Gníomhú ar son na hAeráide agus an Comhshaol
Foilsithe: 12 Meitheamh 2020
Foilsithe: 12 Meitheamh 2020
Tá dlúthbhaint idir saincheist an athraithe aeráide agus cosaint an chomhshaoil. Tríd an gcomhshaol nádúrtha a chosaint agus a fheabhsú, is féidir linn ár gcion a dhéanamh chun baol an athraithe aeráide a mhaolú. D’fhonn geilleagar inbhuanaithe, ísealcharbóin, agus tíosach ar acmhainní a bhaint amach faoin mbliain 2050, tá beartais agus gníomhartha ag teastáil ina n-íoslaghdaítear úsáid acmhainní neamh-inbhuanaithe agus díghrádú comhshaoil, agus ina gcuirtear feasacht chomhshaoil agus iompraíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun cinn ag an am céanna. Tá sé mar uaillmhian ag an rialtas beartais agus bearta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ina spreagtar dul chun cinn geilleagrach agus sóisialta ach ina bhfeabhsaítear agus ina gcosnaítear ár gcomhshaol nádúrtha don todhchaí.
Tá drochthionchar ag an athrú aeráide ar ár ngeilleagar, ár sochaí agus ár gcomhshaol cheana féin agus leanfar de sin amach sa todhchaí. In Éirinn, tá na torthaí a bhaineann leis sin le feiceáil cheana féin trí thuilte, aimsir níos measa agus leibhéal farraige níos airde. De réir mar a thagann méadú ar bhaoil mar gheall ar an athrú aeráide, tagann méadú ar an ngá atá le gníomhaíocht phráinneach chun dul i ngleic leo.
Aithníonn an rialtas go bhfuil sé riachtanach gníomhú le huaillmhian ar son na haeráide d’fhonn todhchaí inbhuanaithe a chinntiú ar bhonn náisiúnta agus ar bhonn domhanda araon.
Chun téamh domhanda a theorannú go 1.5°C, beidh athruithe tapa, leathana agus gan fasach ag teastáil i ngach gné den gheilleagar agus sochaí, maidir leis an mbealach ina mairimid, ina n-oibrímid agus ina ndéanaimid taisteal.
Tá beartais agus straitéisí á gcruthú agus á gcur i bhfeidhm ag an rialtas d’fhonn a sprioc fhadtéarmach chun aistriú go geilleagar atá ina gheilleagar ísealcharbóin, atá seasmhach ó thaobh na haeráide de agus atá inbhuanaithe ó thaobh a chomhshaoil de a bhaint amach faoin mbliain 2050.
Tá sé mar aidhm ag an rialtas an méid a leanas a bhaint amach faoin mbliain 2030:
Aithníonn an rialtas freisin an ról ríthábhachtach atá ag an bpobal chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Déanann an rialtas éascaíocht ar chaidreamh poiblí agus rannpháirtíocht an phobail, trína dtacaítear le saoránaigh, pobail, gnónna agus eagraíochtaí gníomh a dhéanamh chun muid a thabhairt i dtreo sochaí atá neodrach agus inbhuanaithe ó thaobh na haeráide de faoin mbliain 2050.
Léigh tuilleadh faoi Ghníomhú ar son na hAeráide
Tá sé ríthábhachtach do shláinte agus folláine gach duine ar fud na hÉireann, agus ar fud an domhain, go deimhin, an comhshaol a chosaint agus úsáid a bhaint as ár n-acmhainní nádúrtha ar bhealach inbhuanaithe.
Is é an fhreagracht choiteann atá orainn as acmhainní an domhain atá taobh thiar de thiomantas an rialtais d’fhorbairt inbhuanaithe agus truailliú an chomhshaoil d’aon chineál a laghdú.
Ní bheifear in ann Éire a thabhairt i dreo thodhchaí dhícharbónaithe atá faoi bhláth ina bhfuil an timpeallacht nádúrtha agus ár n-acmhainní ríthábhachtacha á gcosaint ag an am céanna ach amháin trí bheartais inbhuanaithe a chomhtháthú le gach gné den tsochaí agus den gheilleagar.
Tá na beartais seo á bhforbairt ag an rialtas i ndáil le:
Chomh maith leis sin, aithníonn an rialtas an ról riachtanach atá ag Éirinn sa chlár oibre níos leithne maidir le hinbhuanaitheacht a fhorbairt, ag leibhéil réigiúnacha agus idirnáisiúnta, d’fhonn sochaí atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní a bhaint amach. Tá gealltanas tugtha ag Éirinn Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach go náisiúnta faoin mbliain 2030, mar aon le tacú le hiarrachtaí domhanda iad a chur i bhfeidhm.
Fiontar nach beag is ea an comhshaol a chosaint, agus teastaíonn iarracht agus tacaíocht mhór ó ar fud na hÉireann, agus an chuid eile den domhan, ina leith. Trí aire a thabhairt don chomhshaol, beidh caighdeáin mhaireachtála agus caighdeáin bheatha níos fearr ag cách dá réir.
Léigh tuilleadh faoin gComhshaol