Cuireann an tAire Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí fáilte roimh fhógairt na n-iarrthóirí rathúla do Thogra Rianta Siúlóide an CLG
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireann an tAire Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Hildegarde Naughton, agus Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Larry McCarthy, fáilte roimh fhógairt na n-iarrthóirí rathúla do Thogra Rianta Siúlóide an CLG. Is é aidhm an mhaoinithe aonuaire seo de €815,000, arna chur ar fáil ag Éire Shláintiúil, ná rochtain níos fearr a chur ar fáil do níos mó daoine ar rianta siúlóide pobail ar thailte CLG.
Dúirt an tAire Naughton:
"Tá ríméad orm na clubanna rathúla a fhógairt, a bhí mar chuid den togra tairbheach seo. Is páirtí seanbhunaithe é Éire Shláintiúil leis an Togra Club Sláintiúil de chuid an CLG agus Irish Life, agus tacaíonn sé le hiarrachtaí an CLG clubanna a athrú ina moil don tsláinte ina bpobail. Tagann sé seo ar fad go mór le clár oibre Éire Shláintiúil.
"Tá an CLG tar éis a ndoirse a oscailt dá bpobail áitiúla le blianta beaga anuas, go háirithe faoin togra 'Ireland Lights Up". Tá ról thar a bheith luachmhar acu i gcothú naisc shóisialta agus trí rochtain ar a n-áiseanna a mhéadú tá siad ag cabhrú le sláinte agus folláine gach duine a bhaineann úsáid astu a fheabhsú.
"Ba mhaith liom na clubanna a mholadh as an gcúnamh ionatch a thugann siad dá bpobail agus ba mhaith liom mo chuíochas a ghabháil leis an CLG as a n-obair shuntasach sa phróiseas."
I gcomhar le hÉire Shláintiúil, cuireadh maoiniú de €815,000 ar fáil trí phróiseas iarratais iomaíoch le clubanna CLG, Camógaíochta agus Peil na mBan cleamhnaithe sna 26 contae chun rianta súilóide atá ar thailte an chlub a uasdátú.
Fuarthas beagnach 340 iarratas agus tar éis measúnú cuimsitheach ó choiste roghnaithe, d'éirigh le 54 club trasna 26 contae.
Duirt Uachtarán an CLG Larry McCarthy:
"Tá an CLG ag croí gach pobal ina bhfuil siad, agus tugann an maoiniú seo ó Éire Shláintiúil deis do chlubanna a dtionchar a mhéadú trí infreastruchtúr siúlóide a fheabhsú, rud a chruthaíonn spásanna sábháilte cuimsitheacha do dhaoine de gach aois agus cumas.
Trí uasghrádú ar nós soilsiú agus dromchlaí feabhsaithe a chur ar fáil, tá ár gclubanna ag cabhrú le daoine fanacht gníomhach ó cheann ceann na bliana. Leiríonn líon ard na n-iarratas go bhfuil an t-éileamh ar na háiseanna seo, go háirithe i gceantair tuaithe a bhfuil rochtain ar spásanna sábháilte chun siúl teoranta."
Dúirt ceannasaí Éire Shláintiúil, Tom James:
"Tá an-mheas againn ar an gcomháirtíocht láidir atá againn leis an CLG agus tacaímid go hiomlán lena dtiomantas cuimsitheach dá bpobail, a théann i bhfad níos faide ná an spórt.
"Tá buntaistí láithreacha agus follasacha ag tograí mar seo do gach duine idir óg agus aosta trí spás sábháilte a chur ar fáil don aclaíocht, go háirithe do dhaoine nach bhfuil, b'fhéidir, in ann teacht ar áiseanna aclaíochta eile.
"Is sampla den scoth é de phrionsabail Éire Shláintiúil faoi lán seoil, agus é ag cur le cumas daoine agus pobail aire níos fearr a thabhairt dá sláinte agus folláine."