Tugann an tAire Humphreys cuairt ar scoil i Muineachán chun aitheantas a thabhairt do sheoladh an Chláir maidir le Béilí Teo Scoile
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug Heather Humphreys TD, an tAire Coimirce Sóisialaí, cuairt ar scoil Naomh Comgall i Muineachán inniu. Ceapadh an scoil le haghaidh an Chláir maidir le Béilí Teo Scoile le gairid mar chuid den leathadh le deireanas a rinneadh ar an gclár.
Ón 8 Aibreán, tá 150,000 páiste sa breis ag baint tairbhe as Béilí Teo cothaitheacha ar fud na hÉireann. Áirítear leis sin os cionn 5,000 dalta i 36 scoil i gCo. Mhuineacháin.
Chomh maith leis sin, d’fhógair an tAire Humphreys gur féidir le haon cheann de na Bunscoileanna atá fágtha, iad siúd nár chláraigh sa scéim go fóill, spéis a léiriú chun Béilí Teo Scoile a fháil. Gheobhaidh gach scoil atá fágtha foirm ‘Léiriú Spéise’ go gairid. Ba chóir an fhoirm sin a sheoladh ar ais chuig EOISchoolmeals@welfare.ie
Ag labhairt di le linn cuairte ar scoil Naomh Comgall i gCluain Eois, Co. Mhuineacháin, dúirt an tAire Humphreys:
“Is cúis áthais dom é gur ceapadh 27 Bunscoil sa bhreis i Muineachán le haghaidh an Chláir maidir le Béilí Teo Scoile. Dála Scoil Naomh Comgall, tá a lán de na scoileanna sin ag soláthar béilí téo dá gcuid daltaí cheana féin. Mar gheall ar an gceapadh seo, is é 36 scoil an líon iomlán scoileanna sa chontae atá gníomhach sa chlár anois.
“Nuair a ceapadh mé mar Aire Coimirce Sóisialaí i mí an Mheithimh 2020, bhí 30 scoil ar fud na tíre ag fáil Béilí Teo. Fágann an fógra a rinneadh le deireanas go bhfuil os cionn 2,000 Bunscoil in ann leas a bhaint as an gClár maidir le Béilí Teo Scoile anois. Tá an méid sin i bhfad Éireann chun cinn ar an mbunsprioc a bhí againn i dtús aimsire, Béilí Teo Scoile a bheith ar fáil do chách faoi 2030.
“Tá sé mar sprioc agam go mbeadh gach dalta bunscoile sa tír ag fáil béile te in 2025, rud a chinnteoidh go mbeidh teacht ag na páistí ar bhia rialta cothaitheach chun tacú leo leas iomlán a bhaint as an oideachas atá á chur ar fáil dóibh.”
Tugadh an Clár maidir le Béilí Teo Scoile isteach in 2019 mar scéim bheag phíolótach ar ghlac 30 scoil páirt inti agus tá fás suntasach tagtha air le blianta beaga anuas agus os cionn 2,000 bunscoil anois i dteideal páirt a ghlacadh sa chlár.
Anuraidh, chuir an tAire Humphreys in iúl go raibh sé ar intinn aici Clár na mBéilí Scoile Teo a rolladh amach chuig gach Bunscoil. Mar chuid den phlean leathnaithe suntasach seo, chuathas i dteagmháil le gach Bunscoil a bhí fágtha agus iarradh orthu foirm léirithe spéise a chur isteach má tá suim ag a scoil tús a chur le soláthar na mBéilí Teo.
Rinne tuairim is 900 Bunscoil iarratas ar an gClár maidir le Béilí Teo Scoile i ndáil le 150,000 páiste agus tugadh faomhadh do na scoileanna sin chun páirt a ghlacadh sa Chlár maidir le Béilí Teo Scoile.
Soláthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí an maoiniú do scoileanna le haghaidh Chlár na mBéilí Scoile, agus tá sé de fhreagracht ar gach scoil a soláthraí a roghnú ar bhealach oscailte, cothrom agus trédhearcach de réir na reachtaíochta náisiúnta agus threoracha an AE ar sholáthar.
Is éard is cuspóir leis an gClár maidir le Béilí Scoile, ná bia rialta cothaitheach a sholáthar do pháistí chun tacú leo leas iomlán a bhaint as an oideachas atá á chur ar fáil dóibh. Is cuid thábhachtach den Chlár é, tinreamh scoile agus gnóthachtáil oideachais sa bhreis, a spreagadh.
Tugadh isteach gné na mBéilí Scoile Teo in 2019 agus tá fás suntasach tagtha uirthi ó scéim phíolótach bheag a bhain le 30 scoil. Fágann an fógra a rinneadh le deireanas gurb é 2,000 scoil líon iomlán na scoileanna atá in ann tairbhe a bhaint as an gClár maidir le Béilí Teo Scoile ón 8 Aibreán 2024.
Beidh deis anois ag gach Bunscoil eile Léiriú Spéise a chur isteach maidir le Béilí Scoile Teo a fháil.