifeachtúlacht Fuinnimh Cónaithe
Tá acmhainn iontach ann astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann a laghdú trí éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus spleáchas ar bhreosla iontaise a laghdú ar fud na hearnála gnó agus na hearnála poiblí. Déanann an rialtas beartais agus straitéisí a leagan amach d’fhonn éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr a bhaint amach agus tugtar gealltanas i leith gníomhartha ar nós na ngníomhartha a leagtar amach sa Plean Gnímh don Aeráid . Chomh maith leis sin, cuirtear maoiniú agus tacaíocht ar fáil do scéimeanna ina gcuirtear éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr agus úsáid níos mó foinsí fuinnimh in-athnuaite chun cinn.
Léigh tuilleadh faoi Fuinneamh Gnó agus na hEarnála Poiblí
Leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, éilítear ar Éirinn 16% dár gceanglais fuinnimh a chomhlíonadh ó foinsí in-athnuaite faoi 2020. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, shocraigh Éire sprioc de 12% d'fhuinneamh in-athnuaite a bhaint amach san earnáil teasa faoi 2030. In 2018, ba fhuinneamh in-athnuaite é 6.5% den fhuinneamh a úsáideadh san earnáil fuinnimh.
Léigh tuilleadh faoi Téamh In-athnuaite