An Próiseas Pleanála Teanga
Foilsithe: 1 Lúnasa 2023
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe: 1 Lúnasa 2023
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh faoin Acht mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta nó mar Líonraí Gaeilge.
Tugtar tréimhse ama don phobal chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú. Faoin reachtaíocht, is faoin Roinn a bheidh sé measúnú a dhéanamh ar phleananna teanga sula ndéanfar iad a fhaomhadh. Beidh an Roinn freagrach freisin as athbhreithniú a dhéanamh ar bhonn tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm na bpleananna teanga.
Seoladh: An Rannóg Pleanála Teanga
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Na Forbacha
Co. na Gaillimhe
H91 PXV1
Ríomhphost: pleanailteanga@tcagsm.gov.ie
Uimhir theileafóin: 091 503700