Preasráitis
Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Luain, an 5 Aibreán 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor cuireadh aon bhásanna a bhaineann le COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) inniu.
Tá 4,718 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh, an 4 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 320 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 238,466* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
Amhail an 2 Aibreán 2021, tugadh 923,878 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH