Meáin
Foilsithe: 5 Deireadh Fomhair 2020
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe: 5 Deireadh Fomhair 2020
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Beartas craoltóireachta agus meán a fhorbairt, lena n-áirítear reachtaíocht i ndáil le sábháilteacht ar líne agus as maoirseacht a dhéanamh ar an BAI, ar RTÉ agus ar TG4.
Léigh níos mó
Tá an Roinn freagrach as forbairt an chreat reachtaíochta agus rialála le haghaidh craolacháin agus meán áirithe in Éirinn. Chomh maith leis sin tá sí freagrach as polasaí maidir le maoiniú na gcraoltóirí seirbhíse poiblí, RTÉ agus TG4, agus forbairt na hearnála craolacháin i gcoitinne.
Tá sé an-tábhachtach dár sochaí, agus go háirithe dár bpáistí, go gcinntítear sábháilteacht ar líne. Tá castacht ar leith ag baint le bac a chur ar dhochar a thagann ó sheirbhísí ar líne. Braitheann réitigh éifeachtacha ar rannpháirtíocht ghníomhach ó na geallsealbhóirí ar fad, an Rialtas, comhlachtaí teicneolaíochta agus tuismitheoirí san áireamh. Táthar ag dul i ngleic le sábháilteacht ar líne ar bhealach comhordaithe tríd an chéad Phlean Gníomhaíochta do Shábháilteacht ar an Idirlíon de chuid an rialtais.
Sampla amháin de ghníomh an Rialtais ná an Bille um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán. Tabharfar isteach leis an Bhille seo córais rialála nua chun dul i ngleic le scaipeadh agus méadú cineálacha áirithe ábhair dhíobhalaigh ar líne, ar sheirbhísí meán sóisialta san áireamh.