Acmhainní Nádúrtha
Foilsithe: 12 Meitheamh 2020
Foilsithe: 12 Meitheamh 2020
Tá acmhainní nádúrtha na hÉireann ríthábhachtach dár gcaighdeán saoil. Trínár n-iascach intíre, mianraí, foinsí fuinnimh agus acmhainní geolaíocha eile a fhorbairt agus a úsáid, cuidítear le geilleagar na tíre a spreagadh, fostaíocht a chur ar fáil agus sochair shóisialta a thabhairt. Dé réir mar a leanann an geilleagar de mhéadú, beidh sé mar bhonn agus mar thaca ag ár gcaighdeán maireachtála i gcónaí úsáid a bhaint as na hacmhainní seo.
Tá an rialtas freagrach agus taiscéalaíocht agus táirgeadh mianraí, ola agus gáis a cheadúnú, a rialú agus a chur chun cinn, mar aon lenár n-iascach náisiúnta a bhainistiú, agus as cinnte a dhéanamh de ag an am céanna go n-íoslaghdaítear an tionchar ar an gcomhshaol.
Dá bhrí sin, is é an aidhm atá ag an rialtas sa réimse seo a chinntiú go n-úsáidtear agus go bhforbraítear na hacmhainní seo ar bhealach atá freagrach, táirgiúil agus inbhuanaithe do na glúnta amach anseo.
Déantar eolas d’fhorbairt inbhuanaithe na n-acmhainní seo trí eolas geolaíoch agus comhairle ardchaighdeáin agus iontaofa trí Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann agus a cláir ar nós INFOMAR agus TELLUS.
Tá sonraí ardchaighdeáin agus tacaíocht agus comhairle gheo-eolaíochta iontaofa ríthábhachtach chun an méid seo a leanas a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe:
Tá Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann (GSI) ar an ngníomhaireacht náisiúnta eolaíochta domhanda a ghníomhaíonn mar lárionad eolais agus mar chomhpháirtí tionscadail maidir le gach gné a bhaineann le geolaíocht na hÉireann.
Chomh maith leis sin, déanann sí óstáil ar an mbraisle de ghnólachtaí Geo-eolaíocht Éireann agus tacaíonn sí le taighde agus gníomhaíochtaí for-rochtana geo-eolaíochta in Éirinn agus déanann sí iad a chomhordú.
Trí thaiscéalaíocht mianraí a chur chun cinn in Éirinn, is féidir leis an rialtas ionchur na hearnála mianadóireachta don gheilleagar a uasmhéadú. Trí na rialúcháin agus beartais riachtanacha, is féidir leis a chinntiú freisin go n-íoslaghdaítear na tionchair shóisialta agus chomhshaoil.
Is é an earnáil phríobháideach a chuireann gníomhaíochtaí taiscéalaíochta agus mianadóireachta i gcrích faoi cheadúnais a eisíonn an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Tá próisis ar leith ag baint le Ceadúnais Sirtheoireachta (Taiscéalaíocht Mianraí) agus Saoráidí Mianadóireachta Stáit. Ní cheadúnaíonn an tAire cairéil chloiche, gaineamh, gairbhéal, cré agus cumascáin, seachas i gcás roinnt eisceachtaí.
Is iad príomhchuspóirí straitéiseacha an rialtais:
Léigh tuilleadh faoi Mianraí
Tá stoic éisc ina n-acmhainn náisiúnta nach mór a chaomhnú, a chosaint agus a úsáid ar bhealach cothrom agus inbhuanaithe. Tá sé mar fhreagracht ar an rialtas a chinntiú go ndéantar na hacmhainní seo a bhainistiú agus a fhorbairt ar bhealach ina dtugtar cosaint dóibh ar dhúshaothrú, truailliú agus díghrádú gnáthóige.
Cuirtear é sin i gcrích trí rialúchán agus creata ina ndéantar poitéinseal na hacmhainne a uasmhéadú, agus ag an am céanna, cinnte a dhéanamh de go gcloímid le reachtaíocht AE. Tá sé seo tacaithe ag ár ngníomhaireachtaí ar nós Iascach Intíre Éireann agus Gníomhaireacht na Lochanna agus trí sin, cinntítear inbhuanaitheacht na stoc éisc sa todhchaí.
Léigh tuilleadh faoi Iascach Intíre
Tá beartas na hÉireann maidir le taiscéalaíocht agus táirgeadh ola agus gáis suite laistigh le chreat níos leithne beartas a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide, slándáil fuinnimh agus úsáid a bhaint as acmhainní muirí ar bhealach inbhuanaithe.
Is é ról an rialtais beartas a fhorbairt, agus gníomhaíochtaí taiscéalaíochta agus táirgthe ola agus gáis a cheadúnú agus a rialú ar bhealach ina n-íoslaghdaítear an tionchar ar an gcomhshaol agus ina n-uasmhéadaítear na tairbhí don Stát ag an am céanna.
Léigh tuilleadh faoi Taiscéalaíocht agus Táirgeadh Ola agus Gáis
Tá limistéar muirí na hÉireann beagnach seacht n-oiread níos mó ná an mórchríoch, atá ar cheann de na cóimheasa idir muir agus talamh is mó atá ag ballstát ar bith den AE. Áirítear leis an limistéar sin na huiscí inmheánacha, farraigí teorann, limistéar eisiach eacnamaíochta (EEZ) agus an scairbh ilchríochach. Clúdaíonn sé beagnach 500,000 km2 agus síneann sé amach go 200 muirmhíle i roinn áiteanna. Tá an spás aigéin seo ina acmhainn náisiúnta ollmhór. Trí acmhainní a fhorbairt os cionn agus faoi bhun ghrinneall na farraige, d’fhéadfadh go leor tairbhí bheith i gceist d’Éirinn. Mar sin féin, ní mór é seo a dhéanamh ar bhealach pleanáilte d’fhonn an bhithéagsúlacht shaibhir a chosaint agus acmhainní a bhainistiú. Is é ról an rialtais, trí bheartas, pleanáil agus reachtaíocht, a chinntiú go ndéanfar acmhainní muirí na hÉireann a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe.
Léig tuilleadh faoi Pleanáil agus Forbairt Mhuirí