Turasóireacht
Foilsithe: 10 Iúil 2019
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe: 10 Iúil 2019
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Tá áit lárnach ag an Turasóireacht i saol na hÉireann; tacaíonn sí le gníomhaíocht eacnamaíoch agus feabhsaíonn sí folláine fhisiciúil agus shochaíoch. Dar le staidéir a rinne an Phríomhoifig Staidrimh le déanaí, in 2019, roimh thús phaindéim COVID-19, bhí ioncam de €9.985 billiún á ghiniúint ag earnáil na turasóireachta i gcoitinne (caiteachas isteach agus intíre), arbh ionann sin agus 4.8% den OTI iomlán, agus measadh gur tacaíodh le 284,800 post cobhéiseach lánaimseartha san earnáil.
Is iad spriocanna ard-leibhéil na Roinne maidir leis an turasóireacht ná:
• tacaíocht a thabhairt i leith fáis inbhuanaithe earnála turasóireachta iomaíche agus béim ar leith ar an tacaíocht don fhorbairt eacnamaíoch i bpobail ar fud na tíre agus, ag an am chéanna, ár gcomhshaol agus acmhainní nádúrtha a chosaint.
• comhoibriú Thuaidh-Theas a chur chun cinn i gcomhthéacs Chomhaontú Aoine an Chéasta agus Thionscnamh an Rialtais um Oileán Comhroinnte, go háirithe i gcomhthéacs obair Thurasóireacht Éireann.
Foilsíodh Creat Beartais Náisiúnta na Turasóireachta 2025-2030 ar an 6ú Samhain 2024, agus tá mar aidhm leis an gcreat an inbhuanaitheacht chomhshaoil, gheilleagair agus shochaíoch a neadú ar fud earnáil na turasóireachta.
I measc na bpríomhchuspóirí beartais, táthar ag iarraidh feabhas a chur ar ghairmeacha sa turasóireacht, nuálaíocht a chothú, forbairt tairgí a chur chun cinn, fadhbanna a bhaineann le réigiúin/séasúir a chomhrac agus cinnte a dhéanamh go ndéantar plé iomlán ar na tionchair fhairsinge a imríonn cinntí rialtais ar an turasóireacht. Cuirtear béim láidir ar an bhfás inbhuanaithe turasóireachta a chur chun cinn, go háirithe i réigiúin lagfhorbartha, chun a chinntiú go bhfuil forbairt réigiúnach chothrom ann, chomh maith le dáileadh cóir buntáistí. Tá an cur chuige seo ag teacht le tiomantas an Chreata i leith cleachtais inbhuanaithe a chothú, lena neartófar tairbhe na hearnála do gheilleagar agus pobail na hÉireann.
Tá an turasóireacht ar ceann de na hearnálacha eacnamaíoch is tábhachtai in Éirinn. De réir na meastachán is déanaí , ghin turasóirí ó áiteanna lasmuigh den stát (áiteanna thar lear agus Tuaisceart Éireann) €5.6 billiún do gheilleagar na hÉireann. Méadaíonn an figiúr sin go €7.3 billiún nuair a chuirtear fáltais taistil do carraeirí Éireannacha san áireamh. B’fhiú €2 billiún an turasóireacht intíre, rud a chiallaíonn gurbh fhiú €9.4 billiún an earnáil ina hiomláine don gheilleagar.
Féachann an rialtas le hearnáil bhríomhar iomaíoch a chothú a chuireann go suntasach leis an saol ar fud na tíre; atá inbhuanaithe go heacnamaíoch, go sóisialta agus ó thaobh an chomhshaoil de; a chabhraíonn chun Éire a léiriú ar bhealach dearfach thar lear; agus a ligeann do phobail áitiúla forbairt agus forás a dhéanamh.
Tacaíonn na híomhánna dearfacha d’Éirinn a úsáidtear sa mhargaíocht turasóireachta le gníomhaíochtaí an rialtais i réimsí eile den fhorbairt eacnamaíoch.
Is bunchloch thionscal na turasóireachta in Éirinn í an turasóireacht intíre. Cothaíonn margadh na turasóireachta intíre leibhéal infheistíochta sa táirge turasóireachta a chuireann go suntasach le meallteacht na hÉireann mar cheann scríbe agus tugann sé deis an séasúr a shíneadh agus gnó breise atá níos scaipthe amach go réigiúnach a sholáthar.
Is comhpháirt riachtanach de bhonn fostaíochta na hÉireann í earnáil na turasóireachta. Tacaíonn sí le thart ar 325,000 post ar oileán na hÉireann. Chomh maith leis sin, tá roinnt mhaith mac léinn tríú leibhéal fostaithe in earnáil na turasóireachta ar bhonn páirtaimseartha nó ar bhonn séasúrach. Cabhraíonn an t-ioncam seo leo a gcostais maireachtála agus na costais a bhaineann le hoideachas tríú leibhéal a íoc.
Is ríthábhachtach an caidreamh idir cuairteoirí ó áiteanna thar lear agus na daoine sin atá fostaithe in earnáil na turasóireachta. Cruthaíonn sé nasc dearfach idir tréithe na hÉireann mar áit agus tréithe mhuintir na hÉireann. Is riachtanach go soláthraítear seirbhís do chuairteoirí atá ar an gcaighdeán is airde agus is féidir i gcónaí.
Tá sé mar aidhm ag an rialtas acmhainn na ndaoine atá ag obair in earnáil na turasóireachta a neartú, ionas gur féidir eispéireas atá ar an gcaighdeán is airde agus is féidir a sholáthar do chuairteoirí. Ligeann sé seo d’Éirinn dul in iomaíocht ar bhonn éifeachtach i margadh idirnáisiúnta na turasóireachta.
Tagann gnóthais turasóireachta faoi go leor de na hoibleagáidí reachtúla céanna faoina dtagann gnóthais eile. Is ann do réimsí reachtaíochta, áfach, atá dírithe go speisialta ar thionscal na turasóireachta.
Tá rialáil reachtúil na cóiríochta do chuairteoirí in Éirinn bunaithe ar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta ( 1939 agus 1998 ) agus ar an Acht um Údarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta 2003 .
Leagtar amach sa reachtaíocht seo 29 tuairisceoir maidir le cóiríocht do chuairteoirí, agus sanntar freagracht ar Fáilte Ireland reachtaíocht tacaíochta a chur i bhfeidhm, agus cláir reachtúla bhliantúla a choinneáil maidir le háitribh a úsáideann na tuairisceoirí sin.
Is iad seo a leanas cuid de na haonaid a chaithfidh clárú:
Item was unpublished or removed
Is féidir tacaíocht a thabhairt do thurasóireacht na hÉireann trí ghníomhaíocht taidhleoireachta agus cuairteanna oifigiúla.
Le meascán de chinn scríbe an-mhealltacha, ardleibhéil lámháltais agus atmaisféar cobhsaí polaitíochta, tá buntáiste gan sárú ag Éirinn i margadh turasóireachta an domhain.
I gcás margaí nach bhfuil cur amach acu ar Éirinn, is minic a chaitear an dua is mó leis an turasóireacht a chur chun cinn sna háiteanna sin mar bhealach le cur le próifíl na hÉireann. Is ríthábhachtach cur chuige comhordaithe a chur i bhfeidhm, ina mbíonn ról lárnach ag foirne margaíochta áitiúla, faoi chathaoirleacht an ambasadóra, chun cuspóirí na turasóireacht a chur chun cinn i margaí áirithe.
Aithníonn an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt na leasanna a d’fhéadfadh teacht as Glasbhealaí na hÉireann a fhorbairt tuilleadh do thurasóirí mar tháirge a mbaineann acmhainn shuntasach leo cuairteoirí a mhealladh ó áiteanna thar lear, do phobail áitiúla ó thaobh leasanna eacnamaíocha de, agus d’úsáideoirí uile mar shaoráid le haghaidh gníomhaíochta coirp agus mar bhealach chun cur leis an tsláinte agus folláine.
Seoladh Straitéis na nGlasbhealaí - Stratéis d’Fhorbairt na nGlasbhealaí Náisiúnta agus Réigiúnacha Amach Anseo ar an 20 Iúil 2018.
Is é is aidhm leis an Straitéis ná cabhrú chun Glasbhealaí suntasacha náisiúnta agus idirnáisiúnta a fhorbairt go straitéiseach go caighdeán iomchuí in áiteanna iomchuí ar mhaithe le heispéireas atá ar ardchaighdeán a sholáthar d’úsáideoirí uile na nGlasbhealaí. Tá sé mar aidhm aici freisin líon agus scaipeadh geografach na nGlasbhealaí móra agus ardchaighdeáin ar fud na tíre a mhéadú thar tréimhse 10 mbliana, rud as a dtiocfaidh méadú suntasach ar líon na ndaoine a úsáideann Glasbhealaí mar eispéireas cuartaíochta agus mar shaoráid áineasa.
+ 353 64 662 7280