Gné lárnach dár sochaí agus den tír is ea sláinte agus folláine dhaonra na hÉireann. Chaith an rialtas thart ar €16 billiún ar an tsláinte sa bhliain 2018. De réir mar a leanann an t-ionchas saoil agus an daonra in Éirinn de bheith ag méadú, éireoidh sé níos tábhachtaí seirbhísí sláinte inacmhainne ar ardchaighdeán a sholáthar.
Oibríonn an rialtas go dlúth le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun feabhas a chur ar shláinte agus folláine mhuintir na hÉireann trí sheirbhísí sláinte ar ardchaighdeán a sholáthar agus tríd an luach is fearr a bhaint as acmhainní an chórais sláinte.
Bunathrófar seirbhísí sláinte na hÉireann chun feabhais a bhuí le straitéis Sláintecare an rialtais. Leis an straitéis, cothaítear córas cúram sláinte ina soláthraítear formhór na seirbhísí sa phobal agus ina mbíonn rochtain bunaithe ar riachtanas, seachas an acmhainneacht chun íoctha.
Is é aidhm an chreata Éire Shláintiúil feabhas a chur ar shláinte agus folláine mhuintir na hÉireann. Dírítear ann go príomha ar chosc agus ar dhaoine a choinneáil sláintiúil ar feadh tréimhse níos faide.
Áirítear iad seo a leanas le seirbhísí géarchúraim:
Tá an rialtas ag obair chun feabhas a chur ar rochtain othar ar sheirbhísí ospidéil agus chun amanna feithimh a laghdú le haghaidh cúram sceidealta agus neamhsceidealta.
Dírítear sa Straitéis Náisiúnta Ailse 2017 – 2026 ar chosc, ar luathdhiagnóisiú, ar chóireáil agus ar cháilíocht na beatha.
Leagtar ceithre sprioc amach sa straitéis:
Foilsítear tuarascáil bhliantúil ina leagtar amach an dul chun cinn a rinneadh ar an Straitéis Náisiúnta Ailse a chur chun feidhme.
Leis an Acht Sláinte Poiblí (Leapacha Gréine) , 2014, tugtar aghaidh ar an ngá atá ann le daoine den phobal a chosaint ar an mbaol go ndéanfar damáiste dá gcraiceann agus ar an mbaol méadaithe go dtiocfaidh ailse chraicinn orthu. Aidhm eile atá leis an Acht is ea feasacht mhéadaithe a chothú i measc an phobail ar na contúirtí a ghabhann le nochtadh do radaíocht ultraivialait (UV) maidir le hailse chraicinn a fhorbairt, le haosú roimh am agus le damáiste súl.
Cinntítear le Straitéis Náisiúnta Máithreachais na hÉireann go mbíonn an bhean i gcroílár aon chinntí maidir le cúram máithreachais.
Tá an rialtas tiomanta do dheonú orgán a dhéanamh ina ghnás in Éirinn i gcásanna ina bhfaigheann daoine bás in imthosca inar féidir orgáin a dheonú.
Tá trí shainionad trasphlandaithe orgán ann in Éirinn.
Tá an Ríocht Aontaithe le himeacht as an Aontas Eorpach. Tá sé fós éiginnte conas agus cén uair a imeoidh sí.
Tiocfaidh roinnt athruithe chun cinn anseo in Éirinn agus dár gcomhpháirtithe san Aontas araon mar thoradh ar an gcinneadh ón Ríocht Aontaithe imeacht as an Aontas, agus táimid ag ullmhú do na hathruithe sin faoi láthair. Cé go bhfuil a lán éiginnteachta ann go fóill, tá sé tábhachtach go mbeifeá ar an eolas faoin difear a d’fhéadfadh an Breatimeacht a dhéanamh do do shaol laethúil.
D’fhéadfadh an cinneadh ón Ríocht Aontaithe imeacht as an Aontas dul i bhfeidhm ort ar roinnt bealaí difriúla.
Tá beartas an rialtais maidir le húsáid drugaí agus alcóil leagtha amach sa straitéis náisiúnta drugaí dar teideal Dochar a Laghdú, Téarnamh a Chothú 2017 – 2025 .
Tá sé mar aidhm leis an straitéis stíleanna maireachtála níos sláintiúla a chur chun cinn laistigh den tsochaí agus daoine a spreagadh roghanna níos sláintiúla a dhéanamh maidir le húsáid drugaí agus alcóil.
Cuireann tascfhórsaí áitiúla agus réigiúnacha drugaí agus alcóil an straitéis náisiúnta drugaí chun feidhme de réir riachtanais a réigiúin nó a limistéir áitiúil.
Meastar go mbeidh fadhbanna meabhairshláinte ag duine amháin as gach ceathrar in Éirinn am éigin ina saol.
Tá an rialtas ag obair chun an mheabhairshláinte is fearr is féidir a bhaint amach agus a chothabháil in Éirinn ionas gur féidir le daoine saol sona a bheith acu.
Is é aidhm an rialtais seirbhís meabhairshláinte a fhorbairt atá nua-aimseartha agus dírithe ar théarnamh. Tá an creat beartais náisiúnta is déanaí don mheabhairshláinte, rud dar teideal Fís don Athrú , á nuashonrú faoi láthair. Foilseofar an beartas athnuaite go luath.
Tugtar Ceangal ar son na Beatha ar straitéis náisiúnta na hÉireann um fhéinmharú a laghdú. Is í an Oifig Náisiúnta um Fhéinmharú a Chosc a chomhordaíonn an straitéis.
Tugtar sa Straitéis d’Oifig an Phríomhoifigigh Altranais an treo a theastaíonn ón Oifig chun í a chumasú tacú le gairmithe altranais agus cnáimhseachais agus an chuid is fearr a bhaint as an rannchuidiú a dhéanann siad leis an mbeartas sláinte.
Is iad seo a leanas na croíluachanna is bun leis an gcleachtas altranais agus cnáimhseachais in Éirinn agus lena dtreoraítear an cleachtas sin:
Bunchloch de chúram sláinte ar ardchaighdeán is ea sábháilteacht othar. Díríonn ár nOifig Náisiúnta um Shábháilteacht Othar ar thionscnaimh thábhachtacha faoin mbeartas sábháilteachta othar a stiúradh.
Is é an aidhm atá againn:
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ag na naisc seo a leanas:
Ba cheart cúram príomhúil a bheith ar an gcéad phointe teagmhála atá ag daoine leis an tseirbhís sláinte. Is é is cúram príomhúil ann ná na seirbhísí cúram sláinte nó cúraim shóisialta go léir is féidir a aimsiú i do phobal, lasmuigh den ospidéal. Cuimsíonn sé lia-chleachtóirí ginearálta, altraí sláinte poiblí agus seirbhísí éagsúla.
Faoin straitéis Sláintecare, is é príomhchuspóir an rialtais maidir le cúram príomhúil ná an cúram a thugtar d’fhormhór na ndaoine a aistriú chuig an bpobal. Cabhróidh sé sin linn liostaí feithimh agus amanna feithimh a laghdú.
Tá foireann cúraim phríomhúil comhdhéanta de lia-chleachtóirí ginearálta, d’altraí sláinte poiblí agus de theiripeoirí. Tacaíonn gach ceann díobh le pobail atá idir 7,000 duine agus 10,000 duine ar fad. Is in ionaid chúraim phríomhúil a sholáthraítear na seirbhísí atá i gceist.
Cuid thábhachtach den straitéis Sláintecare is ea ionaid chúraim phríomhúil a fhorbairt ar fud na tíre.
Tá rialuithe agus srianta ann a bhfuil feidhm acu maidir le cannabas a úsáid chun críocha leighis in Éirinn.
Áirítear iad seo a leanas le seirbhísí cúraim shóisialta:
Is é an aidhm atá le beartais um míchumas ná daoine faoi mhíchumas a chumasú a lánacmhainn a bhaint amach, agus iad ag maireachtáil chomh neamhspleách agus is féidir le réasún.
Leanann an rialtas le daoine faoi mhíchumas a bhogadh amach as láithreacha comhchónaithe. Is é atá i gceist le láithreacha comhchónaithe ná áiteanna ina gcónaíonn deichniúr faoi mhíchumas nó níos mó in aonad cónaithe aonair nó ina gcuirtear iad i gcóiríocht champasbhunaithe.
Úsáidtear an Straitéis um Chuimsiú Pobail ón rialtas mar bhonn do dhaoine faoi mhíchumas a éascú bogadh amach as láithreacha comhchónaithe agus isteach ina dteach féin sa phobal.
Is féidir le buiséid phearsantaithe tuilleadh rogha agus smachta a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas maidir leis na seirbhísí agus na tacaí a fhaigheann siad. Tá dea-chleachtais le haghaidh buiséid phearsantaithe á bhforbairt ag an rialtas faoi láthair.
Trí scéim Chothrom na Féinne , is féidir leat iarratas a dhéanamh ar thacaíocht airgeadais chun cabhrú leat íoc as an gcostas ar chúram a fháil i dteach altranais.
I mí na Nollag 2017, thug an rialtas ceadú le haghaidh beartas náisiúnta um chumhdach aosach a fhorbairt don earnáil sláinte. Beidh feidhm ag an mbeartas sin maidir leis an earnáil phoiblí, an earnáil phríobháideach agus an earnáil dheonach.
Tá an beartas á cheapadh faoi láthair. Meastar, a luaithe a bheidh sé ceadaithe, go n-úsáidfear an beartas náisiúnta um chumhdach aosach mar bhonn don reachtaíocht a fhoilseofar ar an ní.