Tá beartas iompair na hÉireann bunaithe ar ghluaiseacht éifeachtach daoine agus ar inrochtaineacht mhéadaithe a chinntiú do phaisinéirí uile a úsáideann an gréasán iompair.
Le córas iompair láidir, déantar iomaíochas a fheabhsú, dul chun cinn eacnamaíoch a choinneáil ar siúl, forbairt chomhardaithe réigiúnach a chur chun cinn agus comhtháthú sóisialta a mhéadú.
Is iad seo a leanas mórspriocanna na hÉireann ó thaobh an iompair de:
Laistigh de chreat beartais iompair comhardaithe agus comhtháite, tá sé ríthábhachtach go ndéanann an Stát foráil do ghluaiseacht daoine agus earraí ar na bóithre ar bhealach atá sábháilte agus éifeachtach ó thaobh costais de. Agus 5306 ciliméadar de bhóithre náisiúnta in Éirinn (chomh maith le 916 ciliméadar de mhótarbhealach), is réimse é seo a dhéanann difear do gach duine sa tír, geall leis.
Tá spriocanna sonracha leagtha amach in Éire 2040 - An Tionscadal agus sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 mar seo a leanas:
Tá sé ríthábhachtach go gcomhlíonann cleachtais agus nósanna imeacht eitlíochta na hÉireann na caighdeáin idirnáisúnta is fearr; go ndéanann sí forbairt earnála eitlíochta bríomhaire, iomaíche agus rialáilte diadh ar ndiaidh a chur chun cinn; agus bonneagar leordhóthanach aerfoirt agus seirbhísí iomaíocha aerfoirt a sholáthar.
Tá beartas eitlíochta na hÉireann bunaithe ar thrí phríomhaidhm:
Is ardtosaíocht í forbairt a dhéanamh ar earnáil iompair mara na hÉireann, trí bhaint amach na leibhéil sábháilteachta a éascú agus trí fheabhas a chur ar an mbonneagar atá ag teastáil chun fostaíocht a chinntiú san earnáil loingseoireachta, san earnáil iascaireachta agus san earnáil áineasa.
Tá sé mar aidhm ag an rialtas coinníollacha a chothú a thugann tacaíocht chun úinéireacht, bainistiú agus gníomhaíochtaí long atá lonnaithe in Éirinn a fhorbairt. Tá sé ríthábhachtach freisin sábháilteacht loingseoireachta a chinntiú agus truailliú an chomhshaoil muirí ó fhoinsí longbhunaithe a chosc.
Caithfidh soithí uile (lena n-áirítear soithí atá á modhnú) a bheith deimhnithe mar shoithí atá sábháilte dul ar uisce na hÉireann.
Is mór an chabhair é Garda Cósta na hÉireann ó thaobh an bheartais sábháilteachta mara, ag freastal ar 3,000 éigeandála mara gach bliain, ag cabhrú le 4,500 duine agus ag sábháil 2,000 duine ón mbás. Is iad príomhróil Gharda Cósta na hÉireann daoine a tharrtháil ó dhainséar ar muir is ar tír, iompar liachta a eagrú láithreach agus cabhair a thabhairt do bháid agus longa laistigh de dhlínse na hÉireann.
Mar a leagtar amach sa Bheartas Náisiúnta um Chalafoirt , is ríthábhachtach an caidreamh idir earnáil na gcalafort tráchtála agus an córas pleanála agus forbartha chun forbairt inbhuanaithe leanúnach earnáil na gcalafort a chinntiú.
Is cuspóir straitéiseach ríthábhachtach é acmhainn a sholáthar amach anseo; níl an beartas um chalafoirt saintreorach, áfach, maidir le suíomh todhchaí na hacmhainne calafoirt sin.
Faoi 2040 meastar go mbeidh méadú breis agus 1 mhilliún tagtha ar dhaonra na hÉireann go 5.7 milliún duine. Mar thoradh ar an méadú sin, beidh éileamh níos mó ar iompar. Cé gur comhartha geilleagair bhríomhair é sin, treisíonn sé an dúshlán atá romhainn carbón a bhaint den aer toisc gur bhain 19.8% de gháis ceaptha teasa in Éirinn in 2017 le cúrsaí iompair.
Chomh maith leis sin, cuireann truailliú aeir ón iompar le heaspa cáilíochta an aeir áitiúil, rud a íoslaghdaíonn caighdeán saoil na ndaoine agus a dhéanann dochar don tsláinte.
Leagtar amach sa Phlean Gnímh don Aeráid 2019 spriocanna sonracha na hÉireann, lena n-áirítear: