Bíonn ról gníomhach ag Éirinn sa domhan mór agus tá luach ollmhór leis an méid oibre a dhéanaimid ó thaobh gnóthaí idirnáisiúnta agus muid rannpháirteach in eagraíochtaí agus i dtionscnaimh iltaobhacha. Tá ár misean simplí ag croílár ár gcuid iarrachtaí: luachanna, leasanna agus leas geilleagrach na hÉireann agus mhuintir na hÉireann a chur chun cinn agus a chosaint
Agus an domhain ag aireachtáil níos lú ná riamh, ní mór dúinn a bheith in ann oibriú le tíortha eile a bhfuil leasanna den sórt céanna againn ar shaincheisteanna mar shíocháin agus slándáil, trádáil agus forbairt gheilleagrach. Tugann an bhallraíocht atá againn in eagraíochtaí idirnáisiúnta mar na Náisiúin Aontaithe agus an tAontas Eorpach guth dúinn sa phobal idirnáisiúnta agus ligtear dúinn leasanna na hÉireann a chur chun cinn agus a chosaint thar lear.
Bhí meas ar chearta an duine agus cur chun cinn chearta an duine ag croílár ár mbeartas gnóthaí eachtracha riamh anall agus leanfar ar aghaidh leis sin. Tugann toghadh na hÉireann chuig Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine ardán feiceálach dúinn chun abhcóideacht a dhéanamh ar chearta an duine sna blianta atá amach romhainn.
Comhsprioc de chuid na hÉireann agus ár gcomhpháirtithe san AE é síocháin agus slándáil a choimeád, mar a chumhdaítear i gCairt na Náisiún Aontaithe. Tá ár gcuid oibre i dtreo na sprice sin bunaithe ar an taithí ar choinbhleacht atá againn in Éirinn, ar bheartais seanbhunaithe a saothraítear lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta, agus tríd an méid a dhéanann Óglaigh na hÉireann go hidirnáisiúnta.
Tá ról lárnach ag Éirinn san Eoraip. Bíonn tionchar againn ar an AE tríd an ionchur a bhíonn againn ar bheartais eacnamaíocha agus sóisialta. Úsáidimid ár gcomhaltas den AE chun tionchar luachmhar a bheith againn ar ghnóthaí domhanda. Agus cuirimid leasanna na hÉireann chun cinn agus tugaimid cosaint do leasanna na hÉireann san AE trí obair Roinn an Taoisigh, le comhoibriú ón Roinn seo, a hAmbasáidí san Eoraip agus an Misean Buan don AE sa Bhruiséil.
Tá comhaltas na hÉireann sna Náisiúin Aontaithe lárnach dár mbeartas eachtrach ó chuamar isteach leo i 1955. Is é an prionsabal agus na luachanna a chumhdaítear i gCairt NA ná cinn a dhéanaimid ár ndícheall a chur chun cinn agus a chosaint i gcónaí.
Tá Éire tiomanta tacú le síocháin agus slándáil idirnáisiúnta agus é sin a chur chun cinn. Táimid tiomanta tacú le síocháin agus cobhsaíocht sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh. Oibrímid freisin chun caidrimh a threisiú leis na rialtais atá nuathofa go daonlathach sa réigiún.
Tá tiomantas don smacht reachta idirnáisiúnta cumhdaithe i mBunreacht na hÉireann agus is ceann de lárphrionsabail bheartas eachtrach na hÉireann é. Déanaimid idirbheartaíocht ar son na hÉireann ar chúrsaí dlíthiúla idirnáisiúnta agus ionadaíocht thar ceann na hÉireann in imeachtaí dlíthiúla idirnáisiúnta i bhfóraim idirnáisiúnta mar
Tá athnuachan geilleagar na hÉireann lárnach dár gcuid oibre, ag baile agus ar fud an líonra Ambasáidí leathan atá againn. Táimidne tiomanta Éire a chur chun cinn mar cheann scríbe don ghnó agus d’infheistíocht, don turasóireacht agus don oideachas, feabhas a chur ar ár gcáil thar lear agus ár n-oidhreacht cultúir uathúil féin a léiriú.
Leagtar amach sa straitéis, Éire Dhomhanda: An Beart a Dhéanamh i Réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise go 2025, na garspriocanna maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh Éire a caidreamh leis an réigiún seo — atá ag éirí níos tábhachtaí i rith an ama — a leagan amach sna blianta amach romhainn, agus maidir leis an gcaoi a ndíreoidh sí air.
Tar éis Ambasáidí nua a oscailt i Maracó (2021) agus sa tSeineagáil (2023), tá láithreacht taidhleoireachta na hÉireann ar mhór-roinn na hAfraice tar éis fás anois go 14 Ambasáid ó Chaireo go dtí Pretoria. Samhlaíodh an doimhniú seo ar nasc leis an Afraic faoi ‘Éire Dhomhanda: Straitéis na hÉireann don Afraic go dtí 2025’, a seoladh i mí na Samhna 2019.
Oibrímid le Rialtas na Breataine agus le páirtithe polaitiúla Thuaisceart Éireann chun athmhuintearas a chothú agus chun deiseanna do chomhoibriú Thuaidh/Theas a fhorbairt. Trí na hiarrachtaí sin, daingnítear an méid a bhain Comhaontú Aoine an Chéasta amach agus cinntítear gur féidir leis an oileán seo a lánacmhainneacht a bhaint amach.
Tá an t-ádh le hÉirinn go bhfuil diaspóra aici a dhéanann obair lena mbaineann brí don tír sin againne, cibé má bhaineann sin le cur le forbairt eacnamaíoch, ag cur le feasacht ar ár gcultúr nó íomhá dhearfach a chothú d’Éirinn sna háiteanna a bhfuil siad ag cur fúthu anois. Táimidne tiomanta aitheantas a thabhairt dá n-iarrachtaí sin trí bheith rannpháirteach leo go praiticiúil agus go straitéiseach araon.
Oibríonn clár cúnaimh oifigiúil forbartha Rialtas na hÉireann (COF) thar ceann mhuintir na hÉireann chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht, ocras agus neamhionannas i gcuid de na tíortha is boichte ar domhan agus is cuid lárnach de bheartas eachtrach na hÉireann é.