Cúrsaí Cumarsáide agus Digiteacha
Foilsithe: 12 Meitheamh 2020
Foilsithe: 12 Meitheamh 2020
I réimse na cumarsáide, is é sprioc an rialtais líonra cumarsáide den chéad scoth ina bhfuil seirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil chun tacú le pobail nasctha agus cur ar chumas saoránach deiseanna digiteacha a ghlacadh chucu féin i dtimpeallacht shábháilte.
Tacaíonn an rialtas le fás geilleagrach, poist, iomaíochas agus ionchuimsiú sóisialta trí réimse beartas agus rialúcháin atá leagtha amach chun éascaíocht a dhéanamh ar gheilleagar agus sochaí atá nasctha níos fearr le cúrsaí digiteacha. Tá sé dírithe ar infhaighteacht leathanbhanda ardluais i ngach áitreabh in Éirinn a chinntiú, rialúchán tomhaiste chun infheistíocht agus nuálaíocht a chothú, mar aon le daoine aonair, pobail agus gnónna a chosaint agus a chumhachtú maidir leis an úsáid a bhaineann siad as teicneolaíochtaí digiteacha.
Tá beartais agus rialacháin an rialtais sa réimse seo dírithe ar na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:
Tá nascacht dhigiteach idirnáisiúnta agus náisiúnta na hÉireann ríthábhachtach maidir lenár n-iomaíochas i margaí domhanda agus sa gheilleagar eolais agus faisnéise a choinneáil agus a fheabhsú.
Tagraíonn an téarma 'leathanbhanda' do rochtain ar an idirlíon. Tá tábhacht ag baint le nascacht leathanbhanda maidir le fás, nuálaíocht agus comhtháthú sóisialta.
Sa lá atá inniu ann, tá teacht ag breis agus seacht gcinn as deich n-áitreabh ar leathanbhanda ardluais ó oibritheoirí tráchtála. Tá thart ar 540,000 áitreabh ann nach gcuirfidh oibritheoirí an tseirbhís bhunriachtanach seo ar fáil.
Tá siad sin lonnaithe i limistéar idirghabhála an Stáit. Ta Leathanbhanda Náisiúnta Éireann ceaptha ag an rialtas chun líonra leathanbhanda a sheasfaidh an aimsir a thógáil, a chothabháil agus a oibriú i limistéar idirghabhála an Stáit ar feadh tréimhse 25 bliana.
Léigh tuilleadh faoi Leathanbhanda
Tagraíonn an téarma 'cibearshlándáil' do chuasach teicneolaíochtaí, próisis agus cleachtais atá leagtha amach chun líonraí, gairis, cláir agus sonraí a chosaint ar ionsaí, damáiste, nó rochtain neamhúdaraithe. Clúdaíonn cibearshlándáil na bearta ar fad atá leagtha amach chun ár gcórais IT a chosaint agus rúndacht, ionracas agus infhaighteacht seirbhísí sonraí a chinntiú. Oibríonn an rialtas chun na rioscaí do bhonneagar agus seirbhísí idirlín a laghdú d’fhonn timpeallacht ar líne atá láidir, slán agus iontaofa a choinneáil ar féidir le daoine agus gnónna brath uirthi le haghaidh idirghníomhú sóisialta agus geilleagrach.
Leigh tuilleadh faoi Cibearshlándáil
Seoladh an chéad chéim den Straitéis Náisiúnta Dhigiteach i mí Iúil 2013. Sa straitéis seo, dírítear ar rannpháirtíocht dhigiteach agus ar mar is féidir tairbhe a bhaint as sochaí ina bhfuil cumas digiteach in Éirinn. Tá an rialtas i mbun Straitéis Náisiúnta Dhigiteach nua a fhorbairt faoi láthair. Tá sé seo ina fhreagairt ar athrú teicneolaíochta le sé bliana anuas agus ina fhreagairt ar aon deiseanna nó dúshláin a bhaineann leis.
Tá an straitéis maidir leis an Margadh Aonair Digiteach ina tionscnamh suaitheanta den straitéis Eoraip 2020. Tá sé mar aidhm léi deiseanna a chruthú do dhaoine agus gnó sa gheilleagar digiteach.
Léigh tuilleadh faoi Ríomh-Ionchumsiú
Córas postchód náisiúnta na hÉireann is ea Éirchód (Eircode). Tugtar cód uathúil do gach seoladh cónaithe agus gnó in Éirinn, trína n-aimsítear suíomh na réadmhaoine. Comhroinneann níos mó ná 35% de sheoltaí in Éirinn seoladh le réadmhaoin amháin eile ar a laghad. Leagadh Éirchód amach chun an fhadhb sin a shárú.
Léigh tuilleadh faoi Éirchód
Tá an Seirbhís Freagartha Glaonna Éigeandála (ECAS) freagrach as gach glao éigeandála 112 agus 999 a fhreagairt in Éirinn. Is é an ról atá aici an glao a aithint agus a chur ar aghaidh go dtí an tSeirbhís Éigeandála chuí (Garda, Dóiteáin, Otharchairr nó Garda Cósta agus Rialtóir Aerthráchta). Chomh maith leis sin, tá sí freagrach as seirbhís téacsála éigeandála d’úsáideoirí cláraithe.
Bunaíodh ECAS faoin Acht um Rialáil Cumarsáide (Leasú) 2002 agus tá an conradh ag BT Communications Ireland Limited chun an tseirbhís a oibriú go dtí 2025. Tá glaonna ar ECAS saor in aisce don ghlaoiteoir, ina ionad sin, is é an t-oibritheoir cumarsáide a íocann as an tseirbhís trí tháille in aghaidh an ghlao atá rialaithe ag an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg).
Téann an rialtas i dteagmháil le páirtithe leasmhara trí na coistí seo a leanas:
Tionóltar an Fóram Seirbhísí Éigeandála ar bhonn ráithe agus is í an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (DECC) a dhéanann cathaoirleacht air (DECC). Tá an coiste comhdhéanta d’ionadaithe ó An Garda Síochána, Seirbhísí Dóiteáin, Seirbhís Otharchairr, an Garda Cósta, Rialtóir Aerthráchta agus ECAS. Ar na saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu, áirítear Caighdeán na Seirbhíse, athruithe ar nósanna imeachta/seirbhísí ECAS nó na Seirbhísí Éigeandála agus teicneolaíochtaí nua. Is é ComReg a dhéanann ionadaíocht ar an bhFóram Tionscail agus tá sé comhdhéanta d’ionadaithe ó ComReg, DECC, ECAS agus Oibritheoirí Líonra. Ar na saincheisteanna a phléitear, áirítear Caighdeán na Seirbhíse agus Táille Láimhseála Glaonna (CHF) agus gnéithe de ECAS de réir mar a imríonn siad tionchar ar an tionscal cumarsáide.
Tá seirbhísí poist ríthábhachtach lena chinntiú go bhfuil muintir na hÉireann nasctha agus lena chinntiú gur féidir le gnónna feidhmiú go héifeachtach. Tá ról tábhachtach ag an rialtas chun cinnte a dhéanamh de go bhfuil seirbhísí poist iomaíoch agus éifeachtúil.
Léigh tuilleadh faoi Cumarsáid Poist