Tríd an oideachas ar fheabhas agus nuálach agus tríd an oiliúint éascaítear an duine aonair chun a lán-acmhainneacht a bhaint amach tríd an bhfoghlaim chun cur le forbairt shóisialta, eacnamaíoch agus chultúrtha na hÉireann.
I gcóras oideachais agus oiliúna na hÉireann cuimsítear oideachas na luathbhlianta, an bunoideachas agus an t-iar-bhunoideachas, an breisoideachas agus an bhreisoiliúint agus an t-ardoideachas, lena n-áirítear tacaíochtaí do thaighde agus oideachas idirnáisiúnta.
Tá an t-oideachas státmhaoinithe ar fáil ag gach leibhéal, ach amháin má roghnaíonn tú do pháiste a sheoladh chuig institiúid phríobháideach.
Is éigeantach an rud é an t-oideachas do pháistí idir 6 agus 16 bliana d’aois nó go dtí go gcuireann daltaí deireadh le 3 bliana den iar-bhunoideachas. Freastalaíonn an chuid is mó de pháistí ar scoileanna státmhaoinithe ach cuirtear oideachas ar roinnt acu sa bhaile agus i scoileanna neamhaitheanta, (sampla: bunscoil phríobháideach).
Is í 6 bliana d’aois an aois éigeantach tosú ar an oideachas in Éirinn. Is roghnach iad na foirmeacha réamhscolaíochta go léir.
Go ginearálta, soláthraítear cúram agus oideachas na luath-óige (COLÓ) taobh amuigh den chóras oideachais foirmiúil, tríd an earnáil phríobháideach, pobail éagsúla agus an earnáil dheonacha a bhféadfaí cur síos a dhéanamh orthu mar naíolanna, naíonraí, réamhscoileanna, naíonraí (réamh-scoileanna lán-Ghaeilge), grúpaí súgartha agus seirbhísí cúraim lae.
Is é Aistear an creatchuraclam do pháistí in Éirinn ó bhreith go sé bliana d’aois. Is féidir Aistear a úsáid i réimse suíomhanna luath-óige, lena n-áirítear tithe na bpáistí féin, suíomhanna feighlíochta leanaí, suíomhanna cúram lae lán-aimseartha agus páirt-aimseartha, seirbhísí seisiúnacha agus ranganna naíonán ar an mbunscoil.
Baineann sé leas as ceithre théama idirnasctha chun cur síos a dhéanamh ar ábhar fhoghlaim agus forbairt na leanaí:
Déantar Cigireachtaí atá dírithe ar an Oideachas sna Luathbhlianta i seirbhísí luathbhlianta atá rannpháirteach i gClár Cúram agus Oideachas na Luathóige. Is clár é seo lena soláthraítear tréimhse chúram agus oideachas Luathóige saor in aisce do leanaí roimh dóibh tosú ar an scoil. Leigh nios mo
Cé nach bhfuil gá le páistí freastal ar an scoil go dtí go bhfuil siad 6 bliana d’aois, tá formhór na bpáistí ag freastal ar scoil ó aois 5 bliana. Sa bhunoideachas tá sraith a mhaireann 8 mbliana: naíonáin shóisearacha, naíonáin shinsearacha, agus rang a haon go dtí rang a sé. Tá gach páiste in Éirinn i dteideal bunoideachas saor in aisce.
Tá pátrún, ag gach bunscoil in Éirinn, a bhfuil sé mar ról aige éiteas na scoile a shocrú. I mbunús na scoileanna tá bord bainistíochta ann a ainmnítear tríd an bpátrún chun an scoil a bhainistiú. Ar bhord bainistíochta na scoile tá baill a ainmnítear trí phátrún na scoile, tuismitheoirí leanaí atá ag freastal ar an scoil, an príomhoide agus ball den fhoireann teagaisc agus comhaltaí pobail.
Is iondúil go bhfreastalaíonn páistí ar an scoil áitiúil. Aimsigh scoileanna i do cheantar. Is féidir leat do pháiste a chur chuig do rogha bunscoile, a fhad agus atá spás ann dó. Cé gur féidir le mórchuid na scoileanna gach páiste dá gcuirtear iarratas isteach a chur ar rolla na scoile, níl aon ráthaíocht spáis ann sa scoil áitiúil. Is féidir tuilleadh a léamh ar ár leathanach maidir leis an Rollú Scoile.
Bíonn scoileanna ar oscailt ón Luan go dtí an Aoine. De ghnáth cuirtear tús le ranganna idir 8:30am agus 9:30am. Maireann an lá bunscoile 5 huaire agus 40 nóiméad. D’fhéadfaí gur giorra é an lá scoile do pháistí sna ranganna naíonán. Chun breis eolais a fháil, lena n-áirítear dátaí laethanta saoire na Nollag, na Cásca agus an mheántéarma, féach an leathanach Laethanta Saoire Scoile Dátaí.
Tá sé mar aidhm ag curaclam na bunscoile taithí leathan foghlama a chur ar fáil agus spreagtar réimse leathan cur chuige i dtaca leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim lena bhfreastalaítear ar riachtanais éagsúla an pháiste aonair. Dearadh curaclam na bunscoile chun an páiste a chothú i ngach gné dá shaol – an spioradáltacht, an mhoráltacht, an chognaíocht, na mothúcháin, an tsamhlaíocht, an t-aeistéiteachas, an sóisialú agus an fhisiciúlacht.
Baintear leas as trialacha caighdeánaithe chun gnóthachtáil an pháiste sa léitheoireacht agus sa mhatamaitic a mheas agus chun dul chun cinn an pháiste sna hachair sin a dhearbhú. Tá tábhacht ag baint leis an eolas a bhailítear ó na trialacha, i bhfianaise ról croílárnach na litearthachta agus na huimhearthachta chun páistí a chur ar a gcumas rochtain a fháil ar an gcuraclam iomlán.
Cuireann An Roinn Oideachais iallach ar gach bunscoil trialacha caighdeánaithe a riaradh idir an tréimhse Bealtaine/Meitheamh le haghaidh gach dalta i rang 2, i rang 4 agus i rang 6.
Bunscoileanna: féach Trialacha Caighdeánaithe i mBunscoileanna le haghaidh tuilleadh eolais maidir le tuairisceáin na dtrialacha caighdeánaithe.
Freastalaíonn páistí idir 12 agus 18 mbliana d’aois nó mar sin ar an iar-bhunscoil. Is í 16 bliana d’aois nó 3 bliana tar éis tús a chur leis an iar-bhunoideachas an aois íosta fágála scoile, cibé acu is déanaí.
Is é pátrún, na scoile an comhlacht trína mbunaítear an scoil agus is tríd a fheidhmíonn sí. Ceapann an pátrún Bord Bainistíochta na scoile agus tá sé freagrach as spiorad agus as éiteas sainiúil na scoile.
Déantar Scoileanna Pobail a bhunú trí phátrún príobháideach amháin nó níos mó, nó pátrúin chreidimh in éineacht le pátrún BOO, nó mar thoradh ar chónascadh scoileanna ón earnáil dheonach agus scoileanna BOO.
Is iar-bhunscoileanna faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht phríobhaideach iad Meánscoileanna Deonacha, agus de ghnáth bíonn siad faoi phátrúnacht chomhlachta aonair amhail pobal creidimh, iontaobhas carthanachta, nó comhlacht carthanachta príobháideach.
Déanann an Roinn Oideachais na coláistí pobail, na scoileanna pobail agus na meánscoileanna deonacha a mhaoiniú agus soláthraíonn sí an curaclam iar-bhunscoile arna dhearbhú ag an Aire Oideachais mar aon le siollabais, treoirlínte do mhúinteoirí, ciorcláin chuig scoileanna agus ábhar forordaithe do na scrúduithe.
Is féidir leat do pháiste a chur chuig do rogha iar-bhunscoile, a fhad agus atá spás ann dó. Aimsigh scoileanna i do cheantar. Cé gur féidir le mórchuid na scoileanna gach páiste dá gcuirtear iarratas isteach a chur ar rolla na scoile, níl aon ráthaíocht spáis ann sa scoil áitiúil. Is féidir tuilleadh a léamh ar ár leathanach maidir leis an Rollú Scoile.
Bíonn scoileanna ar oscailt ón Luan go dtí an Aoine. De ghnáth cuirtear tús le ranganna idir 8:30am agus 9:30am. 6 huaire a chloig an méid íosta uaireanta teagaisc sa lá agus 28 n-uaire a chloig an méid íosta uaireanta teagaisc sa tseachtain. Chun breis eolais a fháil, lena n-áirítear dátaí laethanta saoire na Nollag, na Cásca agus an mheántéarma, féach an leathanach Laethanta Saoire Scoile Dátaí.
Is é atá i gceist le hoideachas iar-bhunscoile Sraith Shóisearach 3 bliana, agus ina dhiaidh sin Sraith Shinsearach dhá bhliain nó trí bliana, ag brath ar an idirbhliain roghnach a bheith déanta idir an tSraith Shóisearach agus an tSraith Shinsearach.
Freastalaíonn an tSraith Shóisearach ar scoláirí atá go hiondúil san aoisghrúpa 12 go 15 bliana d’aois. Cuireann an Creat don tSraith Shóisearach , an bunús ar fáil d’iar-bhunscoileanna chun cláir oideachais ardchaighdeáin, chuimsitheacha agus iomchuí a phleanáil ina bhfuil eispéiris foghlama fheabhsaithe do na scoláírí ar fad, iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu san áireamh. Bíonn scrúduithe na Sraithe Sóisearaí ar siúl ag deireadh an tríú bliain den tSraith Shóisearach in iar-bhunscoileanna, Reáchtáiltear scrúduithe na Sraithe Sóisearaí ag deireadh an tríú bliain den tSraith Shóisearach in iar-bhunscoileanna agus ag an deireadh bronntar Próifíl Próifíl Ghnóthachtála scoilbhunaithe na Sraithe Sóisearaí (PGSS) .
Freastalaíonn an tSraith Shinsearach ar scoláirí atá go hiondúil san aoisghrúpa 15 go 18 mbliana d’aois. San áireamh inti tá idirbhliain (TY) roghnach atá ann díreach i ndiaidh na Sraithe Sóisearaí. Cuireann TY an deis ar fáil do scoláirí taithí a fháil ar réimse leathan ionchur oideachais, thar thréimhse bliana atá saor ó scrúduithe foirmiúla. Is clár dhá bhliain atá i gceist leis an Ardteistiméireacht Sheanbhunaithe a bhfuil mar aidhm aici oideachas leathan agus cothromaithe a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí, agus ag an am céanna roinnt speisialachais a thairiscint i dtreo rogha gairme ar leith. Déantar measúnú ar ábhair trí scrúdpháipéar agus trí mhodhanna measúnaithe breise lena n-áirítear béaltrialacha agus trialacha cluastuisceana, scrúduithe praiticiúla agus measúnú ar obair chúrsa phraiticiúil ag deireadh an dá bhliain den staidéar. Is féidir úsáid a bhaint as feidhmíocht sa scrúdú chun críocha roghnúcháin le haghaidh fostaíochta, agus le haghaidh breisoideachais agus ardoideachais. Léigh níos mó.
Ó thaobh na scrúduithe ag deireadh na Sraithe Sóisearaí agus na Sraithe Sinsearaí, is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit atá freagrach as forbairt, measúnú, creidiúnú agus teastasú scrúduithe na Sraithe Sóisearaí agus scrúduithe na hArdteistiméireachta.
Is clár 2 bhliain í an Ardteistiméireacht Bhunaithe a bhfuil sí mar aidhm aici oideachas leathan, cothrom a sholáthar agus roinnt speisialaithe a thairiscint i dtreo rogha slí bheatha áirithe. Déantar na hábhair a mheas trí pháipéar scrúdaithe agus trí mhodhanna breise meastóireachta lena n-áirítear scrúduithe béil agus éisteachta, scrúduithe praiticiúla agus meastóireacht ar obair chúrsa phraiticiúil ag deireadh an chláir staidéir dhá bhliain. Leis an bhfeidhmíocht féadfar an scrúdú a úsáid ar mhaithe leis an roghnúchán chun fostaíochta, agus i dtreo an bhreisoideachais agus an ardoideachais.
Sa chlár 2 bhliain seo, cuirtear le láidreachtaí acadúla na hArdteistiméireachta trí dhíriú idirghníomhach ar an bhfoghlaim féintreoraithe, ar an bhfiontraíocht, ar an obair agus ar an bpobal Léigh tuilleadh
Is cúrsa Ardteistiméireachta a dhéantar thar 2 bhliain í an Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus cuirtear ar fáil í do dhaltaí ar mian leo clár a dhéanamh atá dírithe ar an bpraiticiúlacht nó ar an ngairmiúlacht. Cuimsítear réimse cúrsaí san Ardteistiméireacht Fheidhmeach a bhfuil 3 ghné mar chreat timpeall uirthi: Ullmhú le haghaidh Gairme; Gairmoideachas; agus Oideachas Ginearálta. Léigh tuilleadh
Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit atá freagrach as forbairt, meastóireacht, creidiúnú agus teastasú scrúduithe na sraithe sóisearaí.
Is bunphrionsabal dár gcóras oideachais agus oiliúna é an t-oideachas ionchuimsitheach – córas ina gcuirtear fáilte roimh fhoghlaimeoirí agus a théann i ngleic leo, lena n-áirítear leo siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus le foghlaimeoirí atá buailte leis an míbhuntáiste.
Cuirimid an dalta i gcroílár na straitéise oideachais agus na forbartha beartais agus is mór againn an fhoghlaim mar leas an phobail mar gheall ar an ról lárnach atá aici i bhforbairt, i gcomhtháthú agus i bhfolláine na sochaí chuimsithí.
Ba chóir go mbeadh deis ag an uile fhoghlaimeoir a bharr feabhais a bhaint amach, agus tá an rialtas tiomanta cabhrú a thabhairt dóibh Léigh tuilleadh
Déantar caighdeán agus cáilíocht an tsoláthair oideachais i gcórais oideachais na hÉireann a dhearbhú trí roinnt gnéithe, lena n-áirítear cigireachtaí i suíomhanna luathfhoghlama, i scoileanna agus in ionaid oideachais.
Cuirtear cigireachtaí i gcrích chun cáilíocht an teagaisc agus na foghlama a fheabhsú do leanaí agus do dhaoine óga i scoileanna na hÉireann, in ionaid oideachais agus i suíomhanna eile agus chun tacú le córas oideachais na hÉireann a fhorbairt. Baineann Cigireacht na Roinne Oideachais an méid sin amach trí mheastóireacht ar ardchaighdeán, anailís, thacaíocht agus chomhairle a sholáthar i dtaca leis an soláthar oideachais, ach go háirithe sna luathbhlianta agus ag leibhéil na bunscolaíochta agus na hiar-bhunscolaíochta. Déanann cigirí comhairle a sholáthar do lucht déanta beartas sa roinn agus don chóras oideachasúil níos leithne maidir le raon de cheisteanna oideachais. Féach tuilleadh:
Is le comhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear An tAontas Eorpach, Comhairle na hEorpa, ECFE agus EOECNA, a bhíonn An Roinn Oideachais ag obair d’fhonn cur leis an gcomhar idirnáisiúnta maidir le beartais san oideachas agus san oiliúint Léigh tuilleadh
Is grúpa d’oifigigh shinsearacha ó líon rannóg de chuid na Roinne Oideachais atá sa Ghrúpa Feabhsúchain Scoile (GFS). An phríomhfheidhm atá leis ná chun déileáil go díreach le scoileanna agus pátrúin i líon beag scoileanna a bhfuil deacrachtaí suntasacha acu i ngnéithe áirithe dá gcuid oibre. Is é cuspóir an GFS ná tacaíocht a thabhairt don phróiseas agus monatóireacht a dhéanamh air ina bhfuil na scoileanna seo ag obair i dtreo feabhsúcháin. Ní fheidhmíonn an GFS as féin, tá sé mar chuid de chontanam iomlán tacaíochtaí atá ar fáil do na scoileanna uile chun cuidiú leo feabhas a chur ar chaighdeán a gcuid oibre.
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais