Fógraíonn an tAire Stáit Joe O’Brien oscailt na n-iarratas le haghaidh Ciste Lánpháirtíochta na bPobal 2024
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit um Lánpháirtíocht, Joe O’Brien, €500,000 de mhaoiniú inniu faoi Chiste Lánpháirtíochta na bPobal 2024.
Leis an CLP, cuirtear eagraíochtaí pobalbhunaithe ar fud na hÉireann ar a gcumas tógáil ar a gcuid oibre ríthábhachtaí maidir le teagmháil a dhéanamh le himircigh agus chun cabhrú le himircigh lánpháirtíocht i bpobail áitiúla a bhaint amach. Gheobhaidh eagraíochtaí a n-éiríonn leo sa phróiseas roghnaithe maoiniú deontais de €1,000 – €5,000 chun tacú le tionscnaimh áitiúla i dtaca le lánpháirtíocht.
Is ciste tábhachtach é Ciste Lánpháirtíochta na bPobal (CLP); a thacaíonn le réimse leathan grúpaí pobail atá ag obair in go leor bealaí éagsúla chun cabhrú i dtaca leis an ilchineálacht shaibhir chultúrtha laistigh de phobail áitiúla a cheiliúradh agus chun tacú léi.
Tá an fógra maidir le Ciste Lánpháirtíochta na bPobal ar an dara ceann de shraith fógraí atá ar na bacáin roimh dheireadh mhí na Bealtaine. Beidh sé mar aidhm ag an sraith maoinithe tacú le grúpaí pobail a bhí gníomhach maidir le tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh lánpháirtíochta i bpobail áitiúla ar fud na tíre.
Dúirt an tAire Stáit Joe O’Brien:
“Tá ríméad orm seoladh Chiste Lánpháirtíochta na bPobal 2024 a fhógairt. Léiríodh go bhfuil an CLP thar a bheith éifeachtach maidir le tacaíocht a thabhairt do thionscadail bheaga áitiúla a chabhraíonn leis an bhfáilte a chuirtear roimh dhaoine a tháinig chun na tíre seo le déanaí a mhéadú sna pobail.
Tá na tionscnaimh lena dtacaítear faoin CLP ilchineálach agus nuálach agus tá grúpaí pobail de gach méid ar fud na hÉireann á gcur i gcrích. Grúpaí a bhfuil aitheantas tugtha acu don tábhacht a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do lánpháirtíocht rathúil – dóibh siúd atá ag iarraidh saol úr a thógáil anseo agus don phobal áitiúil atá ag cur fáilte rompu araon.
Tugaim cuairt ar bhailte, ar shráidbhailte agus ar chathracha go minic chun bualadh leis na daoine atá páirteach sna grúpaí seo agus feicim féin an réimse oibre dochreidte atá idir lámha chun tacú le daoine agus le pobail. Tá sé ríthábhachtach go leanfaidh an Rialtas leis ag tacú leis an obair iontach seo agus lena méadú.
Saibhríodh sochaí na hÉireann le hilchineálacht chultúrtha mhéadaithe agus ní mór dúinn a chinntiú go dtacaítear le himircigh i dtaca le lánpháirtíocht ghníomhach a ghlacadh i sochaí na hÉireann gan a bhféiniúlacht chultúrtha féin a ghéilleadh.
Is é an fógra seo i dtaca le maoiniú CLP an dara céim i sraith fógraí maoinithe atá ar na bacáin lena dtabharfar tacaíocht bhreise don obair iontach atá ar bun cheana ag pobail áitiúla i dtaca le fáilte a chur roimh dhaoine nua agus roimh chultúir nua.”
Conas is féidir iarratas a dhéanamh:
Is féidir le hiarratasóirí rochtain a fháil ar dhoiciméad treorach mionsonraithe agus foirm iarratais ar líne a chomhlánú anseo .
Is é an 8 Bealtaine 2024 ag 12 p.m. an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais.
Leis an Straitéis um Inimircigh a Chomhtháthú, leagtar amach gealltanas an Rialtais i dtaca le lánpháirtíocht na n-imirceach a chur chun cinn mar phríomhchuid d’athnuachan na hÉireann agus mar bhunphrionsabal de chuid shochaí na hÉireann. Cuirtear creat ar fáil leis an Straitéis i dtaca le réimse gníomhartha chun tacú le lánpháirtíocht iomlán na n-imirceach i saol na hÉireann.
Eascraítear Ciste Lánpháirtíochta na bPobal as Gníomh 51 de Straitéis Lánpháirtíochta na nImirceach, lena n-éilítear go gcuirtear maoiniú ar fáil do phobail áitiúla ar fud na hÉireann chun lánpháirtíocht na n-imirceach agus na ndídeanaithe a chur chun cinn. Ó cuireadh tús leis in 2017, tá tacaíocht tugtha ag Ciste Lánpháirtíochta na bPobal do bhreis is 820 tionscadal trí mhaoiniú deontais de luach €3.82m.
Aidhm na dtionscadal/na ngníomhaíochtaí
Tá an glao seo oscailte do ghrúpaí pobalbhunaithe áitiúla agus díreoidh sé ar 10 bpríomhthéama chun tacú le lánpháirtíocht na n-imirceach:
• Feasacht Idirchultúrtha;
• Ag Dul i nGleic leis an gCiníochas agus leis an tSeineafóibe;
• Spórt agus Cluichí Pobail;
• Na hEalaíona;
• Bia/Cócaireacht;
• Imeachtaí Pobail;
• Forbairt Acmhainne;
• Fostaíocht;
• Tionscadail don Aos Scoile;
• Imirceach Ban.
Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an gCiste tacaíocht a thabhairt d’imeascadh inimirceach agus an phobail óstaigh, ní mór go dtaispeánfaí i ngach iarratas go bhfuil sé de chumas ag an eagraíocht na pobail inimirceach agus óstacha araon a chuimsiú sna gníomhaíochtaí atá beartaithe. Is é €5,000 uasmhéid an deontais ar féidir iarratas a dhéanamh air agus is é €1,000 an t-íosmhéid.