Méadú ar mhaoiniú fógartha ag an Aire Joe O’Brien do nach mór 400 eagraíocht phobalbhunaithe
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fógartha inniu (Luan, 30 Eanáir) ag an Aire Forbartha Pobail, Lánpháirtíochta agus Carthanas Joe O’Brien go bhfaighidh beagnach 400 eagraíocht phobail maoiniú breise faoin gClár Seirbhísí Pobail.
Tionscnamh atá sa Chlár Seirbhísí Pobail a dearadh le tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí pobalbhunaithe, fiontair shóisialta agus eagraíochtaí a chuireann seirbhísí áitiúla ar fáil chomh maith le deiseanna fostaíochta dóibh siúd atá faoi mhíbhuntáiste.
Mar chuid den fhógra inniu tá eolas maidir le conarthaí nua a bhronnadh agus a eisiúint mar aon le rátaí athbhreithnithe maoinithe de réir an Chláir.
Gheobhaidh chóir a bheith 400 ceann de na heagraíochtaí seo maoiniú breise faoi na conarthaí nua seo.
Feabhas eile atá curtha ar an gclár ná go bhféadfaidh eagraíochtaí ranníocaíocht iomlán a tharraingt anuas bunaithe ar 37.5 uair an chloig sa tseachtain an t-oibrí seachas 39 uair an chloig mar a bhí i gceist roimhe seo.
An toradh a bheidh ar an tsamhail nua chun ráta maoinithe a leithdháileadh ná go dtiocfaidh méadú breis agus €5 mhilliún ar thacaíocht na Roinne don chlár gur beagnach €49 milliún a bheidh ann.
Cuirfear méadú €4,000 ar fáil le haghaidh poist lánaimseartha agus bainisteora i gcás eagraíochtaí a meastar ‘riachtanas ard maoinithe’ a bheith acu.
I gcás eagraíochtaí a meastar ‘riachtanas meánleibhéil maoinithe’ a bheith acu, cuirfear méadú €2,000 ar fáil in aghaidh an phoist lánaimseartha agus an bhainisteora.
Ní thiocfaidh aon athrú ar chúrsaí i dtaca leis an líon beag eagraíochtaí a meastar riachtanas íseal maoinithe a bheith acu, na heagraíochtaí siúd is láidre ó thaobh cumas ioncam a thuilleamh de atá ag feidhmiú i gceantair nach bhfuil faoin oiread céanna de mhíbhuntáiste.
Seo mar a labhair an tAire Stáit Joe O’Brien:
“Táim an-sásta a fhógairt go bhfaighidh 167 eagraíocht an ráta níos airde maoinithe, go bhfaighidh 230 eagraíocht an meánráta maoinithe, agus gur 23 eagraíocht go díreach a bheidh ag leanúint ar aghaidh ar an ráta maoinithe atá acu faoi láthair. Beidh an méadú seo ar mhaoiniú ina chuidiú ag eagraíochtaí pobail a bhfuil cumas teoranta acu ioncam a thuilleamh atá ag obair i gceantair faoi mhíbhuntáiste le fostaíocht a chur ar fáil agus iad ag dul i ngleic leis na dúshláin airgeadais atá rompu.”
Dúirt an tAire O’Brien chomh maith go bhfógrófaí glao nua ar iarratais faoin CSP roimh i bhfad:
“Cúis sásaimh dom go bhfuilim in ann an clár a oscailt chun glacadh le hiarratais nua. Tá na socruithe á gcur i gcrích againn faoi láthair agus eiseofar tuilleadh sonraí gan mhoill. Beidh mo roinn féin i dteagmháil leis na heagraíochtaí ar fad a bhfuil suim léirithe acu in iarratas a dhéanamh mar chuid den ghlao úr seo.”
Tugtar tacaíocht d’eagraíochtaí pobalbhunaithe faoin gClár Seirbhísí Pobail (CSP) faoi láthair le seirbhísí áitiúla sóisialta, geilleagracha agus comhshaoil a chur ar fáil bunaithe ar shamhail fiontair shóisialta. Cuirtear ranníocaíocht ar fáil a íocann as cuid den chostas as baill foirne in eagraíochtaí dá bhfaightear tacaíochta ón CSP. Tugtar tacaíocht go hiondúil d’eagraíochtaí freastal ar bhearnaí áitiúla seirbhíse agus le seirbhísí agus áiseanna a chur ar fáil nach mbeadh fáil orthu seachas sin. Go dtí an 31 Nollaig 2022 chuirtí ranníocaíocht €19,033 ar fáil i leith gach post coibhéise lánaimseartha a fhostú agus €32,000 in aghaidh an bhainisteora.
Fuarthas Indecon International Economic Consultants leis an athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar an CSP. Foilsíodh an tuarascáil deiridh go mall i Meán Fómhair 2020. Ó shin, tá obair déanta ag an roinn agus ag Pobal chun an clár a athstruchtúrú i gcomhar le Grúpa Comhairliúcháin a raibh páirtithe leasmhara ann le heolas agus tuairimí a thabhairt ar ghnéithe éagsúla den chlár.
Déanfar eagraíochtaí atá cheana ann dá dtugtar tacaíocht ón CSP a aistriú chun an CSP athstruchtúraithe in Eanáir 2023. Roimhe sin go léir, ós rud é gur tháinig deireadh le gach conradh an 31 Nollaig 2022, b’éigean do gach eagraíocht atá cheana ann iarratas nua arís ar phróiseas iarratais ar líne. Rinne Pobal na hiarratais a mheas, an dream a dhéanann an clár a riar thar ceann na roinne. Mhol an roinn gur chóir na leithdháiltí athbhreithnithe maoinithe agus aistriú na n-eagraíochtaí chun an chláir athstruchtúraithe a chur i bhfeidhm ó Eanáir 2023 ar aghaidh.
Ní hionann an ranníocaíocht ón CSP agus an pá íosta agus ní íocann an ranníocaíocht as costas iomlán tuarastail na bpost dá dtugtar tacaíocht. Ranníocaíocht sheasta bhliantúil atá ann mar chabhair i leith costais tuarastail bainisteoirí agus fostaithe dá dtugtar tacaíocht. Caithfidh an eagraíocht féin cómhaoiniú a chur le ranníocaíocht an CSP ó fhoinsí eile, mar shampla, ioncam a thuilltear ó úsáid an phobail as áiseanna agus seirbhísí na heagraíochta.
Mar chuid den phróiseas athstruchtúraithe, táthar ag tabhairt isteach samhail nua chun ráta maoinithe a leithdháileadh mar mhalairt rogha ar an tsamhail reatha íocaíochta, is é sin ráta comhréidh. Is iad na heagraíochtaí CSP atá ag obair i gceantair atá faoi an-mhíbhuntáiste, atá ag fostú daoine ó spriocghrúpaí forordaithe an chláir agus a bhfuil cumas teoranta ioncam a thuilleamh a bhainfidh leas as catagóir an ráta níos airde maoinithe.
Fógraíodh na rátaí athbhreithnithe maoinithe a mbeidh feidhm leo ó Eanáir 2023 ar aghaidh faoin gclár athstruchtúraithe ar an 20 Deireadh Fómhair. Tá méadú iomlán €4,000 á chur ar fáil do phoist lánaimseartha agus do bhainisteoirí i gcás na n-eagraíochtaí sin sa chatagóir ard ó thaobh maoinithe de, agus méadú €2,000 ar fáil do phoist lánaimseartha agus do bhainisteoirí i gcás na n-eagraíochtaí sa mheánchatagóir ó thaobh maoinithe de.
Ní mholtar aon athrú a dhéanamh ar an líon beag eagraíochtaí atá sa chatagóir íseal ó thaobh maoinithe de a bheith acu, is iad sin na heagraíochtaí siúd is láidre ó thaobh cumas ioncam a thuilleamh de atá ag obair i gceantair nach bhfuil faoin oiread céanna de mhíbhuntáiste.
Tá na leithdháiltí athbhreithnithe sa tábla seo.
An ráta iomlán | An ráta nua i gcoibhéis lánaimseartha | An ráta nua in aghaidh an bhainisteora | |
Ard | 8-10 (80% go 100%) | €23,033 | €36,000 |
Meán | 5-7 (50% go 79%) | €21,033 | €34, 000 |
Íseal (rátaí reatha) | 0-4 (0% go 49%) | €19,033 (gan athrú) | €32,000 (gan athrú) |
Beidh deis ag eagraíochtaí achomharc a dhéanamh ar a gcinneadh bunaithe ar chúiseanna faoi leith. Beidh an réiteach ar líne don phróiseas achomhairc ar fáil le linn na seachtaine dar tús an 13 Feabhra 2023.
Moladh sa tuarascáil ó Indecon Fochláir dírithe ar phríomhchuspóirí straitéiseacha a chur isteach in áit na snáitheanna reatha atá ann faoin CSP. Beidh trí Fhochlár faoi leith ann mar chuid den chlár athstruchtúraithe:
Níl aon athrú tagtha ar bhunphrionsabail an chláir. Beifear ag leanúint ar aghaidh faoin gclár chun tacú le deiseanna fostaíochta dóibh siúd is lú a bheadh ag plé le margadh an tsaothair. Beidh an clár ag díriú ar cheantair atá faoi mhíbhuntáiste agus ar sheirbhísí a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste.
Tabharfar tacaíocht do thionscnaimh faoi stiúir an phobail chun dul i ngleic le riachtanais shonraithe.
Is iad seo cuspóirí straitéiseacha nua an Chláir: