Is i seilbh an rialtais atá cuid de na réadmhaoine is aitheanta sa tír. Tá punann réadmhaoine Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) ar cheann de na punainn réadmhaoine is mó agus is ilchineálaí, idir fhoirgnimh thábhachtacha mar Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus oifigí rialtais agus Stáisiúin Gharda Síochána ar fud na tíre.
Tá OPW dírithe um luach ar airgead a fháil agus san am céanna cóiríocht a sholáthar chun freastal ar riachtanais oibríochta an rialtais.
Tá breis agus 2,000 foirgneamh scaipthe thar 1,700 réadmhaoin ar fud na tíre faoi bhainistiú OPW.
Tá soláthar agus bainistiú cóiríochta le haghaidh ranna agus gníomhaireachtaí rialtais fíor-riachnanach maidir le straitéis an rialtas a fheidhmiú.
Soláthraíonn punann leathan réadmhaoine Oifig na nOibreacha Poiblí cóiríocht le haghaidh ranna agus gníomhaireachtaí an rialtais láir.
Léigh tuilleadh maidir le bainistiú na punainne réadmhaoine
Soláthraíonn Seirbhísí Cothabhála Réadmhaoine seirbhís do chliaint agus d'úsáideoirí foirgnimh agus le haghaidh aonaid ghnó Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá sé freagrach um luach agus staid punainne réadmhaoine an Stáit a chothabháil, institiúidí cultúrtha agus réadmhaoine oidhreachta san áireamh.
Léigh tuilleadh maidir le cothabháil na punainne réadmhaoine
Is iad Aonaid um Sholáthar Tionscadail Eastáit a sholáthraíonn tógáil nua, athchóiriú, caomhnú agus mórthionscadail chothabhála thar ceann an Stáit agus custaiméirí Oifig na nOibreacha Poiblí, le tacú ó shaineolaithe ailtireachta agus innealtóireachta OPW.
Léigh tuilleadh maidir le tionscadail tógála
Is ar Oifig an Phríomh-Ailtire/Ailtire Stáit atá an cúram foireann ailtireachta na hOifige a threorú agus a bhainistiú. Cuimsíonn sé seo maoirseacht ar ghnéithe ailtireachta na dtionscadail tógála, cothabháil ar cháilíocht phunainne réadmhaoine an Stáit agus caomhnú ar réadmhaoine oidhreachta atá faoi chúram an Stáit, chomh maith le feidhmiú mar phríomhchomhairleoir an Rialtais maidir le cúrsaí ailtireachta.
Soláthraíonn foireann ailtireachta OPW seirbhísí deartha, tógála agus tacaíochta chun freastal ar riachtanais ár gcliant. Tá Córas um Bainistiú Cáilíochta i bhfeidhm ag an bhfoireann ailtireachta a chomhlíonann riachtanais IS EN ISO 90001:2000.
Is mó gradam atá faighte ag OPW ón Royal Institute of Architects in Ireland (RIAI), Architectural Association (AAI) agus OPUS; bhuaigh OPW an bonn mórcháil Europa Nostra agus an Gradam Eorpach um Oidhreacht Chultúrtha.
Imeasc na dtionscadail atá curtha i gcrích cheana féin tá: